“Tá sé chomh drámatúil le haon chlár a fheicfidh tú ar Netflix. Dá scríobhfadh duine éigin an scéal seo, bheadh daoine a rá go raibh sé iomarcach - tá an fhírinne níos aistí agus níos iontaí ná aon fhicsean.”

Sin mar a rinne an craoltóir Cormac Ó hEadhra cur síos ar scéal Bhinse Fiosrúcháin Moriarty a thug faoi iniúchadh a dhéanamh ar chúrsaí airgeadais an Teachta Dála Michael Lowry agus an iarThaoisigh Charlie Haughey, sin agus ar an gcaidreamh a bhí acu le fir ghnó rathúla ar nós Ben Dunne agus Denis O’Brien.
Ach tá tábhacht nua ag baint leis an imghabháil cánach, na híocaíochtaí mí-oiriúnacha agus an mhí-úsáid cumhachta a líomhnaíodh sa tuairisc. Is é sin de bharr go raibh dlúthbhaint ag Michael Lowry sna hidirbheartaíochtaí chun rialtas nua a chruthú ag tús na bliana seo nuair a bhí Fianna Fáil agus Fine Gael ag lorg tacaíochta ó Theachtaí neamhspleácha.
I gclár nua dhá chuid do Scannal, casfaidh Ó hEadhra le hiriseoirí, dlíodóirí agus iarpholaiteoirí chun súil a chaitheamh siar ar an mbinse fiosrúcháin a rinne iniúchadh ar chuid de na daoine ba chumhachtaí i saol na polaitíochta agus an ghnó in Éirinn.
RM Block
“Tugann sé deis don phobal féachaint ar an scéal ina iomláine. Déanann sé comhthéacsú iontach, dar liom,” a deir Ó hEadhra.
“Rinne an fhoireann go leor oibre chun na píosaí cartlainne a thabhairt le chéile, na hiriseoirí a bhí páirteach sa mbinse fiosrúcháin agus na hiarpholaiteoirí a fháil freisin. Bhí go leor oibre ag baint leis, ach sílim go bhfuil sé an-mhaith.”
“Do dhuine ar bith atá ann ag aois faoi leith, nach bhfuil cuimhne acu ar an mBinse Fiosrúcháin, bainfear stangadh astu.”

I mí na Samhna 1996, bhris an t-iriseoir Sam Smyth ón Irish Independent scéal a chuir iontas ar an tír.
Thuairiscigh sé gur íoc Ben Dunne - ón teaghlach ar leo Dunnes Stores - as síneadh a cuireadh le teach Michael Lowry, a bhí ina Aire Cumarsáide ag an am. Ní raibh sé i bhfad go dtángthas ar ainm an iarThaoisigh Charlie Haughey i scéal fada íocaíochtaí Ben Dunne freisin.
Nuair a bunaíodh an Binse Fiosrúcháin in 1997, cuireadh de chúram air a fháil amach an raibh tionchar ag an airgead a fuair an bheirt pholaiteoirí ar aon chinntí polaitiúla a bhí déanta acu, lena n-áirítear an bhaint a bhí ag an Aire Lowry le bronnadh conspóideach an dara ceadúnas brabúsach fón póca ar chomhlacht Denis O’Brien, ESAT Digifone, in 1995.
Ina chonclúid in 2011, chinn an Binse gur “shlánaigh” Lowry an ceadúnas do chomhlacht O’Brien agus rinne sé géarcháineadh ar an iarAire as an “mí-úsáid shoiniciúil shocheannaithe” a bhain sé as an oifig.
Dar le Ó hEadhra, tá sé fiúntach fós iniúchadh a dhéanamh ar na conspóidí a d’fhiosraigh Moriarty.
“Tá sé thar a bheith tábhachtach an fhírinne a chur amach os comhair an phobail agus a rá ‘níl sé seo as dáta’,” a deir an craoltóir.
“Spreagann sé ceisteanna dar liom faoin bpolaitíocht mar a bhí agus faoin bpolaitíocht mar atá sé díreach inniu.
“Sin é an fáth go bhfuil fiúntas mór ag baint leis an gclár. Tugann sé deis don phobal breathnú air, suí síos agus breathnú ar na fíricí ar fad agus ansin machnamh a dhéanamh.”
Síleann Ó hEadhra freisin go bhfuil baint fós ag téamaí an chláir faisnéise le polaitíocht an lae inniu agus an rialtas reatha i gcumhacht le tacaíocht ó ghrúpa polaiteoirí neamhspleácha a bhí faoi stiúir Michael Lowry.
