Foclóir: airmheánach – median; inríofa- calculable; ranníocaíocht - contribution; meánaicmeach - middle-class; rachmasach - affluent.
Agus mé i mo léachtóir óg in DCU sna 1990idí, bhí mé i mo mheantóir i scéim mionghnó i scoil sa cheantar máguaird i dtuaisceart Baile Átha Cliath, scoil agus ceantar nach raibh ‘rachmasach’ in aon chor. Bhí na scoláirí thar barr, iad díograiseach, éirimiúil.
Luaigh mé le príomhoide na scoile go mbeinn sásta labhairt leis na daltaí ardteistiméireachta faoi dhul ar an ollscoil. “Cé na mic léinn ardteistiméireachta?”, ar seisean. Ní rabhadar ann mar gur fhágadar ar fad an scoil luath.
Tá táillí na mac léinn tríú leibhéal ina gcnámh spairne pholaitiúil arís. Tarlaíonn sé seo anois is arís, de ghnáth thart ar thús na bliana acadúla, ach tá sé ina dhíospóireacht níos luaithe i mbliana tar éis don Aire um Ardoideachas, James Lawless, a fhógairt nach raibh aon phlean aige an lacáiste €1,000 ar an táille teagaisc €3,000 a chur ar fáil i mbliana. Tharraing sin raic ón fhreasúra. Bhí malairt tuairime freisin ag ceannaire Fhine Gael, Simon Harris, rud a d’fhág easaontas poiblí sa Rialtas. Beidh freagra na ceiste le feiscint i gcáinaisnéis an Fhómhair.
Tá roinnt ceisteanna le cíoradh sa scéal. Ar an gcéad dul síos, tá ceist tacaíochta dóibh siúd ar bheagán ioncaim agus, ar an taobh eile, tacaíocht don ‘lár faoi bhrú’, vótálaithe atá ina n-ábhar buartha do pholaiteoirí ar fud an domhain mhóir, ní hamháin in Éirinn.
Sa Dáil an tseachtain seo caite, luaigh an Taoiseach, Micheál Martin, an rogha idir prionsabal na huilíochta (‘rud éigin do chuile dhuine’) agus díriú orthu siúd ar an ngannchuid ach níl mórán tráchta air sin sa díospóireacht phoiblí.
Agus, mar dhubh ar dhubh, tá ceist soláthair agus costas lóistín do mhic léinn mar ghéarchéim sa tír i gcoitinne. Tá scéim nua anois ag an Rialtas le tacú le soláthar árasán ar champas ar chostas níos ísle, agus fáilte roimhe i bprionsabal ach tá sé le feiscint fós conas mar a bhéas dos na mic léinn.
Ach an toradh is measa a d’fhéadfadh a bheith air ná nach bhfreastalódh daoine ar an ollscoil in aon chor de bharr cúinsí airgid, nó nach gcríochnófaí cúrsa.
Is ceist pholaitiúil í an rogha idir tacú leo siúd ar ioncam fíor-íseal nó leo siúd ón meánaicme. Tá an córas SUSI, a chabhraíonn le táillí agus costais tríú leibhéal, leathnaithe go mór le blianta anuas. Rud nach dtuigtear go minic ach tá deontas €500 ar fáil ó SUSI do mhic léinn ag a bhfuil ioncam inríofa bliantúil an teaghlaigh idir €71,300 agus €115,000 agus, níos mó fós, tá leath na ranníocaíochta mic léinn ar fáil dóibh siúd idir €64,315 agus €71,500.
Glacann an Phríomh-Oifig Staidrimh leis gurb é €58,922 an t-ioncam airmheánach teaghlaigh in 2024, €72,364 i dteaghlaigh le páistí faoi 18. Is é sin le rá go mbeadh deontas SUSI ar fáil do thart ar leath na dteaghlach sa tír.
In 2024, dar leis an bPríomh-Oifig Staidrimh, fuair 45 faoin gcéad de mhic léinn a bhí ag dul ar chúrsaí fochéime onóracha (ar a dtugtar ‘leibhéal 8′) deontas SUSI don chéad uair. Tacaíonn SUSI mar sin le céatadán suntasach de mhic léinn. Tá ar a laghad €500 ar fáil dóibh siúd ag a bhfuil ioncam teaghlaigh ag 1.6 den airmheán.
