Tá scéal ann gur scaoileadh nathair nimhe saor ar Oileán Reachlainn sa bhliain 1617. Is amhlaidh go raibh easaontas ann cé acu ar bhain an t-oileán le hÉirinn nó le hAlbain. Dá mba gur tháinig slán ba le hAlbain é, dá mba go bhfuair sé bás ba le hÉirinn an áit. Is le hÉirinn an inis sin anois, dá bhrí sin tá’s againn cén chríoch a bhí ar an nathair bhocht.
Caithfidh gur fíor mar scéal é, mar is amhlaidh go rabhas ann le déanaí agus ní fhaca nathair ar bith. Deirtear gur trampailín do na báid í an fharraige idir an t-oileán agus Baile an Chaistil, ach bhí ina chalm téigle an lá go rabhas ann. Ba mhinic mé ar bháid ar a raibh daoine ag caitheamh aníos thar ghunail amach ag tabhairt soláthair bhia éagsúil don éanlaith seachas a ngnáthaiste éisc.
Ach ní an turas seo. Go deimhin, seachas na cuairteoirí lae ba bheag eile a gcuirfí suntas ann mura mbeadh spéis agat san éanlaith chéanna. Óir is ann atá Ionad Éan Mara cáiliúil inar féidir puifíní, forachaí, crosáin, saidhbhéir agus fulmairí a fheiscint go líonmhar. Tá’s agam sin, mar léigh mé an paimfléad a tugadh dom ina raibh gach eolas nach raibh ag teastáil uaim. Ní raibh aon cheann díobh le fáil ar an menu san aon bhialann bheag amháin atá in aice an chalaidh, áfach. Raidhse cearc nó sicín ann ceart go leor, éan nach bhfuil dúchasach don áit.
Bíonn gach oileán ciúin, seachas Inis Mór sa samhradh. Níorbh aon chúis iontais nach raibh aon trá do nochtaigh ann ar nós mar a bhí á mholadh ag carachtar in úrscéal ag Pádraig Ua Maoileoin do na Blascaodaí, óir bheadh an aimsir ábhairín mífháilteach. Ach ní raibh carbháin ná pubaill ann ach an oiread, ar smál iad ar nach mór gach baile turasóireachta an taobh seo d’Ulaanbaatar.
Ba mhó b’ionadh, áfach, nach raibh láithreán airm nó aerfhórsa nó loingeas cogaidh ag na Briotanaigh ann, óir ní fada go mbeidh na Rúisigh ag teacht agus géarghá leis an tsibhialtacht a chosaint ar na barbaraigh anoir nuair a thosóidh an tríú cogadh domhanda, mar a gheallann Mark Rutte agus Nato dúinn, agus ní féidir go mbeadh dul amú ar dhuine chomh heolgaiseach leis siúd. Is dócha go bhfuil go leor fomhuireán acu ag sleamhnú faoin muir mhór cheana, áfach, agus radharc géar acu ar an namhaid i mbréagriocht míolta móra.
Bhí cogaíocht ann cheana a d’athraigh scéimh pholaitiúil na hÉireann is na hAlban ar feadh tamaill. Beidh eolas ag gach dalta scoile mar gheall ar an mBrúsach Roibeard a lorgaigh dídean in uaimh ar an oileán sa bhliain 1306 agus a fuair inspioráid ó dhamhán alla ar éirigh leis a líontán a bhaint amach le mórdhua tar éis gur theip air arís is arís eile. Bhí go leor gréibhlí agus daighsíní á ndíol sa bhothán turasóireachta – puifíní boga, sliogáin phéinteáilte, maignéid don chuisneoir, lampaí i bhfoirm tí solais, carraigeacha bréige, síoga le sciatháin, fáinní eochracha, suaitheantais chúige Uladh, fógraí beaga bóthair, málaí daite éadaigh, gallúnach bainne gabhair, seodraí ón gcladach, cosmaidí feamainne, plátaí pictiúrtha, samhlacha de ghiorria an oileáin, sceana póca, muincí de chlocha na trá, ach radharc ar bith ní raibh ar dhamhán alla plaisteach. Cheapas go mbeadh éileamh thar meán ar a leithéid i mball mar seo, earra a dhéanfadh pota óir don té a chuimhneodh air.
Ag fágaint an oileáin dom chaitheas mo shúil ó dheas, agus cad a d’fheicfinn ach bogha báistí álainn a raibh dathanna an tsaoil ann, go háirithe stráice mór oráiste a thosnaigh sna scamaill dhorcha lasnairde agus a thuirling cruinn díreach anuas ar an mBaile Meánach in am don dara lá déag.