Léas dóchais in am an dóláis

Cé gur mhair an fhilíocht i mbéal an phobail go ceann i bhfad i ndiaidh deireadh ré na bhfilí, is minic a deirtear nach bhfuil a gceart oidhreachtúil faighte acu.

Rugadh Aogán Ó Rathaille i gContae Chiarraí. Grianghraf: iStock
Rugadh Aogán Ó Rathaille i gContae Chiarraí. Grianghraf: iStock

FOCLÓIR: Cáil – fame; filíocht – poetry; uaibhreach – proud; díshealbhú – dispossession; coigistíodh – seized; aoir – satire; marbhna – elegy; cnuasach – collection; Mionn Ceannais – Oath of Supremacy; Allabhrach – evocative.

Tadhg Dall Ó hUiginn, Dáibhí Ó Bruadair, Piaras Feiritéar, Eoghan Rua Ó Súilleabháin agus Aogán Ó Rathaille. Cúigear mórfhilí Gaelacha a bhain clú agus cáil amach sa 17ú agus an 18ú haois.

Thar thréimhse dhá chéad bliain nó mar sin, chum na filí iomráiteacha seo, agus mórán eile lena gcois, dánta a bhíodh i mbéal an phobail mar a bhíonn scéalta nuachta agus popamhráin i mbéal phobal an lae inniu.

Cosúil le ceol na linne seo, bhí stíleanna agus aicmí éagsúla ag baint le traidisiún uaibhreach na filíochta. Ina measc bhí filíocht pholaitiúil agus filíocht ghrá, filíocht mholta, dánta mórtha, aoir agus cáineadh, marbhnaí, dánta caointe agus go leor eile.

D’imir na filí ról lárnach sa seanchóras Gaelach. Bhí stádas ard acu agus mhair siad ar phátrúnacht na dtiarnaí Gaelacha.

Cé gur mhair an fhilíocht i mbéal an phobail go ceann i bhfad i ndiaidh dheireadh ré na bhfilí, is minic a deirtear nach bhfuil a gceart oidhreachtúil faighte acu.

Le himeacht na mblianta, ligeadh go leor den saibhreas seo i ndearmad, agus ní fios cé mhéad dán a d’imigh le gaoth ar fad. É sin ráite, scríobhadh cuid acu ar pár agus le haistriúchán nuafhoilsithe dar teideal Wave (Eile Press, 2025), tá súil ag údar an aistriúcháin - an iar-iriseoir Brian O’Connor - spléachadh a thabhairt dá léitheoirí ar fhilíocht duine de mhórfhilí na Gaeilge, Aogán Ó Rathaille.

Thosaigh O’Connor ar an obair le linn na dianghlasála a tharla le linn Covid.

“Alt san Irish Times a scríobh Seán Ó Ríordáin sna seachtóidí, inar mhol sé Ó Rathaille, a spreag mo shuim ann ar dtús,” a dúirt sé le Tuarascáil.

Tá 17 dán aistrithe ag O’Connor, iad bunaithe ar an gcnuasach Dánta Aodhagáin Uí Rathaille (Irish Texts Society, 1909), agus iad leagtha amach go slachtmhar i leabhrán gleoite 54 leathanach. An scríbhneoir agus scoláire Declan Kiberd a scríobh an réamhrá.

I measc na ndánta tá Cabhair ní Ghoirfead, Tonn Tóime I measc na ndánta tá Cabhair ní Ghoirfead, Tonn Tóime (as a d’eascair ainm an leabhair) agus An t-Anfadh. Go deimhin, tá an ceann is cáiliúla de chuid Uí Rathaille, Gile na Gile, ann freisin.

D’iarr Tuarascáil ar O’Connor cé acu de na dánta is ansa leis, agus luaigh sé an dán Ar Choileach do Goideadh ó Shagart Maith.

“I gcuid mhaith de na dánta, tá Ó Rathaille ag caint ar dhíshealbhú agus tá siad brónach go leor,” a dúirt sé.

“Bíonn sé feargach go minic ach sa dán seo, Ar Choileach do Goideach ó Shagart Maith, tá go leor grinn ann.”

Ná fágaigh lios ná síoth-chnocán,

Ina gcluinfidh sibh glór ná gliogarnáil,

Gan dul i ndiaidh an tsíodhchonáin,

Do rin an gníomh le plundaráil.

- Ar Choileach do Goideach ó Shagart Maith

Leave out no fairy fort or mound

Which might emit a clucking sound,

Pursue the culprit to his lair

Whose plunder set off this affair.

- The Good Priest’s Stolen Cock

Bhí athruithe ollmhóra ar bun in Éirinn sa seachtú agus sa hochtú haois déag agus cuireadh deireadh le sochaí agus sean-ord na nGael le linn an ama sin.

Tharla trí mhórchoncas, Concas Uladh ag tús an chéid, Concas Chromail i lár an chéid agus Concas Uilliam i ndeireadh an chéid. Cuireadh na Péindlithe i bhfeidhm ó 1697 agus mhair a bhformhór go dtí gur cuireadh deireadh leis an Mionn Ceannais in 1829.

