‘Tá scéal le gach cloch agus scéal le gach teach’

Tá pobal beag Oileán Chléire ag iarraidh fáilte a chur roimh theaghlaigh óga teacht chun cónaí agus oibre ar an oileán.

 Scoil Náisiúnta Oileán Chléire
Scoil Náisiúnta Oileán Chléire

Foclóir: géarchéim - crisis; bogadh - move; scéim tithíochta - housing scheme; úinéirí - owners; spéis - interest; Cléire - Cape Clear Island; iarrthóirí - applicants.

Agus an ghéarchéim tithíochta náisiúnta fós gan réiteach tá pobal Oileán Chléire ag tabhairt faoi scéim nuálaíoch tithíochta chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb.

Tá deis á tabhairt faoin scéim ‘Croí Cónaithe’ do theaghlaigh le Gaeilge bogadh go dtí an t-oileán is faide ó dheas in Éirinn a bhfuil daonra seasmhach ann.

Tá Comharchumann Chléire Teo – an t-eagras atá freagrach as an bpróiseas pleanála teanga ar an oileán Gaeltachta seo – ag obair le húinéirí tí ar an oileán chun tithe a chur ar fáil.

Cuirfear dhá theach ar fáil an mhí seo chugainn ar chíos íseal fadtéarmach do theaghlaigh le páistí bunscoile agus tabharfar tús áite do theaghlaigh óga a bhfuil Gaeilge acu.

Táthar ag súil go gcuirfear dhá theach eile ar fáil roimh an Nollaig agus péire eile ina dhiaidh sin.

“Tá na tithe suite i suíomh lárnach ar an oileán – níl siad ach cúig nóiméad siúlóide ón scoil agus dhá nóiméad ón siopa,” a dúirt Ruairí Ó Donnabháin, atá ina Oifigeach Pleanála Teanga ar Chléire le ceithre bliana anuas.

“Tá an t-ádh linn go bhfuil na húinéirí sásta comhoibriú linn agus na tithe a chur ar fáil dúinn ar chíos íseal,” a dúirt sé.

“Is seantithe iad go léir – tithe stairiúla ar an oileán - tá scéal le gach cloch, agus scéal le gach teach!”

“An sprioc atá againn ná [líon] na gcainteoirí laethúla a mhéadú,” a dúirt sé.

Fáilteofar roimh iarrthóirí le Gaeilge, ach má léiríonn iarrthóirí fonn an teanga a fhoghlaim, beidh fáilte rompu siúd freisin, a dúirt sé.

“Ón taithí atá againn tuigimid gur féidir le daoine ar spéis leo an teanga teacht agus Gaeilge a fhoghlaim.”

Is sampla maith é a chás féin mar gur ar Chléire a d’fhoghlaim Ó Donnabháin a chuid Gaeilge.

“D’fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge ó mo chomharsana béal dorais agus anois táim fostaithe agus ag obair trí mheán na Gaeilge go lánaimseartha,” a dúirt sé.

Tá ana-shuim léirithe sa scéim go dtí seo, le hiarratais ag teacht isteach “gach lá”.

“Tá suim léirithe ag daoine as iarthar Chorcaí, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta - an Fhrainc agus an Ghearmáin ina measc,” a dúirt Ó Donnabháin.

“Tá go leor Éireannach ina measc freisin atá ag iarraidh bogadh abhaile.”

Ceann scríbe

Is ceann scríbe é Oileán Chléire le fada an lá do chuairteoirí, d’ealaíontóirí, d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus do go leor eile ar spéis leo an suaimhneas, an dúlra agus an oidhreacht.

I measc na rudaí a deir Ó Donnabháin a mheallann daoine tá “an tírdhreach, suaimhneas an oileáin, pobal oscailte le gach saghas duine ann, an drámaíocht, agus ar ndóigh an teanga.”

Níl Oileán Chléire ach trí mhíle ar fhaid agus míle amháin ar leithne. Tá thart ar 8 míle idir Cléire agus an mhórthír, agus caithfear dul ar bhád farantóireachta leis an aistear sin a dhéanamh.

Céim mhór a bheadh ann mar sin do theaghlach ar bith bogadh amach ón mórthír.

Ceist amháin a chuirfidh tuismitheoirí agus iad ag machnamh ar chéim mar sin a ghlacadh ná cé chomh mealltach is atá saol an oileáin?

“Is amhail le seomra mór ranga é an t-oileán do pháistí agus iad amuigh ar an trá nó ag siúl sna coillte,” a dúirt Ó Donnabháin.

“Ní saol ciúin atá ann, ach is saol draíochtúil é i mo thuairimse.”

Bíonn gasraí agus cumainn gníomhach ar feadh na bliana, agus reáchtáiltear imeachtaí teanga agus cultúrtha go tráthrialta faoi Phlean Teanga Chléire.

