Táim san India faoi láthair, nó ceapaim go bhfuil. Is é fáth m’amhrais ná go bhfuil gach aon ní mórthimpeall chomh nua, chomh héagsúil, chomh dathannach sin go bhféadfainn a bheith i ndomhan éigin de chuid na réaltachta fíorúla.
Is í fírinne an scéil gur geall le bheith i saol fíorúil, i bhfoirm, é dul go tír iasachta ar bith.
Is é nós atá agamsa, sa chás is go bhfuilim chun triall thar lear, oiread a léamh mar gheall ar an mball agus is féidir. Úrscéalta, filíocht, stair, go ró-áirithe.
Bíodh go bhfuil staitisticí agus uimhreacha agus eolas seachtrach tábhachtach ina slí féin, is iad a bhíonn lom agus fuar agus neodrach suas is anuas le tumadh in anam sin na háite a bhfaightear sa litríocht.
Is róchuma cén áit a bhfuil ár gcosa (nó sa chás seo, sciatháin) dár dtabhairt, bíonn réamhthuiscintí éigin againn ina taobh. Is ródhócha iad a bheith breac le breall agus cam le claonta. Turasóirí a thagann go hÉirinn ceapaid go gcasfaidh leipreacháin leo fan na slí, nuair gurb í an fhírinne nach bhfeictear iad ach sa lucht féachana ag cluichí rugbaí idirnáisiúnta.
Is dá réir sin a bhíos féin maidir leis an India. Is ea, bhí cuid de na leabhair léite fadó agam, E.M. Forster agus Kipling, ach is léir go dtugann siad sin pictiúr chomh fírinneach den India is a thugann sióga Yeats d’Éirinn.
Bhí go leor den fhilíocht a d’aistrigh Gabriel Rosenstock ó údair éagsúla de chuid na hilchríche blasta agam, agus ghabhas siar ar scríbhneoireacht liteartha agus pholaitiúil Arundhathi Roy fad is a bhíos ag éisteacht le ceol Ravi Shankar is ag slogadh bhajis go tiubh.
Ina dhiaidh sin is uile, ní móide go raibh mé i ngar de bheith ag tuirlingt ar screamh an dromchla d’fhonn an chuimilt is éadroime a dhéanamh air. Is í an cheist mhór, conas is féidir dul amach ar thír nó ar chultúr ar bith eile nach bhfuil tú ar maos ann, nach bhfuil gafa sealbhaithe laistigh agat ar shlí éigin?
Léigh mé tuilleadh. Osclaíodh cuirtíní beaga. Fuair mé éachtaint laistiar den chaille. Chuir mé leathshúil leathchaoch trí na coirníní a bhíonn ag sileadh anuas den doras. Fós féin, ní raibh bheith istigh agam. Ní raibh cead isteach thar tairseach agam, nó má bhí féin, b’fhuar agam é.
Sea, má sea, arsa mise, ‘tabharfaidh mé an léim mhór.’
Chrom mé ar an Mahabharata a léamh. Is é an Mahabharata eipic mhór na hIndia, dán atá ocht n-uaire níos faide ná an Odaisé agus an Iliad arna gcur le chéile! Is fíor nach dtugann an Choiméide Dhiaga ná El Cid, abraimis, aon oscailt faoi leith ar an Iodáil ná ar an Spáinn faoi seach dúinn inniu.
Ina dhiaidh sin is uile, tálann siad sprid de shaghas éigin orainn, agus is dócha gurb í sin atá uainn.
Bhí fadhb agam, áfach. Cumadh an Mahabharata sa tSanscrait, cá bhfios, ag dul siar 3,500 éigin bliain.
Níl Sanscrait agam, gan amhras, agus is mó de theanga dheasghnáthach inniu í ná d’urlabhra bheo. Ná níl teanga dhúchais ar bith eile de chuid na hIndia agam.
Ní móide ach an oiread go bhféadfainn gach ceann de na 100,000 éigin ceathrúna a léamh in aistriúchán ar bith! Bhí mé taobh, mar sin, le leagan próis Bhéarla ar aon fhad le húrscéal gairid.
Is í an cheist, ar léigh mé an Mahabharata in aon chor, seachas athinsint chaol ar scáil de phúca neamhbheathaithe liath bliodarnuisciúil ar ghruaibhín an bhealaigh bhig?
An mar sin dúinn maidir le cultúr iasachta de riamh is choíche?