FOCLÓIR: Spriocdháta - deadline; ag teannadh linn - fast approaching; taighde - research; fiúntach - worthwhile; aistear teanga - language journey.
Tá spriocdháta an CAO ag teannadh linn, agus is céim mhór í seo d’iarrthóirí. Tá go dtí trathnóna amárach, an chéad lá de mhí Iúil, ag iarrthóirí chun roghanna CAO a athrú, agus más rud é gur chuir tú iarratas isteach, anois an t-am an cinneadh mór sin a dhéanamh agus súil a chaitheamh siar ar na cúrsaí atá roghnaithe agat. An rud is tábhachtaí ná taighde a dhéanamh agus cúrsa a roghnú a bhfuil fíorspéis agat ann.
Má tá suim ar bith agat sa Ghaeilge, tá an t-ádh ort! Tá go leor leor roghanna ar fáil duit in ollscoileanna ó cheann ceann na hÉireann. Is ábhar fiúntach inti féin í, nó is féidir leat an Ghaeilge a chur le beagnach gach cineál ábhair eile chun díriú ar na suimeanna ar leith atá agat. Is cinnte nach mbeidh teorainn leis na deiseanna a thabharfaidh an Ghaeilge duit amach anseo.
Chomh maith leis sin, bíonn áiseanna agus tacaíocht den chéad scoth ar fáil sna hollscoileanna le cuidiú leat ar d’aistear teanga, ar nós tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht, craic agus spraoi a bheith agat leis an Chumann Gaelach agus an deis bualadh le daoine óga eile agus cairde a dhéanamh as gach cearn den tír a bhfuil an grá céanna acu don Ghaeilge.
RM Block
Ón stiúideo teilifíse go dtí an tAontas Eorpach, cá rachaidh tusa leis an teanga?
Cumarsáid agus Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe
Cód CAO: GY122
Pointí Iontrála (2024): 399
Má tá soilse geala an stiúideo do do tharraingt, rogha mhaith is ea an cúrsa cumarsáide in Ollscoil na Gaillimhe. Gheobhaidh tú taithí phraiticiúil den scoth san iriseoireacht, sa léiriú teilifíse agus raidió, sa chraoltóireacht agus sna hilmheáin go hiomlán trí mheán na Gaeilge, chomh maith le deis dul amach ar thaithí oibre le TG4, RTÉ, Raidió na Gaeltachta nó san earnáil neamhspleách raidió agus teilifíse sa tríú bliain.
Is bunús láidir é céim sna meáin agus sa Ghaeilge i ngairmeacha eile chomh maith: sa pholaitíocht, sa ghnó, sa bhainistíocht, san earnáil neamhbhrabúis agus san earnáil phoiblí.
Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin in Ollscoil na Gaillimhe
Cód CAO: GY136
Pointí Iontrála (2024): 411
Díríonn an cúrsa seo ar na scileanna teanga, teicneolaíochta agus proifisiúnta atá de dhíth le bheith i d’aistritheoir gairmiúil. Tabharfaidh sé deis den scoth duit aghaidh a thabhairt ar an Mhór-Roinn le dul ag obair le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh, nó eagraíochtaí éagsúla san earnáil stáit in Éirinn. Is féidir leat Léann an Aistriúcháin a roghnú mar ábhar ar Bhaitsiléir Ealaíon GY101 fosta, rud a thabharfaidh an tsaoirse duit staidéar a dhéanamh ar ábhar eile (is dara rogha coitianta í an Fhraincis).
Beidh na scileanna a fhoghlaimeoidh tú ar an chúrsa seo iontach úsáideach chun snas a chur ar do chuid Gaeilge labhartha agus scríofa, rud a bheadh de dhíth i bpoist i réimsí na cumarsáide agus an oideachais chomh maith le hearnáil an aistriúcháin.
Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath
Cód CAO: DN520
Pointí Iontrála (2024): 419
Díríonn an cúrsa seo ar gach gné den teanga agus tabharfar léargas ar réimsí léinn nua-aimseartha agus stairiúla, idir theanga agus litríocht agus go leor leor eile. Clúdófar Teanga na Gaeilge, An Nua-Fhilíocht, An Nua-Phrós, Iriseoireacht na Gaeilge, Gaeilge na hAlban, Bunchlocha an Aistriúcháin, Litríocht, Scannánaíocht i measc módúil eile. Spreagtar rannpháirtíocht i ranganna beaga teagaisc agus mar chuid d’iarrachtaí na hollscoile pobal Gaeilge a chothú, reáchtáiltear neart imeachtaí sóisialta agus acadúla. Beidh deis ag mic léinn staidéar a dhéanamh in ollscoileanna éagsúla thar lear fosta - i measc na n-ollscoileanna sin tá: University of Edinburgh, Sabhal Mòr Ostaig, Aberystwyth University, Philipps- Universität Marburg, Concordia University, Montréal, Canada.
