Tá baile mór Dhún Garbhán suite ar chósta deiscirt na hÉireann in iarthar chontae Phort Láirge agus le trí bliana anuas tá sé aitheanta mar bhaile seirbhíse Gaeltachta. Bhí an Ghaeilge le cloisteáil go rialta ag dul siar sa stair ar na sráideanna agus na céanna, go háirithe mar go bhfuil sé lonnaithe in aice le Gaeltacht na nDéise nach bhfuil ach sé mhíle amach an bóthar. Tráth dá raibh bhíodh an teanga ag éirí ar an aer mar cheol nádúrtha, idir bheannachtaí, eascainí, achainíocha agus gháire a fhad is a bhí iascairí Heilbhic ag díol iasc ar na céanna. Agus bhíodh feirmeoirí na Gaeltachta ag teacht lena n-ainmhithe, ag díol agus ag ceannach ag margaí míosúla na cearnóige. Agus ag tús an chéid seo caite, bhíodh Gaeilge na nDéise in úsáid go forleathan sa cheantar máguaird.

Tá seans ann gur thosaigh tionchar na Gaeltachta ag titim i léig agus go raibh monabhar na Gaeilge ag maolú ó lár an chéid seo caite ach meastar inniu go bhfuil cúrsaí difriúla i réim agus go bhfuil an taoide ag casadh, nó fiú casta. Dar le go leor tá an Ghaeilge éirithe i bhfad níos láidre sa lá atá inniu ann sa mbaile mór. Deir daoine go bhfuil teanga na nGael in úsáid níos mó agus níos mó, go háirithe ag lucht gnó an bhaile.
Ar Chearnóg Grattan i gcroílár an bhaile mhóir tá sé coitianta Gaeilge a chloisteáil go rialta, go háirithe gach Déardaoin nuair a théann pubaill Mhargadh na bhFeirmeoirí in airde
Tá Máire Seó Breathnach ag feidhmiú mar oifigeach Gaeilge ar Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ó 2002 ar aghaidh, agus dhá bhliain ó shin, ceapadh Bróna Coleman ar as Dún Garbhán ó dhúchas í, mar an chéad oifigeach pleanála teanga ariamh ar an mbaile mór. Le díograiseoirí mar iad, ní nach ionadh go bhfuil stádas faoi leith bronnta arís ar an teanga agus go bhfuil réimse imeachtaí éagsúla ag tarlú go rialta sa mbaile mór. Bíonn idir chiorcail chomhrá, sheisiúin cheoil, ócáidí dátheangacha agus eile ar siúl go rialta – mar shampla bíonn Ciorcal Comhrá Dhún na Mainistreach ag teacht le chéile i Minnies gach Céadaoin fé láthair, agus bíonn Rannta le Chéile ar siúl go seachtainiúil i Leabharlann Dhún Garbhán ar mhaithe le páistí suas go dtí a 5 a chur ag canadh lena chéile trí mheán na Gaeilge. Bíonn a nguthanna le cloisteáil agus Miclín Muc, Mise an Traein agus Lámh Lámh Eile á rá acu, gan trácht ar a dtuismitheoirí agus a gcaomhnóirí a bhíonn ag bualadh le chéile chomh maith.
Tá comharthaí i nGaeilge ag dul in airde níos minice os coinn dhoirse na siopaí agus gnóthaí mar chuid de scéim Ghlór na nGael a seoladh ceithre bliana ó shin nuair a cuireadh tús le Gradaim Gnó na hÉireann. Agus é mar aidhm ag an scéim aitheantas a thabhairt dos na siopaí agus eile atá ag déanamh iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn, ainmnítear na gnóthaí go poiblí agus sna meáin, crochtar plaiceanna agus bronntar trófaithe orthu. I measc na gcomharthaí Gaeilge atá le feiceáil ar ghnóthaí i láthair na huaire tá Teach Ormond, Blasta, Leanbh Sásta, Óstán Lálor, Bláth, An Nighteán, Iasc, agus Siopaí Ilrannacha Shaws.
RM Block
Ar Chearnóg Grattan i gcroílár an bhaile mhóir tá sé coitianta Gaeilge a chloisteáil go rialta, go háirithe gach Déardaoin nuair a théann pubaill Mhargadh na bhFeirmeoirí in airde: i gcúinne amháin bíonn seastán aráin ag Joe Prendergast ó Bhácús Uí Bharúin i gCeapach Choinn, é ag díol na bpanbhollóg, na gcístí agus na mblaa-anna, Gaeilge in úsáid ag a chustaiméirí gur mian leo gnó a dhéanamh trí mheán na teanga. I gcúinne eile, bíonn an feirmeoir orgánach, Sham Hyland, a thagann isteach ón mBaile Dubh i mbun a ghnó chun a chuid feola, meala, glasraí agus uibheacha a dhíol trí Ghaeilge nó Béarla.

Bailíodh breis fianaise faoin mborradh atá tagtha ar úsáid na Gaeilge i sraith raidió dar teideal “Labhraímid Gaeilge i nDún Garbhán” a craoladh ar stáisiún áitiúil thar deich n-oíche roimh Lá le Pádraig i mbliana. Bhí an scríbhneoir seo ina comh-léiritheoir agus ina hagallóir ar an tsraith agus ba léir go raibh an-mheas agus an-tuiscint ar an nGaeilge ag na cainteoirí a ghlac páirt ann. Is cinnte go raibh an teanga in úsáid go rialta ag an mórchuid acu. Chuaigh an tsraith amach ar stáisiún an chontae, WLR FM, agus chuala an lucht éisteachta ceisteanna á gcíoradh faoi cé chomh forleathan is atá úsáid na Gaeilge sa mbaile mór.
Is áit álainn é an baile mór seo atá taobh leis an bhfarraige, báid seoltóireachta agus puntaí de gach saghas ar snámh ar uisce ciúin an chuain. Tá seanatmaisféar liriceach ag baint leis an áit - seanfhoirgnimh chloiche na gceannaithe éisc ina seasamh mar chaomhnóirí balbha mórthimpeall na cé. Ní bhíonn mná ina seasamh taobh lena gcairn feamainne a thuilleadh. Ní bhíonn ceannaithe ag líonadh na mbád do thuras go Learpholl nó Talamh an Éisc. Ní bhíonn failíní ainmhithe le feiceáil sa chearnóg. Tá an domhan athraithe agus sean-nósanna imithe i léig. Ach seans go gcloisfear Gaeilge na nDéise in úsáid fós thíos sa charrchlós in aice an uisce, agus má stadann cuairteoir chun éisteacht seans go gcloisfidh sé nó sí beirt nó triúr ag caint trí Ghaeilge – iad ag argóint lasmuigh de sheantábhairne, b’fhéidir, nó ag déanamh coinne ar thairseach caifé nó bialainne éigin – agus go bhfuil sé seo ag tarlú ar bhonn níos leithne agus níos buaine gach lá i mo bhaile dúchais, Dún Garbhán.













