Ag an gCrosbhóthar

Chualathas an rap i gcéin is i bhfad.

Bhí timpiste ghránna ag an gcrosbhóthar. Maraíodh scata ach níorbh fhios cé a bhí ciontach. B’éigean fiosrú.

Anoir a tháinig an tAire Tithíochta agus Lonnú Daoine ina ghluaisteán mór galánta Seapánach ar íoc lucht airgid isteach air. Bhí comhad mar gheall ar thuairimí vótála a cheantair féin á mheas aige, agus tuairisc ar an nganntanas tithíochta ar an urlár faoina chosa. Chaithfí aghaidh ar thabhairt ar an ngad ba ghaire don scornach. Bhí sé ag smaoineamh ar an mbéile isteach a fuair sé aréir ón ngiolla bóthair ón mBrasaíl a dhein é a sheachadadh chuige in ainneoin gur chuala sé uaidh gur dhóbair dó ó dhaoine dúchais a bhí ag iarraidh an bia a bhaint de. Ní fhaca a thiománaí Polannach na gluaisteáin eile a bhí ag teacht aniar, aduaidh agus aneas ag an gcrosbhóthar. Chualathas an rap i gcéin is i bhfad.

Aneas a tháinig an tAire Talmhaíochta, Portaigh agus Uisceolaíochta ar a rothar glas a déanadh cúpla milliún aermhílte thoir sa Téaváin. Bhí tuirse uirthi mar bhí sí go díreach tar éis filleadh ón gcruinniú mullaigh cruinneolais chruinne in Dubai mar gheall ar théamh an domhain cé nárbh ar naomhóg a chuaigh sí ann ag rámhaíocht. Bhí tuairisc á léamh aici ar a fón thar a bheith cliste a raibh codanna ann a bailíodh ó shloc dorcha sa Chongó agus a bhfuair iliomad páistí bás de dheasca na sclábhaíochta arbh é a dhein an gléas chomh saor sin.

Ní fhaca sí an gluaisrothar ag iompórtáil fear óna dáilcheantar féin go mídhleathach agus é ag teacht ar luas a dhein lasracha faoina déin. Chualathas an tailm i bhfad is i gcéin.

READ MORE

Aniar a tháinig an tAire Cailce, Ríomhairí, Meán Sóisialta, Giuirléidí Nua agus Oideachais ina chairt mhór throm a shúfadh an ola as an talamh chomh gasta le scairdeitleán ar a ruathar timpeall na cruinne. Bhí páipéir á léamh aige mar gheall ar ghearáin mhúinteoirí nach bhféadfadh teach a cheannach sna bailte móra go fiú is dá mbeadh siad pósta le múinteoir eile, nó le feirmeoir, nó le Garda Síochána féin. Bhain sé sult thar a bheith mór as seo, mar ba mhúinteoir tráth é ar tháinig ciall chuige, agus dhein sé gáire ciúin a bhainfeadh ramsach as pábháil an bhóthair mura mbeadh neart an ghluaisteáin a bhí faoina thóin. Ní fhaca a thiománaí as an Úcráin an leoraí a bhí á thiomáint ag duine óna cheantar féin ar deoraíocht san ardchathair agus a dhein iombhualadh glan néata isteach ina shoc go díreach. Chualathas an búm búm búm tamall fada ón láthair.

Aduaidh a tháinig an tAire Maoine, Sealúchais, Speilpe, Bancanna a Shábháil agus Caipitleachas na gCearrbhach. Ar a shlí isteach ón aerfort a bhí sé tar éis dó freastal ar chruinniú de zilliúnaithe an domhain agus bhí na bronntanais a sáirsingíodh air á muirniú go sásta aige ar chúl an Mheirc. Bhí deachuimhne aige ar na síceanna agus ar bharúin na cruinne a casadh uime feadh an ama agus ar na bianna breátha blasta a leag giollaí as tíortha céine eile os a chomhair cé gurbh fhearr leis cabáiste baile agus prátaí rósta. Ní fhaca an tiománaí tacsaí an neach a shiúil amach gan choinne luchtaithe le féiríní Nollag nárbh fhéidir iad a iompar ar an méid díobh a bhí ann, agus a caitheadh san aer fara na beartanna go léir nuair a theangmhaigh sé le boinéad an ghluaisteáin. Bhí toradh an airgid scaipthe ar fud an bhóthair.

B’éigean binse fiosraithe oifigiúil a chur ar bun d’fhonn cúis agus tosca na dtimpistí seo a thaighdeadh is a thuairisciú.

Níor thóg sé rófhada. Bhí na breithimh urramacha ar aon fhocal.

Inimircigh ba chúis leis an trioblóid go léir.

  • Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
  • Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
  • Our In The News podcast is now published daily - Find the latest episode here

Read More

Recommended