Tionól na Saoránach: múnla cuí nó droim le fraigh?

Tá muid ag an bpointe anois nach líonfadh cainteoirí laethúla na Gaeilge Páirc an Chrócaigh

Foclóir: Straitéis – strategy; riarachán – administration; reachtaíocht – legislation; tionscnaimh – projects; claoine theangúil - lingual bias; laigí – weaknesses; seascaireacht – comfortable circumstances; anróiteach – severe; brústocaire - lobbyist; toilteanas – willingness; inacmhainne – affordable; géarchéim – crisis.

Ní fada anois go mbeidh muid i mblianta deiridh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Nuair a seoladh an straitéis in 2010, leagadh amach gníomhaíochtaí a bhain le cúrsaí oideachais, an Ghaeltacht, an teaghlach, riarachán, seirbhísí poiblí, na meáin, foclóirí, reachtaíocht agus stádas, chomh maith leis an saol eacnamaíochta agus tionscnaimh eile.

Cé go bhfuil dul chun cinn déanta i gcuid de na réimsí sin, bhí sé mar bhunsprioc líon na ndaoine a úsáideann an teanga gach lá a ardú go 250,000 faoi 2030. Bhí sé i gceist freisin an líon daoine a labhraíonn Gaeilge sa Ghaeltacht gach lá a ardú faoi 25 faoin gcéad ag an am céanna.

READ MORE

Ach is sa treo eile ar fad atá na huimhreacha tábhachtacha ag dul faraor agus is léir gur in olcas seachas i bhfeabhas atá cúrsaí imithe ó 2010 i leith.

Má táthar chun na spriocanna tábhachtacha teanga seo a bhaint amach go deo, beidh ar an gcóras Stáit a léiriú go bhfuiltear sásta a ndualgais reachtúla agus bhunreachtúla a chomhlíonadh.

Is ceart a rá go bhfuil go leor laistigh den státchóras a dhéanann obair na gcapall chun an teanga a chur chun cinn ach i bhfianaise na titime i líon na ndaoine a labhraíonn an teanga go laethúil, is ceart toilteanas agus dáiríreacht an Stáit a mheas ina iomláine.

Nuair a d’iarr an colúnaí seo ar an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin anuraidh ar chreid sí go raibh géarchéim sa Ghaeltacht, tugadh freagra fadálach ar an méid a bhí déanta aici ón am ar ceapadh í sa phost.

Dúirt sí go raibh €22 milliún breise ceadaithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ó 2020 i leith. Ach, fiú le freagrachtaí eile na roinne san áireamh, an mór an méid é €22 milliún i gcomhthéacs an €1,171,176,000 a leithdháileadh ar a Roinn ina iomláine i mBuiséad 2024 amháin?

Cé gur follas do phobal na Gaeilge, do thaighdeoirí agus acadúlaigh, do phleanálaithe agus do ghníomhairí teanga a bhfuil taithí na mblianta acu, go bhfuil éigeandáil thromchúiseach, phráinneach ann, níor thug an tAire le fios, bealach amháin nó bealach eile, gur chreid sí go bhfuil géarchéim ar bith ann.

Tá muid ag an bpointe anois nach líonfadh cainteoirí laethúla na Gaeilge Páirc an Chrócaigh. Mura géarchéim teanga é sin, ní lá go maidin é.

Níl aon amhras ann freisin ach go bhfuil stádas agus todhchaí na teanga i gcontúirt an-mhór sa chóras oideachais.

Ní heol dúinn go ndearna aon rialtas le beagnach leathchéad bliain anuas cinneadh go mbainfí an bonn ón teanga náisiúnta sa chóras oideachais, ach, mar sin féin táthar ann a deir go bhfuil sí á díothú de réir a chéile as an gcóras sin.

Níl tásc ná tuairisc ar pholasaí náisiúnta d’theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a bhfuil géarghá leis agus a gealladh sa chlár rialtais in 2020. Tá ardú as cuimse tagtha ar líon na díolúine ó staidéar ar an nGaeilge a ceadaíodh do dhaltaí faoi chóras sínteach an Aire Oideachais Norma Foley, agus níl soláthar cuí oideachais trí mheán na Gaeilge á cheadú ainneoin go bhfuil éileamh an-mhór air.

Ó thaobh na Gaeltachta de, tá creimeadh agus soláthar anróiteach tithíochta (i measc rudaí eile) ag cur brú ar an nGaeilge mar theanga labhartha phobail. Cé go bhfuil tús curtha le taighde ag Údarás na Gaeltachta ar bhealaí chun tithíocht inacmhainne a chur ar fáil, níl dé ná deatach ar pholasaí sonrach tithíochta don Ghaeltacht ón Roinn Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta.

