Tá an oiread sin de cheisteanna baotha agus de cheisteanna cur-i-gcás á raideadh leis na hábhair uachtaráin nár mhiste cur leo, bíodh go mbeadh cuid acu níos ábharaí ná a chéile.
Agus ós ní hé nach bhfuil aon smacht ag an uachtarán ar pholasaí an rialtais, is é is bonn leis na ceisteanna ná a fhail amach cén sórt iad ina gcroí istigh seachas léargas a fháil ar chor na tíre agus í in Áras an Uachtaráin. Seo sinn, mar sin, agus ní gá an modh coinníollach a bheith go beacht d’fhonn iad a fhreagairt:
Cad í an chontúirt is mó ar domhan inniu don chine daonna agus d’Éirinn, nár ghá gurb ionann iad?
Cad iad na leabhair a thabharfá leat agus tú ag dul ar laetha saoire agus a léifeá, agus níor ghá gurb ionann iad ach an oiread?
RM Block
Cé hé/hí an tUachtarán stáit is mó a bhfuil meas agat air/uirthi lenár linn?
De thoisc an aois atá agat, cé acu is fearr leat, an caointeachán Leonard Cohen nó an ginias Bob Dylan?
Cad é an rud is fearr a chuaigh i bhfeidhm ort ag an gComórtas Treabhdóireachta nuair nach raibh tú ag croitheadh láimhe le daoine?
Ar éist tú le hopera iomlán de chuid Wagner riamh nó ar thit tú i do chodladh?
An gcaithfeá hata leipreacháin ar do chloigeann Lá le Pádraig dá n-iarrfadh Trump ort é ar mhaithe le trádáil na hÉireann?
Ar chór na hinimirceoirí Éireannacha mídhleathacha a dhíbreofar as Meiriceá a lonnú i Ruanda, sa Bhaile Meánach nó in Óstán teifeach i mbaile beag ciníoch anseo?
Conas a dheimhneofá go mbuafaimis an Comórtas Eorpach Eurofíse arís?
Cad iad na drugaí (os íseal) a thabharfá d’fhoireann sacair na hÉireann chun deimhin a dhéanamh de go scórálfidís cúl?
Dá ndéanfadh na Stáit Aontaithe gabháltas ar an nGraonlainn, cé mhéid trúpaí a chuirfeá ar fáil chun í a chosaint, nó an bhfanfaimis neodrach fós?
An ndíolfá an Leabhar Ceanannais ar an bpraghas is airde chun fiacha na tíre a ghlanadh, agus cén fáth?
An mbíonn tú ag scairteach agus ag screadach ar son lúthchleasaithe na hEorpa (lándáiríre) ag na cluichí Oilimpeacha in aghaidh lúthchleasaithe as gach ilchríoch eile?
Ós rud é go raibh tú ar scoil nuair a bhí an pionós corportha i réim, an bhfuair tú buille riamh ón múinteoir, agus cén fáth, nó an raibh tú i do chailín maith i gcónaí?
Dá mbeadh dealbh á dhéanamh de do chloigeann, arbh fhearr leat go ndéanfaí as eibhear, as marmar, as copar, as adhmad nó as uachtar reoite í?
An fearr leat ceol Shostakovich cé gur dhein an Rúis ionsaí ar an Úcráin nó amhráin le Garth Brooks cé gur dhein na Stáit Aontaithe ár san Iaráic?
An mbeifeá sásta ligean do na feochadáin, na buachaláin, agus na copóga fás i leapacha bláth Áras an Uachtaráin ar son ilchineálacht agus éagsúlacht plandaí?
Cé acu is binne leat, ceol na píbe móire ar maidin, scríobadh cailce ar chlár dubh, an bodhrán ag múchadh fidile, an druma Lambeag in airde láin ar an tsráid lasmuigh den bhfuinneog, nó screadaíl muice ag dul sa seamlas?
Dá mbeadh cluichí nó ócáidí spóirt tábhachtacha ar siúl an lá céanna i bPáirc an Chrócaigh, san Aviva, i nGort Thuamhain, Staid Morton, Páirc Thiarnáin Naofa, san RDS, nó ar abhainn na Life, cé acu ceann a roghnófá?
Cá seasann tú ar an gceist mhór a bhfuil an pobal suaite ina taobh, an ceart smutáin nó losainní anainn a chur ar phíotsa, nó an peaca marfach duit é sin?
Dá dtabharfá freagra macánta ar na ceisteanna sin ba mhór an áis í dúinn agus sinn ag dul le vóta a chaitheamh.