“Tá scoil amháin ar an oileán, Scoil Náisiúnta Oileán Chléire, nach bhfuil ach nóiméad ón trá. Scoil Ghaeltachta atá ann le foireann breá óg atá lán le fuinneamh.”

“Tá siopa grósaera againn, Bialann Seán Rua, agus dhá theach tábhairne. Tá Club Chléire againn freisin - sin ár gclub sóisialta - agus Coláiste Phobal Chléire. Tá halla mór sa choláiste le trealamh aclaíochta, agus reáchtáiltear scannáin, seisiúin cheoil, ranganna Gaeilge agus imeachtaí éagsúla ann gach lá.”

“Tá teach allais nua oscailte anois agus tá daoine ag súil leis sin - saol iarthar Chorcaí atá ar fáil againn freisin.”

“Bíonn daoine gnóthach ar Chléire,” a dúirt sé.

Beatha Oileánach

Seoladh an straitéis rialtais ‘Ár nOileáin Bheo’, a bhfuil Croí Cónaithe mar chuid di, in 2023. Luaitear 80 gníomh i bplean gníomhaíochta na straitéise, ina measc infreastruchtúr tithíochta agus uisce a fhorbairt, seirbhísí riachtanacha sláinte agus oideachais a fheabhsú, agus leathanbhanda ardluais a chur ar fáil.

“Tá leabharlann nua-oscailte againn chomh maith le G-Tech - ionad teicneolaíochta a chuireann ceangail leathanbhanda iontach láidir ar fáil.”

“Tá an acmhainn sin an-áisiúil,” a dúirt Ó Donnabháin, a rugadh agus a tógadh i gCathair Chorcaigh. “Nuair a bhog mé go Cléire ar dtús, ní raibh fáil ar nasc idirlín ach i roinnt áiteanna, agus bhí orm mo ghuthán a chrochadh i mála ón líne taobh amuigh chun an nasc a fháil.”

“Ach anois tá 5G againn i ngach áit, agus is féidir le daoine obair a dhéanamh ón mbaile nó ón G-Tech.”

Cé go bhfuil na háiseanna cuí ann do dhaoine ar mian leo cianobair a dhéanamh, cuirfear fáilte roimh iarrthóirí a bhfuil scileanna eile acu. “Má tá daoine ann a bhíonn ag tógáil, atá go maith le cúrsaí athchóirithe, nó adhmadóireacht, nó má tá scileanna mar sin acu, bheadh fáilte rompu siúd freisin,” a dúirt Ó Donnabháin.

De réir an daonáirimh, bhí 110 duine ina gcónaí ar an oileán in 2022, ach tá méadú tagtha air ó shin.

“Tháinig seisear déag faoi bhun 50 bliain d’aois go hOileán Chléire le deireanas, rud a chuireann go mór leis an saol laethúil,” a dúirt Ó Donnabháin.

Tá muintearas an phobail láidir ar an oileán agus tá nós na meithleacha fós beo ann. Tagann daoine le chéile, iad ag cuidiú agus ag comhoibriú lena chéile chun comhobair a chur i gcrích.

“Pobal beag láidir atá ar Chléire,” a dúirt Ó Donnabháin.

“Táimid an-dearfach agus dóchasach.”

“Sin an fáth go bhfuil an feachtas seo ar bun againn agus go bhfuil an pobal ag déanamh athchóiriú ar na tithe chun teaghlaigh nua a mhealladh isteach.”

“Tá an pobal ag obair ar a son féin agus ar son an oileáin. Tá siad ag cur lámh le hobair seachas an lámh a shíneadh amach,” a dúirt sé.

Tithe saoire

Tráth dá raibh, bhí níos mó ná míle duine ina gcónaí ar an oileán. Tháinig titim mhór air sin de bharr an Ghorta agus na heisimirce a leann. Fearacht go leor ceantair Ghaeltachta, fágann an titim sin go bhfuil roinnt mhaith tithe saoire ar an oileán.

“Is trua mór é,” a dúirt Ó Donnabháin.

Ach mar sin féin, bíonn ceangal ag go leor cuairteoirí leis an oileán chomh maith leo sin atá ina gcónaí ann.

“Is rud mór [iad na tithe saoire] don séasúr turasóireachta, go háirithe ar oileán agus is [le] comharsana iad go minic, nó teaghlaigh níos leithne de chuid phobal an oileáin.

Agus, leis an ardú a tháinig le cúpla bliain anuas ar líon na ndaoine atá ina gcónaí ann, tá dóchas le brath.

“Nuair a osclaím an doras san oíche sa gheimhreadh, feicim go mbíonn níos mó soilse lasta. Tá feabhas ag teacht, tá muid ag obair air agus tá muid dóchasach.”

Breis eolais: cleirenua@gmail.com agus meithealchleire.ie

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.