“Tá an ghéarchéim thithíochta ag dul i bhfeidhm ar phobail ar fud na Breataine Bige, ach go háirithe ar phobail ina bhfuil céatadán ard den daonra ina gcainteoirí Breatnaise. Tá na pobail sin, arb í an Bhreatnais gnáth-theanga an phobail iontu, barrthábhachtach i dtaca le marthanas na Breatnaise mar theanga bheo. Ina ainneoin sin, tá ag dul de dhaoine, go háirithe daoine óga, fanacht ina bpobail.”
Sin a dúirt an Dochtúir Jeff Smith, Cathaoirleach an Ghrúpa um Pobail Inbhuanaithe de chuid Cymdeithas yr Iaith Gymraeg (Cumann na Breatnaise) agus é ag tabhairt spléachadh ar fhadhb atá le sonrú i bpobail Ghaeltachta in Éirinn freisin.
Tá slógadh náisiúnta gairthe ag Cymdeithas yr Iaith Gymraeg i mBethesda i dtuaisceart na Breataine Bige Dé Sathairn 1 Samhain faoin mhana ‘Níl an Bhreatain Bheag ar díol!’ Níl sa léirsiú sin ach an chéim is déanaí i bhfeachtas fadtéarmach ar son beart le dul i ngleic leis an ghéarchéim thithíochta sa tír – géarchéim atá ag bagairt ní amháin ar phobail, ar sheirbhísí agus ar an gheilleagar, ach ar an teanga freisin.

Tá tithíocht ina cnámh spairne sa Bhreatain Bheag le fada. Sna hochtóidí, dhóigh an grúpa Meibion Glyndwr os cionn 200 teach saoire. Mar is dual dóibh, is modhanna neamhfhoréigneacha a bhíonn á gcleachtadh ag an Cymdeithas, áfach, lena n-áirítear agóidíocht, brústocaireacht agus gníomhaíocht dhíreach (mar shampla, feachtas greamán). Áitíonn siad go dteastaíonn gníomh radacach chun inbhuanaitheacht pobal a chaomhnú agus an teanga a chosaint, agus is Acht Réadmhaoine cuimsitheach an réiteach atá siad a éileamh.
RM Block
De réir taighde a rinne Comhairle Gwynedd (an contae leis an líon cainteoirí Breatnaise is mó) in 2024, níl 65.5% de phobal an chontae in acmhainn teach a cheannach. Is tithe saoire nó athbhailte 31% den tsoláthar tithíochta príobháidí. Tá na fadhbanna is measa le brath ar an chósta agus i gceantair thuaithe, áit a bhfuil an-ráchairt ar thithe saoire agus athbhailte – agus praghsanna arda ar thithe dá réir: mar shampla, i mbarda Abersoch (Llŷn), is lóistín saoire nó athbhailte 54% den tsoláthar tithíochta, agus níl 96% de bhunadh na háite in acmhainn teach a cheannach. (Maidir leis na staitisticí, meastar nach bhfuil líon tí in acmhainn teach a cheannach má chosnaíonn sé níos mó ná a chúig oiread dá ioncam bliantúil.)
Ní aon rud amháin is cúis leis na fadhbanna sa Bhreatain Bheag ach iliomad rudaí. Laghdaigh an “ceart ceannaigh” soláthar tithíochta sóisialta. Ceannaíodh a lán tithe eile mar athbhailte, agus rinneadh lóistín saoire de thithe eile; tá an-chuid tithe folmha ann freisin. Dar leis an Cymdeithas gur géaraíodh ar an fhadhb le blianta beaga anuas: ar lámh amháin, thréig cuid mhór daoine na cathracha ar mhaithe le saol faoin tuath, agus ar an lámh eile, is gearr gur thuig tiarnaí talún gur mó brabús a bhí le déanamh ar lóistín saoire ná ar thithíocht ar cíos.

Is iomaí duine atá thíos leis an ghéarchéim thithíochta: tá an-chuid daoine ann – go háirithe daoine óga – a bhfuil úinéireacht tí thar a n-acmhainn, agus de dheasca an ghanntanais tithe ar cíos, bíonn orthu bogadh amach as a gceantair dhúchais. Is amhlaidh atá an scéal anseo in Éirinn, agus i gcuid mhór tíortha eile san Eoraip agus ar fud an domhain.
Déanann sé seo dochar d’inbhuanaitheacht pobal. Más lóistín saoire nó athbhailte líon mór de na tithe i gceantar áirithe, fágann sé nach mbeidh seirbhísí áitiúla inmharthana – ina measc, scoileanna, iompar poiblí, seirbhísí cúraim sláinte agus seirbhísí eile nach iad. Bíonn impleachtaí ag bánú ceantar don gheilleagar freisin: dá laghad an fórsa oibre, is amhlaidh gur lú gnóthas a lonnófar sa cheantar. De réir taighde a rinneadh i gCeantar na Loch i Sasana, déanfar dochar d’inbhuanaitheacht pobal más lóistín saoire nó athbhailte os cionn 10-15% de thithe an cheantair.

