Tá “athrú suntasach” meoin ag teacht ar phobal na hÉireann maidir le seasamh na Gaeilge sa saol poiblí.
Ag labhairt le Scéal tar éis do Catherine Connolly a bheith tofa ina hUachtarán ar an tír, dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur léiríodh “go bhfuil tábhacht faoi leith leis an teanga agus leis an nGaeltacht” in aigne an phobail.
“Ach is athrú é seo atá ag tarlú le tamall anuas,” a dúirt sé. “Tá sé ag teacht ó bhród agus féiniúlacht – go háirithe ó dhaoine óga.”
Dúirt de Spáinn go raibh fréamhacha na n-athruithe le feiceáil sna coláistí tríú leibhéal, áit a bhfuil oifigigh Ghaeilge lánaimseartha ceaptha ag aontais na mac léinn.
RM Block
“Léiríonn sé sin cá bhfuil tosaíocht an dreama óig.”
“Le 25,000 duine ar na sráideanna ag an mhórshiúil Cearta le gairid chonaic muid go bhfuil daoine ag cur na Gaeilge san áireamh sna tosaíochtaí atá acu ina saol.”
Dúirt de Spáinn gur minic a bhíonn na polaiteoirí “taobh thiar den phobal”, go háirithe ó thaobh cheist na Gaeilge de, ach go bhfuil súil anois ann go dtabharfaidh an rialtas aird ar an treocht seo agus go bhfeidhmeoidh siad dá réir.
Is minic gur úsáid shiombalach amháin a baineadh as an nGaeilge i bhfeachtais toghchánaíochta go nuige seo, ach tugadh ardán ar leith don teanga i bhfeachtas rathúil Connolly; sna himeachtaí cultúrtha, sna teachtaireachtaí poiblí, agus i ndearadh na n-ábhar feachtais.
Nocht Anna Cassidy, a d’oibrigh mar dhearthóir grafach le feachtas Connolly, le déanaí gur theastaigh ón bhfeachtas stíl ‘reitreo’ agus Gaelach a úsáid ina n-ábhar clóite agus ar na meáin shóisialta – agus ba léir go bhfuarthas an inspioráid seo ón gcumas atá ag an uachtarán tofa Gaeilge a labhairt agus an spéis atá aici i gcúrsaí cultúrtha.
“Seo é an chéad uair a chonaic mé polaiteoir náisiúnta taobh amuigh den Ghaeltacht ag cur bileog dhátheangach go gach teach sa tír,” a dúirt de Spáinn.
“Ní tharlaíonn sé sin. Bheinn ag súil leis gur dea-chleachtas é sin don todhchaí - go háirithe nuair a bhíonn an stát ag íoc as an bpostas, ba cheart go mbeadh sé sa dá theanga ar aon nós. Ba é sin an chéad uair a mhothaigh lucht na Gaeilge go raibh a dteanga san áireamh i dtoghchán.”
Ba é sin an chéad uair a mhothaigh lucht na Gaeilge go raibh a dteanga san áireamh i dtoghchán. - Julian de Spáinn
Fógraíodh an tseachtain seo caite freisin go mbeidh an Ghaeilge mar theanga oibre an Árais. “Tá sé sin ar fheabhas. Tá Catherine ag úsáid Gaeilge gach lá ina hoifig cheana féin. Luíonn sé le ciall go leanfadh sí leis in Áras an Uachtaráin,” a dúirt de Spáinn.
“Is dea-shampla é, go háirithe leis an sprioc go mbeidh 20 faoin gcéad [de státseirbhísigh] ábalta freastal trí Ghaeilge ar an bpobal, tá sé go maith go bhfuil sé ag teacht ó oifig chéad saoránach na tíre.”
I rith an fheachtais, scríobh an tOllamh Laura Cahillane as Scoil an Dlí in Ollscoil Luimnigh alt tuairimíochta ag rá go raibh sé “réasúnta a bheith ag súil” go mbeadh an tUachtarán in ann Gaeilge a labhairt.
Ag labhairt di le Scéal, dúirt an tOllamh Cahillane nach féidir clásal a chur sa Bhunreacht ag rá go bhfuil ar uachtarán Gaeilge a labhairt, ach go bhfuil sé “tábhachtach” go mbeadh tuiscint acu ar an teanga de bharr a stádais bhunreachtúil.
Dar leis an Ollamh go bhfuil athrú ag teacht ar mheon na sochaí maidir leis an teanga agus go gcuirtear níos mó béime ar an nGaeilge sna meáin de bharr an athraithe chultúrtha seo.
“An tsochaí, tuigimid tábhacht na teanga. Bhí sé soiléir san fheachtas seo go bhfuil daoine ag tabhairt aire ar chúrsaí teanga.”
“Is dócha go bhfuil gluaiseacht ann faoi láthair. Tá a lán daoine ag caint faoi Kneecap agus tá a lán scannáin Ghaolainne ann faoi láthair. Tá suim an-mhór ag daoine inti faoi láthair.”
Ag labhairt di ar RTÉ ag an deireadh seachtaine, dúirt an Teachta Dála de chuid Fine Gael Emer Higgins gur cheart don rialtas a bheith airdeallach faoin tábhacht a leagadh ar an teanga le linn an toghcháin.
Tá cruinniú eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus an Dream Dearg ag Oireachtas na Samhna ar an Aoine chun na chéad chéimeanna eile san fheachtas Cearta a phlé.
“Mothaím go bhfuil ceacht foghlamtha nó feicthe ag na polaiteoirí,” a dúirt de Spáinn.
“Beidh muidne ag coinneáil an bhrú orthu agus beidh le feiceáil an ndéanfaí na polaiteoirí aon rud concréiteach faoi.”