Gnó agus Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Cód CAO: DC118
Pointí Iontrála (2024): 377
Má tá suim agat sa ghnó, is cúrsa den scoth é seo chun an gnó agus an Ghaeilge a thabhairt le chéile. Níl cúrsa ar bith eile in Éirinn ar a múintear cúrsaí chomh sainiúil sin sa ghnó, sa bhainistíocht agus i dteicneolaíocht na faisnéise go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Chomh maith leis sin, beidh deis agat bliain a chaitheamh ar thaithí oibre sa chlár INTRA, a chuideoidh go mór leat sula dtabharfaidh tú aghaidh ar shaol na hoibre i ndiaidh na céime.
Dlí agus Teangacha in Ollscoil Mhá Nuad
Cód CAO: MH503
Pointí Iontrála (2024): 430
Ar mhaith leat dul don dlí? Is cúrsa ceithre bliana é seo sa Dlí in éineacht le teanga amháin eile (Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis nó Gaeilge). Tabharfaidh tú faoi na modúil riachtanacha go léir atá de dhíth ort don dlí chomh maith le raon leathan modúl i do theanga roghnaithe, rud a chuideoidh leat do chumas teanga a fhorbairt. Tá modúil ar leith a bhaineann leis an dlí agus leis an Ghaeilge, mar aon le ranganna aistriúcháin dlí.
I gcás na mac léinn Gaeilge, beidh socrúchán oibre Gaeilge do sheimeastar amháin chomh maith le seimeastar Erasmus. Tabharfaidh sé seo taithí dlí duit chomh maith le deis den scoth dul ag taisteal agus níos mó den domhan a fheiceáil.
Céim sna Dána (Idirnáisiúnta) i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh
Cód CAO: CK108
Pointí Iontrála (2024): 400
Tá an Ghaeilge ar fáil mar rogha ar an chúrsa ceithre bliana seo a bhfuil bliain iomlán i gceann de na hinstitiúidí comhpháirtíochta san Eoraip, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, i Meiriceá Theas nó san Áise mar chuid de. Rogha iontach a bheadh sa chúrsa seo do dhuine ar bith nach bhfuil cinnte faoin chonair ghairme ba mhaith leo a leanúint go fóill mar tá réimse leathan ábhar eile ar fáil, idir Eacnamaíocht agus Seandálaíocht.
An Luath-Ghaeilge agus An Nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Cód CAO: TR022
Pointí Iontrála (2024): 343
Is rogha iontach é an cúrsa seo do dhaoine a bhfuil suim acu sa stair. Gheobhaidh tú an deis amharc ar bhunús Ceilteach na Gaeilge agus lámhscríbhinní ársa a léamh i ndiaidh cúrsa speisialta a dhéanamh sa phailéagrafaíocht. Chomh maith leis sin, déanfaidh tú rogha cúrsaí sa Nua-Ghaeilge Mhoch, sa litríocht bhéil, i nualitríocht na Gaeilge agus/nó i nualitríocht Ghaeilge na hAlban.
I ndiaidh céim a bhaint amach sa Luath-Ghaeilge agus sa Nua-Ghaeilge, beidh réimse leathan post ar fáil do chéimithe sa taighde, sa teagasc, san iriseoireacht, san aistriúchán agus sna healaíona.
Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht) in Institiúid Oideachais Marino
Cód CAO: CM003
Pointí Iontrála (2024): 507
Is post an-luachmhar é a bheith i do mhúinteoir a thugann deis duit cuidiú le daoine óga fás agus forbairt agus tionchar dearfach fadtéarmach a imirt ar a saol. Má tá suim agat féin a bheith i do mhúinteoir bunscoile lán-Ghaeilge, is í seo an chéim duit!
Is trí mheán na Gaeilge amháin a dhéanfaidh tú na socrúcháin scoile ar fad ar an chúrsa seo, agus mar sin de beidh deis agat a bheith ag obair i scoileanna Gaeltachta faoin tuath chomh maith le scoileanna uirbeacha. Tá go leor buntáistí ag baint leis an chúrsa seo fosta, mar shampla sparánacht €1,000 do gach mac léinn a chláraíonn ar an chéim agus lóistín sa Bhloc Gaeilge ar champas Marino.
Níl anseo ach blaiseadh de na príomhchúrsaí Gaeilge in ollscoileanna ar fud na hÉireann. Le haghaidh liosta iomlán na gcúrsaí Gaeilge atá ar fáil, mholfainn cuairt a thabhairt ar “Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal” atá ar fáil ar peig.ie. Go n-éirí leat!