De thoradh pholasaithe na nGall tháinig deireadh le ré na bhfilí gairmiúla, agus is le linn an phróisis seo a tháinig Aogán Ó Rathaille ar an bhfód. Saolaíodh in aice le Sliabh Luachra i gContae Chiarraí é thart ar an mbliain 1670, agus ba ghné lárnach dá chuid filíochta an gaol a shamhlaigh sé idir é féin agus na Cárthaigh, ceann de chlannaibh mhóra na Mumhan tráth. File Seacaibíteach ba ea é a chreid gurbh iad na Stíobhartaigh na ríthe dlisteanacha. Is é a chum an chéad aisling Stíobhartach, Mac an Cheannaí.

Glactar leis go raibh Ó Rathaille ar fhile deiridh an tsean-oird Ghaelaigh agus mar a deir O’Connor gur dhírigh an Ciarraíoch fraoch a theanga ar an éagóir a bhí á déanamh.

“Díshealbhaíodh a theaghlach agus chaill siad an talamh agus an fheirm agus chaith sé cuid mhaith dá shaol ag dul ó áit go háit. Deoraí ab ea é agus bhí an saol crua,” a dúirt sé.

“Is dóigh liom go raibh na dánta á gcumadh aige le slí bheatha a bhaint amach – ag moladh pátrún agus ag cáineadh na ndaoine a thóg seilbh ar a thalamh. Chaill sé gach rud agus is dócha go raibh sé feargach faoi.”

Agus Ó Rathaille ina ógfhear, chaill Rí Séamas Cath na Bóinne. Mar thoradh air sin, coigistíodh eastát 120,000 acra Sir Nioclás Brún, duine eile de phátrúin an Rathallaigh. Cé gur Phrotastúnaigh iad na Brúnaigh a tháinig go hÉirinn le linn Phlandáil na Mumhan, ghlacadar leis an gCaitliceachas, agus rinne siad cleamhnais leis na tiarnaí dúchais.

In 1703, cheannaigh John Asgill an t-eastát agus dhá bhliain ina dhiaidh sin ceapadh an ‘rógaire Gaelach gallda’ mar atá curtha síos air, Muircheartach Ó Gríofa, ina mhaor ar an eastát. Bhí droch-cháil ar Ó Gríofa. D’iompaigh sé ina Phrotastúnach agus ghlac sé Móid an tSéanta, cé gur Chaitlicigh iad a mhuintir.

Chaith sé go dona lena thionóntaí agus leag sé coillte an eastáit.

Níor chuir Ó Rathaille fiacail ann nuair a d’éag Muircheartach.

A bháis, do rugais Muircheartach uainn;

Ró-dhéidheanach an uain do chách;

Fuadaigh go fras Tadhg don chill -

A dheighlit leis ní cuibhe go bráth.

- Ar Bhás Mhuircheartaigh Uí Ghríobhtha

Death, you took Murtagh away;

For all of us, it was too late;

Grab him and hurry to the grave -

To keep them apart’s defying fate.

-On the Death of Murtagh Griffin

Aisling Pholaitiúil

De réir mar a chonaic Ó Rathaille an tír thart timpeall air á réabadh is ea a chaith sé a shamhlaíocht níos faide i gcéin agus é ag súil go dtiocfadh slánaitheoir na nGael.

Le cúrsaí grá is mó a bhain an Aisling ar dtús ach sa seachtú haois déag ba mhodh é chun téamaí polaitíochta a phlé. Sa bhfoirm seo thitfeadh an file ina chodladh. Bheadh brionglóid aige ina dtiocfadh spéirbhean chuige a bheadh ina samhailchomhartha don tír mar a tharlaíonn san aisling Stíobhartach agus an dán is fearr aithne leis, Gile na Gile.

Gile na gile do chonaic ar slí i n-uaigneas;

Criostal an chriostail a guirm-ruisc rinn-uaine;

Binneas an bhinnis a friotal nár chríon-ghruama;

Deirge is finne do fionnadh n-a gríos-ghruadhnaibh.

- Gile na Gile

Fairest of fair I glimpsed on the lonely roadside,

Crystal of crystal clear eyes of the purest blue-green

Sweetness of sweetness her speaking, ever youthful,

Complexion fair, brushed with a hint of roses.

- Fairest of Fair

Léas dóchais in am an dóláis seachadta i bhfriotal allabhrach fileata an údair. Cé gur phléigh Ó Rathaille téamaí móra a linne, ní mórán dá shaol pearsanta féin atá le sonrú óna chuid saothar. Síltear gur bhásaigh sé in 1726. “Bhí cáil air i rith a bheatha,” a dúirt O’Connor.

“Níl mórán mar gheall ar a shaol pearsanta sna dánta. Léigh mé go raibh beirt iníonacha aige, ní dóigh liom go raibh mac aige, ach ní léir gur scríobh sé fúthu. “Is deacair é a thuiscint go hiomlán ach sna dánta féin, insíonn siad an scéal is dócha.”

* Tá Wave le Brian O’Connor foilsithe ag Eile Press. Is féidir é a cheannach in Books Upstairs agus i siopa Chonradh na Gaeilge. Breis eolais: www.eile.press.