Colún na marbh: Manchán Magan - Siúlach scéalach a rinne iontas den dúchas agus den dúlra

Spreag sé chuile ghlúin chun dul i ngleic níos doimhne leis an nGaeilge, a dúirt an tUachtarán

Manchán Magan. Photograph: TG4
Manchán Magan. Photograph: TG4

Dáta a bhreithe: 20 Lúnasa, 1970

Dáta a bháis: 2 Deireadh Fómhair, 2025.

Nuair a bhí Manchán Magan ina fhear óg ag taisteal na cruinne sna 1990idí, bhain sé na Himiléithe amach agus é san India. I mbaile beag go hard sna sléibhte, chuir sé faoi i seanchró beithíoch. Ní fhéadfadh an lóistín a bheith mórán níos bunúsaí. Ach bhí radhairc dhochreidte aige ar Nanda Devi, an dara sliabh is airde san India agus áit ar leith i dtaobh na miotas de.

Ba ansin a tháinig a dheartháir, Ruán, air. Bhí cúlra scannánaíochta ag Ruán agus bhí sé tar éis coimisiún beag a fháil ó Theilifís na Gaeilge, TG4 mar atá sa lá atá inniu ann, chun físdialann ghearr a dhéanamh ar an nGael rómánsach a thug droim don saol comhaimseartha ar mhaithe leis na Himiléithe. “Chuaigh mé go dtí an India chun físdialann a dhéanamh ach tháinig mé abhaile le dhá scannán faisnéise,” a deir Ruán Magan.

Ba thús a bhí ann le comhpháirtíocht thairbheach, Manchán os comhair na gceamaraí teilifíse agus Ruán ar an taobh eile díobh. Rinneadar thart ar 60 clár teilifíse, ag treabhadh goirt nua i gcraoltóireacht na Gaeilge. Rinne na cláir agus a chuid scríbhneoireachta seoid náisiúnta de Mhanchán Magan, a bhásaigh le gairid de bharr ailse.

Ní gnáthphearsa meáin a bhí san fhear seo a ndearnadh cur síos air mar ‘bhailitheoir solais’. Bhain sé cáil amach, ní mar dhuine féinchúiseach ná faiseanta, ach mar dhuine croíúil, leathanaigeanta, a raibh stór na mblianta d’fhoghlaim teangan aige agus a chur chuige praiticiúil féin mar a bhain sé lena chuid luachanna éiceolaíochta. Bhí comhbhá dhomhain aige le pobail dhúchasachafud fad na cruinne.

Manchán Magan was a great man for a video message. You’d never know what you might getOpens in new window ]

Ina chuid scríbhneoireachta, a chuid seónna aonair, agus a chuid oibre ar raidió agus ar phodchraoltaí, bhí a chuid fiosrachta spreagúla le sonrú, mar a bhí grinn tuiscintí cultúrtha agus rúndiamhair an tsaoil féin. Dúradh ag a shochraid gur mhair sé leis an bhfios go raibh “loinnir taobh istigh de chuile rud saolta”.

“Spreag Manchán an oiread sin daoine lena chuid saothar, i measc chuile ghlúin, chun dul i ngleic níos doimhne lenár dteanga dhúchais agus lena saibhreas cultúrtha, agus tríthi sin, chun ceangal a dhéanamh lenár dtírdhreach nádúrtha agus lenár dtimpeallacht, meas a léiriú orthu agus foghlaim uathu,” a deir an tUachtarán, Micheál D Ó hUigínn i ráiteas ar bhás Magan.

Rugadh Magan in 1970 agus tógadh le Gaeilge é i nDomhnach Broc, Baile Átha Cliath. Ba raideolaí in Ospidéal San Séamas é a athair, Michael, nach maireann. Is iníon í a mháthair, Cróine, le Sighle Humphreys, poblachtánach aitheanta a ghlac páirt i gCogadh na Saoirse agus a bhí in aghaidh an Chonarthasa Chogadh Cathartha.