Ceist níos suntasaí, ceist pholaitiúil, ná an bhfuil an tacaíocht á soláthar dóibh siúd ar gá leo é go fírinne? Faoi chóras SUSI, tá na táillí teagaisc agus €7,586 ar fáil dóibh siúd le hioncaim teaghlaigh faoi bhun €27,400 agus cónaí orthu breis is 30km ón institiúid ina bhfuil siad ag staidéar, tá táillí teagaisc agus €4,292 ar fáil dóibh siúd le hioncaim teaghlaigh faoi €47,010 (féach susi.ie).
Tá iliomad suirbhéanna déanta ar an gcostas tríú leibhéal. Cuireann gach ceann acu in iúl go bhfuil costas níos airde ná an €7,586 úd i gceist: de réir suirbhé de chuid Zurich, mar shampla, tá gá le €9,511 don bhliain agus áiríonn DCU €1,733 in aghaidh na míosa.
Má tá ioncam faoi bhun €27,400 nó fiú €47,010 ag teaghlach, an gceapann éinne gur féidir leo an méid sin a íoc, fiú agus deontas SUSI ar fáil? Más ioncam €115,000 atá agat, an ndéanann €500 difríocht sa rogha idir dul nó gan dul?
Tá ceist na rannpháirtíochta agus na rochtana ag an tríú leibhéal casta agus ilghnéitheach, ag síneadh ar ais go heispéireas scoile agus amach go comhthéacs comhluadair agus cúinsí clainne. Ach is cinnte freisin, mar a deir straitéis an Údaráis um Ardoideachais ina leith, go bhfuil costas ‘suntasach’ i gceist. Ciallaíonn sé go mbíonn ar mhic léinn a bheith ag obair go páirtaimseartha (beirt as gach triúr de réir suirbhé amháin), taisteal i bhfad (duine as gach ceathrar dar le suirbhé eile), nó dul chuig coláiste níos cóngaraí don bhaile (rud atá le feiceáil níos minicí le blianta beaga anuas).
Ach an toradh is measa a d’fhéadfadh a bheith air ná nach bhfreastalódh daoine ar an ollscoil in aon chor de bharr cúinsí airgid, nó nach gcríochnófaí cúrsa. Dar leis an Údarás um Ardoideachas, in 2024 bhí 9 faoin gcéad de líon na mac léinn tríú leibhéal ó cheantair ‘faoi mhíbhuntáiste’ agus 17 faoin gcéad ó cheantair ‘rachmasacha’. Sa daonra fágála scoile, tá thart ar an líon céanna sa dá cheantar. Is é sin le rá, is nós le beagnach a dhá oiread mac léinn as ceantair rachmasacha freastal ar chúrsaí tríú leibhéal ná iad siúd ó cheantar faoi mhíbhuntáiste.
Leis sin, dar le figiúirí a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh in 2024, chríochnaigh 79 faoin gcéad díobh siúd faoi 23 bliana d’aois (is é sin iadsan nach raibh rangaithe mar ‘aibí’) ar dheontas SUSI a gcéim i gcomparáid le 86 faoin gcéad nach raibh faoi chúnamh SUSI.
Ní hé mar sin an laghdú €1,000 ar tháillí teagaisc an phríomhcheist atá mar ábhar conspóide polaitiúla i láthair na huaire. Ná €500 dóibh siúd atá ar thuarastal teaghlaigh meánaicmeach agus a ghlacann leis go bhfuil siad i dteideal na hollscolaíochta.
Ach an bhfuil an tacaíocht is gá á tabhairt dóibh siúd ar riachtanas dóibh é, agus nach féidir freastal ar an ollscoil gan é? Níl an oiread céanna vótaí ansin is cosúil.
Smaoiním ar na daltaí scoile úd i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ar chas mé leo sna 1990idí. Tá táirgí an mhionchomhlachta fós sa chistin agam. Conas a d’éirigh leo ó shin? Cad a bhí i ndán dóibh?
Tríocha bliain dár gcionn, tá 40 faoin gcéad de mhic léinn Ardteistiméireachta an cheantair sin ag freastal ar chúrsa tríú leibhéal i gcomparáid le beagnach 100 faoin gcéad i gceantair rachmasacha i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Faoi bhun na sonraí staitistiúla uilig, is é sin an fíorscéal, seachas an fhinscéalaíocht pholaitiúil.
Is iarUachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe agus iarOllamh sa Chuntasaíocht in UCD é an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh.