Thosaigh sé le Séamus, ansin Máirín agus ansin John Joe. Mhaslaigh Séamus mo mháthair agus ní fhaca éinne ina dhiaidh sin é. Bhrúigh Máirín sa gclós mé agus chaill sí a cos an lá dar gcionn. Chaith John Joe clocha le mo mhadra agus thit claí air, an fear bocht.
Níl cliú agam céard atá mícheart liom? Nuair a chuirim mallacht ar dhuine, nach dtarlaíonn sé dóibh go gairid ina dhiaidh sin.
Maidin sheaca a bhí ann. Bhí mo chuid pluideanna tarraingthe os mo chionn agus mise i mo chodladh go sámh. Isteach le mo mháthair. “Éirigh anois,” ar sí.
Tar éis an bhricfeasta thosaigh mé ag staidéar do na scrúduithe a bhí le tosú ar an Luan. Shuigh mo dheartháir beag, Tomás, trasna uaim agus thosaigh sé ag cur isteach orm. “Stop!” arsa mise leis go crosta. Ach faraor níor stop. “Dún do chlab!” a bhéic mé. Bhreathnaigh mo mháthair orm. “Stop ag béiceach ar do dheartháir!” ar sise go crosta. D’éirigh mé ó mo chathaoir agus rith mé suas staighre.
Luigh mé ar mo leaba. “Cén fáth gur tugadh an pleidhce sin dom mar dheartháir?!” a deir mé. “Ba bhreá liom nach mbéarfaí riamh é!”
Tar éis tamaill ag macnamh, síos liom sa gcistin arís ach ní raibh dé ná deatach ar mo dheartháir. “A Mhama, cá bhfuil Tomás?” Bhreathnaigh mo mham orm ar nós go raibh mé craiceáilte, “Cé sa diabhal é Tomás?” ar sí. Ba bheag nár thit an t-anam asam. “Ó a Thiarna, céard atá mé tar éis a dhéanamh?!” arsa mise liom féin.
Shuigh mé i mo sheomra ag caoineadh. “A Dhia, tá brón orm gur chuir mé na mallachtaí sin ar Shéamus, ar Mháirín, ar John Joe agus ar mo dheartháir. Ach geallaim duit más féidir iad a thabhairt ar ais, ní chuirfidh mé mallacht ar aon duine go deo arís!” Leis sin chuala mé mo dheartháir ag glaoch orm ón gcistin. “Tá an dinnéar réidh.” Lig mé béic áthais agus rith mé síos staighre.
Ar an Luan bhí Séamus, Máirín agus John Joe ar ais ar scoil. Bhí dhá chois ag Máirín agus bhí John Joe amuigh as an gcathaoir rotha. Ghabh siad ar fad leithscéal liom. Bhí seacht gcroí agam.
Shuigh mé féin agus Máirín sa gclós le chéile ag breathnú ar Chaomhán agus é lagtha ag gáire faoin gcearc a bhí i mbéal an tsionnaigh sa ngarraí béal dorais. “Bheadh sé barrúil feiceáil cén chaoi a mbeifeása dá mbeifeá i do chearc,” arsa mise i m’intinn.
Ní raibh dé ná deatach ar Chaomhán tar éis na scoile, ach táim beagnach cinnte go bhfaca mé circín rua sa gclós, ag piocadh ar cheapaire ar an talamh...