Mar is eol do na Breatnaigh agus dúinne Gaeil, is bagairt ar leith an ghéarchéim thithíochta don teanga mhionlaigh chomh maith. Is minic a bhíonn ar chainteoirí Breatnaise imeacht as a gceantair dhúchais ar lorg tithíocht inacmhainne. De réir faisnéise a bhailigh an Cymdeithas, i gCeredigion, contae eile ina bhfuil an Bhreatnais láidir, cosnaíonn tithe a dheich n-oiread den mheántuarastal agus imíonn thart fá 20% d’aos óg na háite gach bliain, a bhformhór go Sasana.
Tá an ghéarchéim thithíochta ina húdar imní sa Bhreatain Bheag le tamall, agus tá iarrachtaí ar cois le dul i ngleic léi. Tá sé d’aidhm ag an rialtas 20,000 teach sóisialta a thógáil. Gearrann roinnt comhairlí contae préimh chánach comhairle de 150% ar athbhailte, agus infheistítear an t-airgead a bhailítear i seirbhísí tithíochta. Athraíodh rialacha eile freisin le gairid le go mbeidh ar úinéirí lóistín saoire muirear comhairle a íoc seachas rátaí gnó mura bhfuil an lóistín ar fáil agus in úsáid ar feadh líon áirithe laethanta in aghaidh na bliana. Maíonn úinéirí gnóthas áirithe agus an Páirtí Coimeádach go mbagraíonn na hathruithe sin ar inmharthanacht gnóthas, áfach.
In 2023, chuir an rialtas riail nua i bhfeidhm a thugann cead do chomhairlí contae cead pleanála a iarraidh le haghaidh athrú úsáide ó theach cónaithe go lóistín saoire nó athbhaile. An bhliain dár gcionn, tharraing Comhairle Gwynedd an riail (Airteagal 4) chucu féin d’fhonn cead pleanála a éileamh le haghaidh gach athrú dá leithéid. Dhá mhí ó shin, áfach, d’éirigh le hagóid dhlíthiúil in éadan an chinnidh, a d’eagraigh brúghrúpa a mhaígh go dtiocfadh laghdú ar luach a dtithe agus go mbeadh sé níos deacra iad a dhíol mar gheall ar na hathruithe. Beidh le feiceáil cad é a tharlóidh amach anseo i dtaca le hAirteagal 4.
De réir Cymdeithas yr Iaith, tá géarghá le tuilleadh beart chun todhchaí na teanga agus inbhuanaitheacht pobal a chosaint. Tá siad ag éileamh go gcuirfear Acht Réadmhaoine i bhfeidhm ar bhonn práinne, agus tá moltaí an-chuimsitheach á gcur chun cinn acu faoina choinne. Luaitear ceanglais a chur ar na húdaráis agus ar sholáthraithe tithíochta maidir le soláthar tithíochta leormhaithe, an earnáil tithíochta ar cíos a rialú ar bhealach níos déine agus tuilleadh cumhachtaí lánroghnacha a thabhairt d’údaráis áitiúla d’fhonn ligint dóibh réitigh bhreise a chur i bhfeidhm. Thabharfaí ceart ceannaigh do phobail agus chuirfí airgead ar fáil chun tacú le tionscnaimh phobail. Sna ceantair is mó a bhfuil fadhbanna iontu, chruthófaí ‘Margadh Tithíochta Áitiúil’, ina bhféadfaí ceanglais incháilitheachta a chur i bhfeidhm ar cheannaitheoirí agus cíosaithe bunaithe ar phríomhtheanga agus príomháit chónaithe/fostaíochta. Bheadh ráta úis níos ísle ar fáil do thionscnaimh phobail agus i Margaí Tithíochta Áitiúla freisin.

Mar a deir an Dochtúir Smith, “Tá an Cymdeithas i mbun feachtais ar son Acht Réadmhaoine cuimsitheach, a chinnteodh ceart dlíthiúil chun tí áitiúil, a chinnteodh go mbeadh dáileadh tithe nua ag teacht le fíor-riachtanais na háite, a thabharfadh tús áite do mhuintir na háite agus a chumasódh pobail.
“Ba mhaith linn go gcaithfí le tithe mar bhailte, ní mar shocmhainní lena ndíol agus lena gceannach ar mhaithe le brabús”.
Ní chun sochair do phobal na Breatnaise amháin a bheadh an tAcht ach chun sochair pobal ar fud na tíre. Ach maidir leis an teanga, maíonn an Cymdeithas nach mór don rialtas tuilleadh a dhéanamh le dul i ngleic le ceisteanna tithíochta má tá Y Fro Gymraeg (na ceantair ina labhraítear Breatnais) le theacht slán.