Buachaill ciúin a bhí ann a bhí sona sásta ag spraoi sa pholl gainimh sa ghairdín. Agus é ina ghasúr, chaith sé saoire an tsamhraidh i nGaeltacht Corca Dhuibhne i gCo Ciarraí, i dteach a thóg muintir a mháthar ar an Muiríoch. B’inspioráid dó an teanga agus an tírdhreach a bhí mórthimpeall air.

Manchán Magan found wonder everywhere, mourners hear at funeral full of music and poetryOpens in new window ]

D’fhreastail sé ar Choláiste Gonzaga, Raghnallach. Ag a shochraid i séipéal an choláiste, dúradh go raibh gean speisialta aige ar chrann aoibhinn feá rua ar thailte na scoile, comhartha luath sa saol den iontas leanúnach a dhéanadh sé don dúlra. Chuaigh sé as sin go Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, áit ar bhain sé céim amach sa Ghaeilge agus sa stair.

Tar éis dó a chéim a bhaint amach, chuaigh sé ag taisteal ar fud na cruinne, ag tabhairt aghaidh ar Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, nó an tSáír mar a tugadh air ag an am. Spreag an turas seo a leabhar, Manchán ar Seachrán. Aistríodh go Béarla é ina dhiaidh sin faoin teideal, Truck Fever.

De réir mar a neartaigh an obair teilifíse, neartaigh an taisteal. Chuaigh na deartháireacha i mbun scannánaíochta i Meiriceá Theas agus chuaigh go dtí an tSín nuair a d’oscail an tír sin a cuid doirse do na meáin idirnáisiúnta. Ar thuras sa Mheánoirthear, bhí siad i Ramallah ar an mBruach Thiar nuair a thosaigh an dara Intifada, nó éirí amach, Palaistíneach sa bhliain 2000.

I measc na scannán faisnéise a rinneadar sa bhaile, bhí No Béarla, inar thaisteal Magan ar fud na hÉireann chun fáil amach an bhféadfadh sé maireachtáil trí Ghaeilge amháin.

Ba í Sighle Humphreys ábhar an scannáin faisnéise, The Struggle. Maraíodh a uncail, Ua Rathaille, le linn Éirí Amach na Cásca in 1916. Gaol aitheanta eile dá chuid ab ea Aogán Ó Rathaille, file de chuid na mbard a rugadh in 1670.

Agus Magan fós ina chuid fichidí, thóg sé a theach féin ar thalamh a cheannaigh sé i Cummerstown, Contae na hIarmhí. Cheannaigh sé burlaí féir ó fheirmeoir áitiúil, leag amach iad i mblocanna agus phlástráil iad le haol agus gaineamh. Nuair a tháinig an t-am teach eile “níos groíúla” a thógáil, leag sé an chéad cheann go talamh agus dhíol na burlaí féir ar ais leis an bhfeirmeoir.

Bhí bá ag Magan le crainn agus leis an athdhúlrú, mar a thugtar ar iarrachtaí stráicí talún a chur ar ais ar an bhfiántas. Idir dair, mailp, learóg agus péine Albanach, chuir sé míle crann thimpeall an tí, chomh maith le húllord de dhaichead crann torthaí. Chuaigh sé ag snámh ar bhonn laethúil, beagnach, in aici láimhe i Loch Léinn.

Sheas sé don Chomhaontas Glas i ndáilcheantar an Longfoirt agus na hIarmhí in olltoghchán 2016, agus chuir sé in iúl go raibh sé ag tabhairt faoin bpolaitíocht ar mhaithe le “dearcadh nua” a chothú faoi dheiseanna an cheantair. D’fhág a 1,102 vóta céadrogha, nó 1.99 faoin gcéad den iomlán, nár bhain sé suíochán amach.

