Ceann de na spóirt dhúchais is coitianta atá againn ná an fhéinsciúrsáil. De réir olagóin an lae ba dhóigh leat go minic go bhfuilimid ar an tír is ainnise ar domhan. Tá inghinte ionainn go bhfuil an saol go léir amuigh ansin forásach, dul-chun-cinniúil agus ag dul ar aghaidh go binn, fad is atáimidne ceangailte san aimsir chaite ag cogan ar sheanghnáis ar nós mar a dúirt Kavanagh ina dhán gránna bréagach impiriúlach ‘In Memory of Brother Michael’, ag seoladh ‘in puddles of the past.’
Thuigfí seo as cleachtais áirithe a thuismigh in áiteanna eile agus a thuirling chugainne ar ball. An fás eacnamaíochta féin ar tháinig ann dó in iarthar na hEorpa tar éis an chogaidh mhóir dheireanaigh bhí déanach ag snámh inár dtreo. Mheathlaigh na leaganacha éagsúla den chreideamh Críostúil sna baill chéanna ó lár na 19ú haoise, agus deirtear go rabhamarna céad bliain déanach san imirt. Agus gan amhras, bhíomar cúngaigeanta oileánda ag piocadh ar chlúmh ár n-imleacáin féin.
Is róbhaol gur cuid choitianta den náire náisiúnta é sin, cuid den lúitéis chultúrtha. Ní hé a mhalairt sin atá á mhaíomh anseo gur sinn an tír is fearr agus is iontaí agus is solasmhaire ar domhan, ach go bhfuil go leor ar fiú a bheith mórálach as, nithe eile a rabhamar inár gceannródaithe orthu, agus tuilleadh fós arb é ár seasamh sainiúil an rud is ciallmhaire sa chruinne.
Ar an leibhéal is ísle brí i gcúrsaí móra tábhachtacha tromchúiseacha an tsaoil is sinn a chomáin an cosc ar chaitheamh tobac i mbialanna agus i dtithe tábhairne, nós a leathnaigh go fairsing inár ndiaidh. Thaispeánamar an tslí maidir le málaí páipéir seachas málaí plaisteacha a bheith á ndáileadh ar chách sna siopaí abhus, cé go bhfuil sin á ligean i ndearmad de réir a chéile.
I ndála an chláir oibre liobrálaigh féin chuamar chun cinn leis an gcomhphósadh aoninscneach nuair b’eagal le tíortha eile drannadh leis. Seo in ainneoin an domhaintraidisiúin Chaitlicigh a maítear a bheith cúng, ach pé ar mhaith le gach neach duine é nó a athrach, eagraíocht fhairsing leathan dhomhanda ilchríoch í a bhfuil a súile agus a cluasa ar fhís don saol mór. Is leor a bheith páirteach inti agus gan a bheith cúng, an té a thuigfeadh i gceart é.
Faoi mheanmna na polaitíochta, áfach, is minic sinn ar ár n-iomaire féin nó le cuid an bheagáin, agus nach maith sin? An fuadar atá ag stiúra go leor de pholaitíocht na hEorpa inniu, fuadar gránna ciníoch agus spionlaitheachta, níl aon rian mór de abhus fós. An méadú thar áireamh atá tagtha ar pháirtithe de chuid na heite deise, Reform sa Bhreatain, AfD sa Ghearmáin, Fratelli d’Italia san Iodáil, Vox sa Spáinn níl buailte umainn in ainneoin go bhfuil baiclí beaga cancracha inár measc ag súgradh leis an bhfaisisteachas. Bheifeá ag súil nach comhartha é seo go bhfuilimid ‘chun deiridh’ ar thíortha eile!
An t-amhras seo isteach fúinn féin is ar pháirc chatha na neodrachta is mó a imrítear. Ní maith le cuid de na maithe móra go bhfuil seasamh neamhspleách fós againn. B’fhearr leo go mbeimis leis na buachaillí móra ag téisclim chun cogaidh. Is mór acu an fás gan tomhas ar chaiteachas cosanta (.i. cogaidh) an Aontais Eorpaigh. Séantar go bhfuil creimeadh á dhéanamh ar an neodracht, ach cén uair dheiridh ar airigh tú polaiteoir de chuid an rialtais i mbun reitrice líofa lándáiríre ag moladh na neodrachta mar chosaint ar scrios domhanda agus mar thearmann sábháilte dúinn le croí maith mór?
Ar a laghad ligimid orainn go bhfuilimimid i gcoinne cinedhíothaithe sa Phailistín.
B’fhéidir, go díreach, b’fhéidir go bhfuilimid chun tosaigh ar an domhan san aithint dhoshéanta sin.