Tá nath cainte sa Ghaeilge: Beatha teanga í a labhairt.
D’fhás mise aníos ag labhairt na Gaeilge. Is trí mheán na Gaeilge a teagascadh mé sa Naíscoil agus sa ghaelscoil. D’fhreastal mé ar Ghaelscoil Uí Dhochartaigh ar an Srath Bán le mo shiblíní agus cúigear colceathracha. An t-oideachas agus saol cultúrtha céanna a bhí againn. Ní raibh ár dtuismitheoirí ina gcainteoirí Gaeilge ach d’aithin siad luach na teanga agus bhí meas acu ar na deiseanna a thabharfadh oideachas trí mheán na Gaeilge dúinn. Deir cairde liom go minic gur bhreá na deiseanna céanna a bheith acu.
Chuaigh an t-eispéireas teanga a bhí agam go mór i bhfeidhm orm agus ar an dearcadh atá agam ar an saol. Thug sé tuiscint dom ar an tábhacht a bhaineann le teanga agus cultúr. Ó aois óg, is cuimhin liom go raibh tuiscint chultúrtha agam agus gur mhothaigh mé thar a bheith bródúil mar go raibh mé ábalta saol trí Ghaeilge a bheith agam. Mar Ghael óg, ba mhian liom a bheith ag comhrá trí Ghaeilge agus an teanga a úsáid lasmuigh de theorainneacha nádúrtha na scoile agus an bhaile. Agus mé ag fás aníos i mbaile beag sa Tuaisceart, a bhí chun tosaigh in athneartú agus athnuachan ár dteanga agus cultúr de, bhí an t-ádh liom go raibh mé in ann na buanna teanga agus cultúir sin a chleachtadh le mo chairde.
Agus mé sna déaga bhí mé i gcroílár pobal beoga Gaeilge agus fuair mé tuigbheáil níos doimhne ar mo chultúr agus m’fhéiniúlacht féin. Thuig mé go raibh sé sin fréamhaithe ionam. Ní raibh deis agam freastal ar iar-bhunscoil lán-Ghaeilge, rud a chuireann aiféala orm. Ach thuig mé go raibh orm an nasc sin a chothú ag aois a dó dhéag thosaigh mé ar ranganna Gaeilge. D’fhreastail mé ar ranganna oíche sa Droichead, ionad cultúrtha Gaeilge i mBéal Feirste, áit a ndearna mé mo scrúdaithe an GCSE agus A-leibhéal. Chaith mé seal ag obair sna scéimeanna samhraidh le Gaeil óga eile ansin. Le blianta beaga anuas, thug an Ghaeilge deiseanna fostaíochta dom. Fuair mé taithí ar óráidíocht phoiblí, agus d’éirigh liom píosa beag a dhéanamh ar fhógra teilifíse! Bainim úsáid as an teanga go rialta le Gaeilgeoirí eile agus mé ag obair agus i ngnáthchaitheamh mo shaol.
Gladiator II review: Don’t blame Paul Mescal but there’s no good reason for this jumbled sequel to exist
What will €350,000 buy in Greece, Italy, France, Portugal and Galway?
Spice Village takeaway review: Indian food in south Dublin that will keep you coming back
What time is the Katie Taylor v Amanda Serrano fight? Irish start time, Netflix details and all you need to know
Spreag an nasc sin le mo theanga suim i dteangacha eile. Nuair nár thug mo mheánscoil féin deis ar bith dom teangacha a dhéanamh ar scoil, chinn mé go ndéanfainn an Ghaeilge agus an Fhraincis a fhoghlaim taobh amuigh d’am scoile. Nuair a d’fhreastail mé ar an ollscoil i Learpholl ghlac mé an Bhascais go deonach mar mhodúl breise sa chéad bhliain. Chuir taithí shaibhir teanga agus cultúr go mór le mo thuiscint agus mo thuigbheáil ar an ilchinéalacht agus ar chultúir eile. Agus d’éirigh liom mo theanga a scaipeadh go bailte eile i bhfad uainn i bhFidsí, áit ar obair mé go deonach le cúpla samhradh anuas. Tá mé le himeacht go dtí an Meánoirthear ar an bhliain seo chugainn agus an chéad stad a bheas agam sa turas ná Ciorcal Comhrá i nDoha, a thosaigh mo chol-ceathrar le cúpla Gael eile.
Tugann athbheochan na Gaeilge ar an oileán seo – ach go háirithe sa Tuaisceart - ardú croí dom. Tá borradh 70 faoin gcéad ar an Ghaeloideachas le deich mbliana anuas. Léiríonn seo go bhfuil níos mó pobal ag foghlaim agus ag caitheamh a saoil trí Ghaeilge. Chuir mo ghlúin leis an athbheochan seo agus is muidne cuisle na héabhlóide teanga seo anois. Is teanga nua-aimseartha í an Ghaeilge atá ag fás go gasta agus a dtig le gach duine glacadh léi.
Tá an óige thar a bheith tábhachtach san athbheochan. Léiríonn an t-ardú ar úsáid na Gaeilge ar ardáin na meáin shóisialta, Instagram agus Tiktok ach go háirithe, an bheocht agus an t-éileamh i measc an phobail agus an ról atá ag an Ghaeilge sa chultúr príomhshrutha. Tá sí bogtha go dtí príomhshruth ár saolta mar chuid de ghnáthchaitheamh an tsaoil agus mothaím go bhfuil sin fuascailteach. Is linne an teanga bheo beithíoch seo atá ionchollaithe i gcultúr na hóige le grúpaí ar nós na rapálaithe Kneecap. Tá na healaíona, polaitíocht agus gníomhaíochas nasctha trína gcuid ceoil a labhraíonn le daoine óga, agus ní amháin le Gaeilgeoirí cosúil liom féin, ach le cainteoirí an Bhéarla fosta. Tá cumhacht na scéalaíochta agus an cheoil seo le feiceáil sa scannán le Kneecap, an chéad scannán Gaeilge riamh atá le taispeáint ag an US Sun Dance Film Festival. Tá an infheictheacht sin ríthábhachtach domsa agus do Ghaeilgeoirí eile.
Cuireann an Ghaeilge leis an tuiscint atá agam ar an tábhacht atá le cearta agus an fheachtasaíocht fána gcoinne. Tá go leor, leor, eile le déanamh chun aitheantas ceart, comhionnanas agus luach saothair a bhaint amach don teanga.
Tá cosaint tuilte ag an teanga le cinntiú go dtig leis an fhás leanstan ar aghaidh, go dtig léi a bheith in úsáid ar fud an tsochaí agus go bhfuil gá le hionadaíocht do chainteoirí Gaeilge in institiúidí agus seirbhísí poiblí. Spreag mo dhearcadh láidir ar m’fhéiniúlacht agus ceartas sóisialta mé a bheith bainteach leis an ngníomhaíochas pobail ó aois óg agus a bheith ag feachtasaíocht ar son cearta teanga don Ghaeilge agus athruithe sóisialta eile. Ní thiocfaidh athrú ar sin. San idirthréimhse, déanfaidh mé ómós do na glúnta a chuaigh romham agus dá dtabhartais ar son na Gaeilge le cinntiú gur Gael mise inniu.
An Ghaeilge – Labhair í agus mairfidh sí.
Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Our In The News podcast is now published daily – Find the latest episode here