Ba í an Ghaeilge an chloch ba mhó ar a phaidrín i gcaitheamh a shaoil. Ach bhain sé clú ar leith amach in 2020 le 32 Words for Field – Lost Words of the Irish Landscape, leabhar inar fhiosraigh sé an bun-nasc idir an teanga agus an tírdhreach nádúrtha.

I réamhrá nua a scríobh sé don eagrán idirnáisiúnta den leabhar sárdhíola seo, rinne sé cur síos ar an gcaoi ar chreid sé gur baineadh leas as focail, ní hamháin chun cur síos a dhéanamh ar rudaí, ach chun iad a mhúscailt chun beatha.

“An Ghaeilge, to give it its proper title (or Gaelic, as it’s called outside Ireland), is a complex and mysterious system of communication. It has encoded within it the accumulated knowledge of a people who have been living sustainably on these rocky, verdant Atlantic islands for millennia,” a scríobh sé.

“As a result, it is profoundly ecological, with an innately indigenous understanding that prioritises nature and the land above all things. Equally important is its ability to convey the magic that our ancestors perceived in the natural world and the otherworldly realms that surround it.”

Foilsíodh leabhar nua leis, 99 Words for Rain (and One for Sun), roinnt seachtainí roimh a bhás. In aiste sa nuachtán seo an mhí seo caite, scríobh sé faoin “tobar dochreidte saibhir d’fhocail aimsire” sa Ghaeilge.

“The word for a sudden, heavy shower is spairn; as opposed to sprais, a sudden, heavy, spattering shower; or búisteog, which is simply a sudden shower; or múirling, a sudden heavy shower that moves like a wall of water; or liongar ceatha, a particularly nasty sudden shower; or tuile shléibhe, a sudden shower near a hillside,” a scríobh sé.

I measc leabhair eile dá chuid, bhí Listen to the Land Speak, Tree Dogs, Wolf Men and Water Hounds, agus Brehons and Brahmins, staidéar ar na naisc idir cultúr na hÉireann agus an India.

Tháinig athrú ó bhonn ar shaol Magan 12 bhliain ó shin nuair a bhuail sé le Aisling Rogerson, úinéir an chaifé Fumbally sna Saoirsí, Baile Átha Cliath. Tar éis dóibh casadh ar a chéile den chéad uair in Inis Oírr, bhronn sé cóip dá leabhar, Angels and Rabies, uirthi. Bhí sí “faoi gheasa i ngrá” faoin am gur chríochnaigh sí an leabhar.

Phós siad sa Fumbally i mí Meán Fómhar. Ar filleadh dóibh go hOspidéal San Séamas, chuaigh sé chomh mór sin i bhfeidhm orthu go raibh mar a bheadh svuít nua lánúine déanta ag foireann an ospidéil de sheomra Magan, le bláthanna agus champagne.

Bhí dlúthchairde ag Magan ar fud na cruinne, ceoltóirí, filí agus scríbhneoirí ina measc. Ach thaitin a chomhluadar féin leis freisin, chomh mór agus go bhfacthas é mar aonarán, ach aonarán ar thaitin comhluadar leis.

Ag caint di ar a shochraid, rinne Aisling Rogerson cur síos ar mar a bheadh “lá den scoth” ag Magan, ag tosú amach le siúl na talún agus na cearca a bheannú. Tháinig bricfeasta ina dhiaidh sin, pota tae glas, agus obair ar an ríomhaire ansin. Arán taos géar agus “sailéad ón ngarraí” a bhí ann don lón. Tar éis dó tabhairt faoi thuilleadh scríbhneoireachta, rachadh sé amach chun cúram a dhéanamh do ghlasraí agus plandaí, chun dul ag snámh agus chun adhmad a thabhairt isteach don tine. Bhí sé in am ansin aghaidh a thabhairt ar an dinnéar. “É seo ar fad ina aonar, dá mbeadh an rogha sin aige,” a deir sí.

Read the English language translation of this obituary.