An mhí seo caite, bhí an chéad troid ghairmiúil ag an dornálaí Christina Ní Dheasúna. D’éirigh léi a céile comhraic Joanna Fraszczak ón bPolainn a leagan amach tar éis dhá bhabhta, ar an 10 Deireadh Fómhair. Ócáid stairiúil a bhí ann do Christina agus don dornálaíocht sa tír seo. Bhí an réalta Oilimpeach Kellie Harrington i láthair, chomh maith leis an dornálaí gairmiúil Shauna Browne, le tacaíocht a thabhairt do Christina. Do dhornálaí ar bith, is í an sprioc dheiridh ná teideal domhanda a bhuachan agus is í sin an sprioc atá leagtha amach ag Christina di féin.
Rugadh agus tógadh Christina Ní Dheasúna i gCill na Martra, i gcroílár Ghaeltacht Chorcaí, áit ar fhás sí aníos i dteaghlach feirmeoireachta. Cé go raibh spórt ina chuid dhílis dá saol i gcónaí, ní raibh sé i gceist aici ar dtús go mbeadh sí ina dornálaí. Chaith sí go leor ama ag imirt peile lena leathchúpla Mícheál. D’imir sí peil ghaelach lena club áitiúil agus le foirne Chorcaí faoi aois, agus léirigh sí tallann nádúrtha don lúthchleasaíocht. Ach nuair a thosaigh sí ag dornálaíocht, níorbh fhada gur thuig a cóitseálaithe go raibh trodaí cumasach cumhachtach, a raibh paisean aici don spórt, ag teacht chun cinn.

Bhuaigh sí 19 dteideal Éireannacha sa dornálaíocht amaitéarach. Bhuaigh sí a céad teideal in Éirinn sa bhliain 2009 gan í ach trí bliana déag d’aois. Bhuaigh sí bonn airgid ag na Craobhacha Domhanda in 2013. Ní bóthar mín a bhí roimpi i gcónaí. Cailleadh a máthair Helen cúpla seachtain i ndiaidh do Christina an bonn airgid a bhuachan. Tá 6 theideal Náisiúnta buaite aici, chomh maith le bonn cré-umha ag Craobhchomórtais na hEorpa 2016 agus bonn airgid ag Craobhchomórtais 2022.
Cuireadh isteach ar a haisling Oilimpeach de bharr phaindéim Covid-19, rud a chuir moill ar a cuid deiseanna le cáiliú do chomórtais eile. Mar sin féin, níor chaill sí an fonn ná an fuinneamh. Faoi láthair, tá sí i mbun cainteanna le bainisteoirí idirnáisiúnta agus tá súil aici ag bheith ag troid sa bhfáinne i Londain, Páras, nó fiú Las Vegas amach anseo. Taobh amuigh dá gairm spóirt, tá Christina ag obair freisin leis an nGarda Síochána ó 2018 agus í lonnaithe i gContae Phort Láirge. Ach shamhlóinn nach bhfuil sé éasca an dá thrá a fhreastal. Thug Christina le fios in agallamh le FightPost gur obair lánaimseartha í a post laethúil agus is post eile ar fad é an dornálaíocht.
RM Block
Ní féidir a haistear go dtí seo a thuiscint gan a cuid traenála a lua. Bíonn a gnáthlá lán le cleachtaí nirt, crostraenáil, spáráil, agus oiliúint mheabhrach. Coinníonn sí aiste bia docht agus cuireann sí béim mhór ar chodladh cuí. Deir Christina í féin nach leor neart amháin. Caithfidh tú d’intinn a thraenáil chomh maith. Creideann sí go dtagann an bua ón gcroí, ón intinn agus ón gcolainn. Tá an smacht sin le feiceáil i ngach rud a dhéanann sí — cibé acu sa bhfáinne nó ar an tsráid agus í ag feidhmiú mar Gharda.

Ceann de na gnéithe is cumhachtaí dá scéal ná an tionchar atá aici ar mhná óga ar fud na tíre. Nuair a thosaigh sí ag dornálaíocht, dúirt sí go raibh roinnt daoine den tuairim ag an am sin go raibh sé aisteach go raibh an bhean óg a bhí ag dul isteach i spórt a bhíodh aitheanta mar spórt d’fhir. Téann sí chuig scoileanna áitiúla agus clubanna dornálaíochta ag spreagadh cailíní eile gan eagla a bheith orthu dul isteach sa bhfáinne nó le haghaidh a thabhairt ar an saol le misneach. Tagann cailíní óga chuici go minic ag iarraidh comhairle agus breathnaíonn sí air sin mar chuid mhór dá ról. Is léir go bhfuil athruithe tagtha ar dhornálaíocht na mban ó thosaigh Christina í féin, tráth nach raibh an oiread sin ban ag dornálaíocht. Teastaíonn smacht, fuinneamh agus tacaíocht ó do theaghlach, a deir Christina. Is dúshlán é cinnte ach má tá tú dáiríre faoin spórt seo, ní bhíonn leithscéal agat.
Is siombail í Christina den chothromaíocht idir cumhacht agus daonnacht, idir aisling phearsanta agus seirbhís don phobal. Spreagann sí glúin nua de lúthchleasaithe Éireannacha sa bhfáinne agus sa saol. Ó bhuaicphointí i bhfáinní idirnáisiúnta go hoícheanta fada ar dualgas, léiríonn sí gur féidir gach aisling a bhaint amach le misneach, iarracht mhacánta, agus paisean.
Cibé áit a rachaidh Christina amach anseo — cibé acu teideal domhanda nó oidhreacht fhadtéarmach sa spórt — tá rud amháin cinnte: tá sí tar éis inspioráid a thabhairt do ghlúin iomlán de mhná agus d’fhir, sa spórt agus sa saol araon. Le post lánaimseartha aici, caithfidh sí a bheith eagraithe agus cothromaíocht a bhaint amach ina saol oibre agus ina saol spóirt.
Bean Ghaeltachta, Garda agus dornálaí - bean naoi mbliana is fiche d’aois a thugann onóir, misneach agus cumhacht chuig fáinne na dornálaíochta. Leis an gcéad chéim ghairmiúil curtha di, tá Christina dírithe anois ar theideal domhanda sa rannóg mheánmheáchain éadrom. Má leanann sí ar aghaidh leis an bhfuinneamh céanna, tá súil go mbeidh Christina i measc na n-ainmneacha móra a aithneofar ar ardán domhanda na dornálaíochta.
Nóta: Foilsíodh nóta meabhrúcháin eagarthóireachta anseo trí thimpiste an tseachtain seo caite. Meabhrúchán a bhí ann uasdátú a dhéanamh ar scór cluiche a bhí le n-imirt roimh dháta foilsithe an ailt. Gabhaimid leithscéal faoin earráid.

















