Tá iarthar chontae Phort Láirge á aithint go forleathan le tamall de bhlianta anuas mar thobar inspioráide don cheol agus do na rincí seit.
Ag ócáid i nGaeltacht na nDéise níos luaithe i mbliana bronnadh Gradam Thionól Nioclás Tóibín ar bheirt deartháireacha as an mBaile Dubh de bharr na hathbheochana atá curtha ar bun acu chun na traidisiúin Ghaelacha seo a choimeád beo sa cheantar seo ar thaobh Abhainn Mhór na nDéise. Aitheantas a bhí sa bhronnadh ar na ranganna, ceardlanna, ceolchoirmeacha, seónna agus comórtais atá eagraithe ag na deartháireacha Tomás agus Séamas (Sham) Ó hAoláin le breis agus caoga bliain sa dúiche iargúlta seo – iad ag obair i gcónaí ar mhaithe le hathbheochan na hoidhreachta.
Tionóladh TuneFest Dungarvan 2025 sa chontae don chúigiú bliain as a chéile ag deireadh mhí an Mheithimh agus é ina cheiliúradh ar an gceol traidisiúnta Gaelach. Bhí ceoltóirí áitiúla le cloisteáil ag mealladh na sluaite; sheinn ceoltóirí ó chian is ó chóngar ar fud an bhaile ar feadh trí lá agus mar a tharlaíonn go hiondúil bhí na foinn thraidisiúnta ag éirí ó hallaí agus tithe tábhairne ó dhubh go dubh.
Ba léir go raibh rud éigin suntasach ag titim amach sa dúiche seo in iarthar an chontae nuair a bhí an bua ag an mbanna ceoil, Taobh na Mara, trí bliana ó shin ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2022 – is ó Chraobh na gComarach de chuid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann baill an ghrúpa den mhórchuid. Bhain siad an chéad áit amach i rannóg shinsir na mbanna céilí. Ag an bhfleadh chéanna an bhliain sin, bhuaigh Sarah O’Gorman, duine den bhanna ceoil, an phríomhdhuais sa bhfidil.
RM Block
Nuair a labhair Tomás Ó hAoláin le Molscéal TG4 mar gheall ar Ghradam Nioclás Tóibín i mbliana dúirt sé go mbíodh sé féin agus a dheartháireacha, Sham agus David, ag taisteal ar thóir an cheoil agus iad ag triail ar an Rinn i bhfad siar.
“Táimid an-bhródúil go raibh Nioclás ina chara againn,” a dúirt sé agus é ag féachaint siar ar na hoícheanta ceolmhara a chaith sé in éineacht lena bheirt deartháireacha ag éisteacht le ceol traidisiúnta na Gaeltachta “nuair a bhíodh Nioclás Tóibín ag canadh”. Bhídís go léir bailithe le chéile sna seachtóidí agus sna hochtóidí i dTigh Uí Mhaonaigh do na seisiúin cheoil seo, a deir sé. Bhíodh na Conneries, Sliabh Geal gCua na Féile agus amhráin tí eile ar nós Eochaill le cloisteáil agus iad á rá ag Nioclás Tóibín. “Tá na cuimhní sin ó na hoícheanta sin go mór i m’aigne agus táimid an-bhródúil as an ngradam seo,” a dúirt sé.
Ba léir go raibh rud éigin suntasach ag titim amach sa dúiche…nuair a bhí an bua ag an mbanna ceoil, Taobh na Mara, trí bliana ó shin ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2022.
Le blianta fada tá muintir Uí hAoláin tar éis an nasc traidisiúnta idir An Baile Dubh agus Gaeltacht na nDéise a láidriú. Inniu léiríonn an lárionad ceoil sa mBaile Dubh cé chomh láidir is atá traidisiúin na nGael. Is anseo a bhailíonn páistí agus déagóirí gach seachtain chun na rincí seit a fhoghlaim. Múintear uirlisí ceoil dóibh chomh maith. Leanann cuid acu ar aghaidh leis an gceol. Is den traidisiún sin é mac le Sham, Séamas Ó hAoláin, ar ceoltóir, damhsóir agus amhránaí é. Bhí sé ina bhall den ghrúpa The Mary Wallopers ar feadh dhá bhliain, agus ina dhiaidh sin dhírigh sé ar a chuid ceoil féin. Seinneann sé an cairdín. Rinneadh a chéad albam a eisiúint i mí na Bealtaine 2024, albam a bhí fréamhaithe sa traidisiún agus bunaithe ar fhoinn a bhí foghlamtha aige óna chéad mhúinteoir Bobby Gardiner, a thagadh ag teagasc go dtí an Baile Dubh go rialta.
Múintear seiteanna ar nós Seit Bhaile Duibh, Seit Chorca Dhuibhne agus Seit Shliabh Luachra d’aos óg an cheantair, iad ag triall ar Halla Naomh Mhichíl sa sráidbhaile gach seachtain. Mar thoradh ar an obair atá déanta ag clann Uí Aoláin, tá craobh láidir de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann lonnaithe ann anois, agus ó 1991 ar aghaidh tá na ceoltóirí agus na rinceoirí as an mBaile Dubh ag cur seónna traidisiúnta ar siúl fén dteideal The Booley House, agus tá cáil bainte amach ag na léirithe acu ag féilte agus fiú ag ócáidí ar leith sna Stáit Aontaithe.
Glactar leis go bhfuil beocht agus beatha tagtha ar chúrsaí cultúir agus oidhreachta sa dúiche. Deir Tomás Ó hAoláin go bhfuil an-chuid suime á léiriú ag muintir an cheantair sa rince fós - go háirithe ag cailíní agus ag na buachaillí freisin, agus gur léir dó go bhfuil an borradh suime seo ag fás i gcónaí. Ag féachaint siar ar bhlianta a óige snaseachtóidí luatha deir sé gur fhoghlaim sé an seit áitiúil óna athair agus a mháthair. “Nuair a bhíodh na buailtí ar siúl sa bhaile, bhíodh cóisir acu sa teach ag deireadh an lae oibre agus bhíodh an seit acu, an seit áitiúil, agus bhíodh ceol acu agus amhráin”.