De réir a chéile a thógtar na caisleáin. Nó sin a deirtear ar aon nós. Tháinig an seanfhocal sin chun cuimhne an tseachtain seo caite nuair a d’fhoilsigh an tAire Oideachais Helen McEntee an Polasaí nua don Oideachas lán-Ghaeilge i Sord, Co Bhaile Átha Cliath.
Cuireadh an polasaí i láthair ina dhá chuid: an polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla.
D’fhógair an Roinn Oideachais gur “cloch mhíle shuntasach” a bhí ann maidir le teagasc, foghlaim agus úsáid na Gaeilge i scoileanna lán-Ghaeilge agus i scoileanna meán-Bhéarla.
Agus ní gan údar a dúradh sin: tá go leor rudaí maithe luaite leis an dá cháipéis.
RM Block
Cuireadh fáilte ar leith roimh an bhfís a bhí sa pholasaí don Oideachas lán-Ghaeilge: go mbeidh oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do chách, i suíomhanna oideachais atá ionchuimsitheach agus ilchultúrtha.
Fáiltíodh freisin roimh na hacmhainní nua atá geallta: cuireadh fáilte roimh uaireanta tacaíochta teanga breise don Ghaeilge, roimh fhorbairt acmhainní, agus roimh fhorbairtí gairmiúla do mhúinteoirí.
Mar sin féin, léirigh eagrais phátrúnachta agus tacaíochta míshástacht i dtaobh a laghad feola, mar a déarfá, a bhí ar chnámha na bpolasaithe nua.
Is le fada an lá anois atá an earnáil oideachais Gaeilge ag éileamh polasaí cuimsitheach don oideachas lán-Ghaeilge. Polasaí a mbeadh bunús eolaíoch faoi a bheadh i gceist, a thabharfadh aghaidh ar na dúshláin shuntasacha a bhaineann le soláthar oideachais lán-Ghaeilge ag gach leibhéal den chóras.
Tá an-chuid taighde déanta cheana féin ag leithéidí Sealbhú in DCU agus Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad ar na dúshláin atá sa chóras oideachais.
Ach ní polasaí den chineál sin a fógraíodh an babhta seo.
Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go raibh 73,000 dalta sa chóras anuraidh a raibh díolúine ó staidéar na Gaeilge acu agus bhí díomá ar dhaoine nár tugadh aghaidh ar ghéarchéim na ndíolúintí – córas atá imithe go huile agus go hiomlán as smacht de réir saineolaithe oideachais.
Ní raibh ach tagairt amháin do na díolúintí sa phlean gnímh. Dúradh nár pléadh cúrsaí beartais níos suntasaí, “amhail díolúintí ó staidéar na Gaeilge nó an Ghaeilge a bheith mar chroí-ábhar do scoláirí” i bhfianaise an mhéid ama atá leagtha síos (dhá bhliain) d’fheidhmiú an phlean gnímh. Má fhágtar fadhb na ndíolúintí gan réiteach ar feadh tamaill eile, ní bheidh aon réiteach air.
Agus réiteach na géarchéime sin fágtha ar an mhéar fhada, tá baol mór ann nach ndéanfaidh na tacaíochtaí nuafhógartha ach córas lochtach na ndíolúintí a dhaingniú.
“Tugann díolúintí le fios nach bhfuil an Ghaeilge oiriúnach do dhaltaí áirithe – daltaí le riachtanais speisialta oideachais agus le teangacha baile eile, mar shampla, rud nach bhfuil cothrom nó fíor” a dúirt Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, Uachtarán na heagraíochta Gaeloideachas agus Príomhoide Ghaelscoil Bhaile Brigín.
“Níl a leithéid de chóras ann d’aon ábhar eile. Déanann an córas seo creimeadh leanúnach ar stádas na Gaeilge agus na Gaelscolaíochta, agus tá deis caillte leis an bplean gnímh seo an leithcheal atá á dhéanamh ar na daoine óga seo a chur ina cheart, agus córas ionchuimsitheach a chur ar fáil dóibh.”
Dúirt Conradh na Gaeilge nach bhféadfadh an polasaí nua an cruachás ina bhfuil an teanga sa chóras oideachais a réiteach. Dar leo gur cheart curaclam úrnua a fhorbairt bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha, córas a mbaintear úsáid as ar fud an domhain le spriocanna foghlama a shocrú.
Is minic é ráite ag saineolaithe oideachais go bhfuil cinntí á ndéanamh a théann i gcoinne an mhéid atá foghlamtha ón taighde idirnáisiúnta.