“Micheál Martin a bhí ar dhuine de na daoine sinsearacha ag an am nuair a tháinig an tuarascáil amach a bhí ag rá gur chóir do Michael Lowry éirí as,” a deir Ó hEadhra.
“Tá cineál rud an-aisteach ag tarlú mar tá [páirtithe an rialtais] ag rá, ‘Glacann muid go huile agus go hiomlán le conclúidí an Bhinse Fiosrúcháin ach fós féin, táimid sásta dul i gcomhpháirtíocht le Michael Lowry’.
“Cuireann sé líne dhearg faoin gcodarsnacht idir an dá rud seo. Tá sé an-deacair é sin a réiteach i d’aigne - sin ceist mhór mhillteach do pholaitíocht an lae inniu.”
Freisin, aithníonn Ó hEadhra go ndéanann daoine ceangal áirithe idir na fadhbanna níos leithne atá in Éirinn inniu – cosúil leis an ngéarchéim thithíochta agus éagothroime – agus scannail pholaitíochta a tharla le linn ré an Bhinse Fiosrúcháin.
“Mothaíonn daoine go bhfuil easpa cothromaíochta ann sa tsochaí. Mothaíonn daoine go bhfuil an scoilt idir daoine a bhfuil saibhreas acu agus daoine nach bhfuil tada acu ag fás,” a deir Ó hEadhra.
“Tá cairde agamsa atá níos óige agus deir siad, ‘Ní bheidh teach agamsa go brách, níl mé in ann cíos a íoc, táimse fós sa mbaile’ – agus ceanglaíonn siad líne dhíreach idir sin agus an cineál sin polaitíochta.”
Ach tugann an craoltóir le fios freisin go bhfuil neart daoine eile den tuairim gur chruthaigh Moriarty cultúr níos glaine i bpolaitíocht na hÉireann.
“Tá iriseoirí agus polaiteoirí níos sine a deir linn sa gclár seo, gur ceann de na rudaí a tháinig as an mBinse Fiosrúcháin ná gur ghlan sé an pholaitíocht,” a deir Ó hEadhra.
“Ghlan sé an cineál cultúir go n-íocfadh tú duine sa pholaitíocht le fabhar a fháil nó go n-íocfadh tú duine le go mbeadh seans níos fearr agat rud éicínt a bhaint amach.
“Creid é nó ná creid, a dhaoine óga, bhí an pholaitíocht níos measa. Sin é an rud atá dochreidte faoi.”
É sin ráite, tuigeann Ó hEadhra go bhfuil ceisteanna fós ann faoi fhad agus costas an Bhinse Fiosrúcháin.
“Toghadh agus atoghadh Michael Lowry in chuile olltoghchán ar sheas sé ann ó shin. Táimid ag cur na ceiste freisin mar sin faoin bhfiúntas a bhaineann le Binse Fiosrúcháin. An é le himeacht ama go ndéantar lagú ar aon chonclúid?”
San iomlán, mhair an Binse Fiosrúcháin 14 bliain sular foilsíodh a thuairisc dheiridh i mí Márta 2011 agus meastar gur caitheadh €80 milliún air go dtí seo.
Nuair a foilsíodh é, d’atreoraigh an rialtas an cás chuig an nGarda Síochána agus chuir siad tús le fiosrúchán nua. De réir an dlí, ní féidir ráiteas nó admháil a dhéantar do Bhinse Fiosrúcháin a úsáid mar fhianaise in imeachtaí coiriúla.
I mí Eanáir na bliana seo, sheol an Garda Síochána cáipéis chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí agus caithfidh an oifig sin cinneadh a dhéanamh fós an féidir le duine ar bith a bhí ainmnithe sa tuairisc a chúiseamh.
Tá na conclúidí a rinneadh i dtuairisc dheiridh Bhinse Fiosrúcháin Moriarty séanta go láidir arís agus arís eile ag Michael Lowry agus ag Denis O’Brien.
- Craolfar an dá chuid den chlár Scannal: Money, Mobiles, Moriarty, Dé Máirt an 2 agus 9 Nollaig, 7in ar RTÉ 1.
Foclóir: iomarcach - excessive; iniúchadh - examination; caidreamh - relationship; daoine sinsearacha - senior people; machnamh - consideration; olltoghchán - general election; Scannal - scandal; cíos - rent.

















