Cén chúis a bhíonn taobh thiar de chinneadh tú féin a chur os comhair an phobail agus na meán ar feadh dhá mhí?
Cad is bunús leis an gcead sin a thabhairt do dhaoine cíoradh a dhéanamh ar do shaol iomlán, agus cead a gcinn a thabhairt dóibh tú a chéasadh mar gheall ar bhotúin nó teip éigin a tharla na blianta fada ó shin?
Cén fáth a mbíonn daoine toilteanach a n-ainmneacha a chur chun cinn mar iarrthóirí i dtoghchán na hUachtaránachta?
Is cath salach é feachtas an toghcháin seo i gcomparáid le haon bhabhta polaitiúil eile, olltoghcháin san áireamh.
RM Block
Fáth amháin atá leis sin, b’fhéidir, ná go mbíonn slat tomhais dhifriúil i gceist. Dírítear go huile agus go hiomlán ar phearsantacht agus ar chúlra na n-iarrthóirí.
An bhfuil na cáilíochtaí cuí acu chun an jab a dhéanamh? An bhfuil siad oiriúnach don phost? An bhfuil an t-údarás acu a bheith ina n-ionadaí don phobal i gcoitinne, mar cheannaire an Stáit?
Ón méid atá cloiste agam, creidim gurbh fhearr le Sinn Féin a dhuine féin a chur isteach sa rás. Ach tá an páirtí idir dhá chomhairle.
I gcomhthéacs na polaitíochta, an bhfuil siad gan pheaca, bíodh sé solathach nó marfach?
Leagtar síos caighdeán ard do na hiarrthóirí agus ciallaíonn sin gur mór an cur isteach ar shaol pearsanta an iarrthóra a bhíonn i gceist.
Ach fós féin, ní bhíonn aon easpa iarrthóirí á gcur féin in aithne don phobal.
Ag an bpointe seo, tá beirt atá deimhnithe sa rás: an Teachta Dála neamhspleách ó Ghaillimh Thiar, Catherine Connolly, agus an t-iar-aire Heather Humphreys ó Fhine Gael.
Is mór an trua nach raibh comórtas inmheánach ag Fine Gael ach bhí sé ródheacair ar Séan Kelly dul thar an tairseach.
Bhí ar gach iarrthóir ainmniúchán a bhailiú ó 20 ball den pháirtí parlaiminte (idir Theachtaí, Sheanadóirí agus Fheisirí Eorpacha). Tá 59 mball san iomlán agus má tá duine amháin ansin ina rogha choitianta ag na baill (mar a bhí Heather) níl seans dá laghad ag an duine eile.
Bhí caint ann le tamall go raibh an Taoiseach i bhfách le tacaíocht a thabhairt don iarbhainisteoir peile de chuid Bhaile Átha Cliath, Jim Gavin, mar rogha Fhianna Fáil sa rás agus deimhníodh sin ag an deireadh seachtaine.
Níos luaithe sa samhradh, is cinnte go raibh sé idir dhá chomhairle maidir le hiarrthóir a ainmniú. Ní dóigh liom go raibh mórán goile ag ceannaireacht an pháirtí tacaíocht a thabhairt do Bertie Ahern, d’Éamon Ó Cuív ná do Mary Hanafin mar go samhlaítear iad le tréimhse an Tíogair Cheiltigh, agus an geilleagar ag titim as a chéile.
Is cinnte go mbeadh a lán tacaíochta ag aon duine den triúr laistigh d’Fhianna Fáil (Bertie go háirithe) ach is é an tuairim inmheánach ná go mbeadh deacracht acu vótálaithe eile a mhealladh. Níl sé sin 100 faoin gcéad féaráilte ar Hanafin agus Ó Cuív - nach raibh Mícheal Martin é féin ina Aire ag an am - ach sin í fírinne shearbh na polaitíochta.
Tá an cor is déanaí sa scéal maidir le Jim Gavin an-spéisiúil ar fad. Ní duine glórach é Gavin. An persona poiblí atá aige ná duine ciúin béasach modhúil. Ach is mór an cháil atá air, tuillte le linn a thréimhsí sna Fórsaí Cosanta, leis na peileadóirí ón Ardchathair agus le hÚdarás Eitlíochta na hÉireann. Deirtear faoi nach bhfágann sé aon rud le seans, go ndéanann sé pleanáil chríochnúil ar chuile thogra a bhíonn ar bun aige agus go bhfuil scileanna as cuimse aige daoine a mhúscailt chun a ndícheall a dhéanamh ar mhaithe leis an bhfoireann. Níl aon ego le brath, ná baol air.
Bheadh deacrachtaí aige áfach. Níl aon taithí ag Gavin ar an bpolaitíocht agus tá sé deacair a thuar - má roghnaíonn Fianna Fáil é sa deireadh - cé chomh láidir a bheadh sé sna díospóireachtaí nó ag déileáil leis na ceisteanna crua a chuirtear le linn an fheachtais.
Níl aon nuacht ó Shinn Féin go fóill. An bhfuil an páirtí chun a iarrthóir féin a roghnú nó tacaíocht a thabhairt don iarrthóir neamhspleách ón eite chlé, Catherine Connolly?
Ón méid atá cloiste agam, creidim gurbh fhearr le Sinn Féin a dhuine féin a chur isteach sa rás. Ach tá an páirtí idir dhá chomhairle. An comhalta a bhfuil an seans is fearr acu an sprioc a bhaint amach ná an ceannaire Mary Lou McDonald. Ach tá sé soiléir nach bhfuiltear chun í a chur chun tosaigh. Tá an iomad rioscaí ag baint leis an mbóthar sin. Ar aon chuma, tá sé fós mar aidhm aici post an Taoisigh a bhuachan. Ag an am céanna, tá cuid de Theachtaí Shinn Féin báúil le Connolly agus ní bheadh aon deacracht acu tacaíocht a thabhairt di. Ach an rud a ritheann leis na daoine sa pháirtí atá i mbun straitéise nach mbeadh ceannas ag príomhpháirtí an fhreasúra ar an bhfeachtas dá mbeadh Connolly ina hiarrthóir. Chomh maith leis sin, an mbeadh sí chomh glórach ar sprioc na hÉireann Aontaithe is atá Sinn Féin?
Is ar an gcúis sin a cheapaim go roghnóidh Sinn Féin duine ón bpáirtí féin. Ach tá an fhadhb chéanna acu is atá ag Fianna Fáil. Cé is moite de Mary Lou, tá sé deacair teacht ar dhuine a bhfuil a ainm in airde ar fud na tíre.
Tá slí eile dar ndóigh. Mura bhfuil tacaíocht le fáil ón Oireachtas, is féidir dul i dteagmháil leis na comhairlí contae agus cathrach. Caithfidh iarrthóir tacaíocht a fháil ó cheithre cinn acu san iomlán chun ainmniúchán a shealbhú.
Níor úsáideadh an tseift seo go dtí 1997 nuair a fuair Dana Rosemary Scallon ainmniúchán ar an modh seo. Ó shin i leith, bhain naonúr an liosta oifigiúil iarrthóirí amach a bhuí le slí na gcomhairlí.
Ní dóigh liom gur eisceacht a bheas sa toghchán seo. Creidim go bhfeicfidh muid iarrthóir amháin, nó beirt, ag teacht tríd ar an mbealach seo sa deireadh.