De réir a chéile a thógtar na Caisleáin Óir

Rinne Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair agus Fighting Words na Gaeltachta comóradh an chéid den sárleabhar Caisleáin Óir

Fighting Words event
Fighting Words event

Tuigeann Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall an dualgas atá orainn ceiliúradh a dhéanamh ar an oidhreacht shaibhir scríbhneoireachta a dhéanann oileán litríochta as an tír bheag seo. Is fíor a rá go mbíonn údair Ghaeltacht Thír Chonaill luaite nuair a dhéanann muid cuimhneamh ar na scríbhneoirí a chur leis an taisceadán roinnte, cultúrtha seo. Ach tuigeann muid fosta, má tá muid chun cur leis an saibhreas scríbhneoireachta seo, go gcaithfidh muid deiseanna a chothú ina mbeidh deis ag daoine óga an chontae a scéalta féin a fhorbairt agus a roinnt.

Is láidir an caidreamh atá ann idir Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair agus Dónall Ó Cnáimhsí an tOifigeach Pleanála Teanga le Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, duine a thugann cuidiú den chéad scoth dúinn léitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn. Nuair a bhuail muid le chéile in 2024 chun plé a dhéanamh ar chomóradh cuí ar Caisleáin Óir le Séamas Ó Grianna, a foilsíodh céad bliain ó shin i 1924, tháinig muid ar an smaoineamh deis a thabhairt do phaistí scoile an cheantair páirt a ghlacadh i dtogra scríbhneoireachta spreagtha ag eachtraí Shéimí agus Bhabaí ón bhuntéacs.

Rinne Dónall cur i láthair do na páistí faoin leabhar agus saol na ndaoine ag an am. Cé gur thaitin an scéal leo, shíl siad go mbeadh siad féin ábalta deireadh níos sásúla a scríobh! Is ansin a tháinig Bríd-Treasa Wyndham as Fighting Words na Gaeltachta isteach lena ceardlanna spreagúla sna scoileanna. Ghlac an t-ocht bhunscoil i Limistéar Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt páirt sa togra agus bhí 150 scoláire rannpháirteach i gcumadh na scéalta. Mar a deir Dónall:

“D’fhoghlaim na páistí faoi na gnéithe áirithe a bhaineann le cumadh scéil, na carachtair, an suíomh agus an phlota. Chuaigh na páistí ar aistear shamhlaíoch, chruthaitheach agus is iontach na scéalta beaga a chum siad. Tá súil againn go mbeidh na páistí spreagtha leanacht orthu ag scríobh go cruthaitheach.”

Agus na scéalta scríofa, rinne Denis McGeady, Leabharlannaí i Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair jab iontach na scéalta a athchóiriú agus a eagrú isteach i leabhar beag speisialta Is Fiú an Tairbhe an Trioblóid. Tháinig múinteoirí agus scoláirí le chéile sa leabharlann i mí Feabhra don seoladh agus ceiliúradh a dhéanamh ar an éacht a bhí bainte amach acu.

Tá muid iontach buíoch i Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall as an tacaíocht a fhaigheann muid ó Dhónall agus ó Bhríd-Treasa agus tá súil againn go mbeidh deiseanna eile againn comhoibriú a dhéanamh amach anseo le Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt agus Fighting Words na Gaeltachta araon.

I measc a leithéid de Caisleáin Óir, Cith is Dealán agus Nuair a Bhí Mé Óg ar leabhragáin na leabharlainne anois tá Is Fiú an Tairbhe an Trioblóid. Cá bhfios? Seans go mbainfidh scríbhneoirí an leabhair seo clú amach cosúil le ‘Máire’ féin.

De réir a chéile a thógtar na caisleáin.