Ní gá freisin ach súil a chaitheamh siar ar thuairiscí an Choimisinéara Teanga agus na cásanna a leagadh os comhair thithe an Oireachtais chun leid a fháil faoi thoilteanas ranna eile Stáit an teanga a úsáid ná a chur chun cinn.

Níos measa fós atá an scéal ó thuaidh, áit a bhfuiltear ag brath go huile agus go hiomlán ar shocrú a cheanglaíonn todhchaí theanga le próiseas corrach polaitiúil.

Frustrachas

Tá práinn le polasaithe cuimsitheacha oideachais agus tithíochta nua má táthar chun todhchaí inbhuanaithe a chruthú agus a mhúnlú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Ach ina n-éagmais sin, an ionadh ar bith é go mbeadh frustrachas ag méadú i bpobal na teanga?

Tá moltaí macánta déanta le déanaí gur chun leas na teanga agus na Gaeltachta a bheadh sé an Ghaeilge a chur faoi bhráid Thionól na Saoránach.

Trí chóras na dtionól tógann an rialtas 99 saoránach le chéile chun saincheisteanna tábhachtacha dlí agus beartais a phlé agus a bhreithniú agus chun moltaí a dhéanamh maidir leis na ceisteanna sin.

Tá dea-cháil ar an múnla go dtí seo agus is dócha gur dá bharr sin go bhfuil tóir air mar bhealach chun rud éigin dearfach a thionscnamh. Go nuige seo níor cuireadh i gcoinne chóras na dtionól agus d’éirigh leis an rialtas athruithe bunreachta a chur i bhfeidhm leis an gcur chuige.

Ach, d’ainneoin sheascaireacht an mhúnla, cén toradh a bheadh air dá gcuirfí todhchaí na teanga faoi bhráid tionóil? An ndúiseodh sé an Stát as a shuan? An iompódh sé meon an chórais?

Nó, an bhfuil baol ann go bhféadfadh iarmhairtí neamhbheartaithe a bheith mar thoradh ar phróiseas mar é?

Tá forbairt á dhéanamh i gcónaí ar chóras na dtionól agus dá bhrí sin athraíonn cuid den chomhdhéanamh agus de na socruithe eagrúcháin ó thionól go tionól. Ach is dóigh gur cuid dhílis de anois é go roghnaítear an 99 comhalta den tionól ar bhonn randamach agus go mbíonn siad ionadaíoch ar bhealach den daonra ar fad maidir le tíreolaíocht, le hinscne agus le dáileadh aoise.

Ní cosúil go roghnaítear iad ar bhonn teanga - rud a mbeadh gá leis chun claoine theangúil na gcomhaltaí a sheachaint.

An rialtas a bhunaíonn gach tionól. An Taoiseach a ainmníonn an Cathaoirleach. An rialtas agus Tithe an Oireachtais a shocraíonn na saincheisteanna agus is é an rialtas, ar ndóigh, a shocraíonn cé acu de mholtaí an tionóil a dhéanfar dlí díobh nó a chuirfear i mBunreacht na hÉireann tar éis refrinn. Roghnaítear saineolaithe chun comhairle a chur ar an tionól.

D’fhéadfadh go mbeadh deis ag eagrais aighneachtaí a chur faoi bhráid an tionóil, cé nach mbíonn cead páirt a ghlacadh mar chomhaltaí ag aon dream a d’fhéadfaí ‘brústocairí’ a thabhairt orthu de réir an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015.

Maidir le stádas na Gaeilge i mBunreacht na hÉireann is féidir inmharthanacht an stádais sin a chur in amhras dá gcuirfí saincheist na Gaeilge faoi bhráid tionóil den chineál a bhí ann roimhe seo.

Cuimhnigh nach bhfuil sé i bhfad ó a dúirt an Taoiseach Leo Varadkar ag Ard Fheis Fhine Gael go gcaithfear a bheith toilteanach machnamh a dhéanamh ar ról agus stádas na Gaeilge má tá Éire Aontaithe le bheith ann amach anseo.

De réir ráiteas an Rialtais in 2006 i leith na Gaeilge, glactar leis gur Stát dátheangach í Éire arb í an Ghaeilge an teanga náisiúnta agus an chéad teanga oifigiúil de réir Ailt 8 de Bhunreacht na hÉireann.

Nárbh fhearr i bhfad tabhairt faoi bhealaí eile chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh an Rialtas agus an Stát na dualgais reachtúla atá orthu, seachas stádas bunreachtúil na teanga a chur i mbaol?

  • Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
  • Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
  • Our In The News podcast is now published daily – Find the latest episode here

Read More

Recommended