Na cranna foirtil agus an céadar

Seasann an crann an fód – an féidir linn foghlaim uaidh?


Cad a dhéanfaimis feasta gan chrainn?

Is iomaí slí a chuireann siad le saol an duine. Ach dá sheasmhaí iad, ní bhíonn siad saor ó bhagairt.

Is mó tír a bhfuil crann de chineál éigin roghnaithe mar shiombail náisiúnta acu. Seasann tír amháin amach, áfach, as an aitheantas atá tugtha do chrann faoi leith i saol na tíre sin.

grianghraf: getty images/istock
grianghraf: getty images/istock

Is í an tír ná an Liobáin, agus is í an crann ná an cedrus libani, Céadar na Liobáine.

READ MORE

Agus, rud eile, is í seo an t-aon tír ina bhfuil an céadar roghnaithe mar chrann náisiúnta, murab ionainn agus an dair mar shampla, atá roghnaithe ag mórán.

Ullmhúchán ar thuras chun na Liobáine an tseachtain seo a thug orm léamh faoin gcrann seo. Seasann sé go maorga ar bhrat na tíre mar shiombail ar an láidreacht agus an bua ar an mbás – nó an do-mharaitheacht.

Tá léiriú maith airsean sa líne (aistrithe) seo ón amhrán náisiúnta, Koullouna Lil Watan (don tír an uile ní), "Is é an céadar glóire na tíre, maireann sé go deireadh ré."

‘Arz’ nó ‘Ars er rubb,’ (Céadair an Tiarna) a thugtar air san Araibis, agus tá go leor tagairtí dó i logainmneacha na tíre, Arz el Barouk,’ mar shampla.

‘Erez’ atá air san Eabhrais ón bhfréamh ‘kedros’ a chiallaíonn ‘láidir’. Tógadh isteach sa Bhéarla é mar ‘cedar ‘, agus uaidh sin go ‘céadar’ sa Ghaeilge.

Tá mórán tagairtí dó sa Bhíobla, agus cáil ar an adhmad crua mar ábhar tógála, mar shampla, chun teampall agus pálás Sholaimh a thógáil. Eisean a d’ainmnigh “Rí na gCrann” é.

Tá saothrú déanta ar an gcrann i bhfoinsí eile liteartha ó shin, an t-amhrán ó U2 mar shampla, Cedars of Lebanon, a dhéanann tagairt don chogaíocht sa réigiún.

Maidir leis an gcrann féin, tá leagadh déanta ar mhórán acu thar na blianta, chun longa agus iarnróid a thógáil go mórmhór, ach tá cosaint á déanamh orthu na laethanta seo sna coillte caomhnaithe.

Ar chuma éigin, dán óna mhalairt ghlan de chomhthéacs a thagann chun cuimhne chomh maith agus an machnamh seo ar an chéadar tosnaithe roinnt laethanta ó shin – Cranna Foirtil le Máirtín Ó Direaín.

Na crainn a déarfadh cuid again, ach tá an dá iolra – cranna agus crainn – cruinn mar a déarfá!

Ach cad faoin bhfocal eile? Dhealródh ó chuardach tapaidh ar-líne ar eDIL go bhfuil raon leathan de bhríonna ag baint le ‘foirtil’ – láidir, neartmhar, in uachtar, buacach, cumasach nó éifeachtach.

Brí an chéadair

Agus iontas na n-iontas, nach é sin is brí leis an chéadar do phobal na Liobáine?

Agus cad é foinse na foirtile seo?

Cá bhfuil sí ar fáil?

Dar le Ó Direáin gurb iad na cranna foirtil na hiarsmaí den chultúr dúchasach a mhaireann fós i saol an duine. Díríonn sé go speisialta ar na gnásanna a d’úsáidtí lena linn in Árainn i dtógáil agus i gcúram an linbh óig sa chliabhán.

Tugann sé roinnt samplaí de na “cranna cosanta” seo – na nithe a cuireadh thart ar chliabhán an linbh in Árainn, mar chosaint ar thubaistí.

Mar sin, ní crainn láidre sa ghnáthchiall atá i gceist in aon chor aige, ach crainn de shórt eile, agus láidreacht de shórt eile.

Ait le rá, in áit eile sa dán tugann sé “cranna caillte” ar na nithe seo. Ach, más nithe caillte nó feoite féin iad, tá neart agus cosaint iontu fós. Molann Ó Direáin don leanbh sa chliabhán, “luigh ar do chranna foirtil” agus fanacht dílis don dúchas agus don fhís.

Is fada óna chéile iad an Liobáin agus na hoileáin Árann. Agus is fada óna chéile na crainn atá i gceist.

Is glas iad na crainn i bhfad uainn sa Liobáin. Síorghlas atá siad, ag fás ó cheann ceann na bliana, agus na buaircíní ag féachaint in airde i dtreo na bhflaitheas.

Ach níl aon cheann de na crainn seo saor ó bhagairtí, bíodh sé thoir nó thiar, liteartha nó meafarach.

Tá sé ráite go síneann na fréamhacha chomh doimhin sin gur féidir leis an chéadar fás chomh hard agus chomh láidir. Agus cúrsaí cultúir?

Dhealródh gur gaire an dá chomhthéacs ná mar a cheapfaí, agus go bhfuil ábhar machnaimh ann chun an fód a sheasamh, ag féachaint siar agus soir agus ag féachaint romhainn. Is léachtóir é Cathal de Paor i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Tá sé ar turas teagaisc chun na Liobáine faoi láthair, turas atá maoinithe ag an gclár Eorpach Erasmus+, á riaradh ag an Údarás um Ardoideachas