Ní léir, dar leo, gur glacadh cur chuige eolaíoch nuair a fógraíodh go raibh laghdú le déanamh ar an am a leithdháiltear do mhúineadh na Gaeilge i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla ó 3½ uair an chloig go trí uair an chloig. Cáineadh an cinneadh ag an am agus dúirt na saineolaithe teanga go ndeachaigh sé “in éadan gach píosa taighde atá againn” ar theagasc agus ar fhoghlaim teangacha mionlacha. Ach ba chuma, cuireadh an cinneadh i bhfeidhm ar aon nós.
Soláthar
Dar le saineolaithe oideachais nach bhfuil dóthain suíomhanna ar fáil sa tír chun oideachas lán-Ghaeilge a sholáthar do chách. Tá líon mhór contaetha ann gan oiread agus gaelcholáiste amháin ann, agus an toradh atá air seo dar leo ná go bhfuil oideachas trí Ghaeilge á cheilt ar sciar suntasach den phobal.
Deir Gaeloideachas go bhfuil ceist an tsoláthair, “nó an easpa soláthair”, ar an gceist is mó a thuairiscigh an pobal sa chomhairliúchán ar an bPolasaí don Oideachas lán-Ghaeilge agus gur moladh go mbunófaí naíonraí, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge.
“Thug seo údarás don Roinn Oideachais agus Óige cearta páistí maidir le rochtain ar an nGaeloideachas a bheith ag croílár an pholasaí nua,” a dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, príomhfheidhmeannach Gaeloideachas.
Léirigh anailís a rinne Sealbhú (lárionad taighde DCU ar fhoghlaim agus teagasc na Gaeilge) ar dhlínsí comparáideacha thar lear gurb é an tumoideachas seachas aonad nó sruth an múnla is rathúla le cumas teanga a bhaint amach sa teanga mhionlaigh d’fhoghlaimeoirí dara teanga.
Cuireadh ionadh ar dhaoine an babhta seo nuair a fógraíodh go mbeadh gá le tascfhórsa chun breis mheasúnuithe a dhéanamh ar mhúnlaí éagsúla soláthair, cé go bhfuil go leor den obair sin déanta cheana féin.
“Cé gur meicníocht choitianta Stáit atá ann tascfhórsa a bhunú, an faitíos atá orainn ná go leanann an doiléire, an mhíshástacht agus an imní nach mbeidh éileamh á mheas ná á shásamh mar is ceart go dtí go mbeidh obair an tascfhórsa i gcrích agus pobal fágtha ar an ngannchuid idir an dá linn,” a dúirt Ní Ghréacháin.
Dúirt Cathaoirleach An Foras Pátrúnachta, agus iarstiúrthóir ar Sealbhú, an tOllamh Pádraig Ó Duibhir i ráiteas go bhfuil tascfhórsa á chur ar bun “chun ceist atá freagartha cheana féin a fhreagairt”.
“Is cosúil go bhfuil gach uile rud á dhéanamh seachas cinneadh a ghlacadh cur leis an soláthar lán-Ghaeilge,” a dúirt sé.
Dúirt Ó Duibhir gurb í an Ghaelscolaíocht “an cur chuige is rathúla riamh sa stát maidir le teagasc agus foghlaim na Gaeilge agus ba í an phríomhtheachtaireacht ón taighde agus ón gcomhairliúchán ná go bhfuil gá le tuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge.”
Dar le Bláthnaid Ní Ghréacháin, an cheist mhór a bheidh ann anois ná cén chaoi a thabharfaí feidhm don fhís atá leagtha amach sna polasaithe seo “óir is beag rud nua atá sa phlean gnímh a ghabhann leis an bpolasaí a chabhróidh le fíorú na físe céanna, agus níl táscairí feidhmíochta intomhaiste nó buiséad táscach luaite leis na gnímh céanna.”
Tá ceisteanna córasacha ann freisin don Rialtas i gcoitinne. Dúirt an Foras Pátrúnachta go bhfuil “neamhaird” á tabhairt ar spriocanna Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus ar an gClár Rialtais chun líon na gcainteoirí agus líon na scoileanna lán-Ghaeilge a mhéadú.
“Cad as a dtiocfaidh an 20 faoin gcéad d’earcaigh don tseirbhís phoiblí a bheidh inniúil sa Ghaeilge?” a d’iarr Caoimhín Ó hEaghra, ardrúnaí An Foras Pátrúnachta. “Tá easpa iomlán comhoibrithe ar fud an rialtais,”a dúirt sé.
Fágann amchlár an dá pholasaí seo gur dóigh go mbeidh blianta eile orainn gan rian de pholasaí iomlánach don Ghaeilge sa chóras oideachais le feiceáil ar fhíor na spéire.
Foclóir: Fís - vision; Agus ní gan údar - not without reason; cloch mhíle - milestone; polasaí cuimsitheach - comprehensive policy; is rathúla - most successful; inniúil - able.


















