FOCLÓIR: Uathachas - autism; ildisciplíneach - multidisciplinary; feasacht - awareness; stuimeáil - stimming; fuaimeanna arda - loud sounds; deacrachtaí céadfacha - sensory difficulties; Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe - United Nations General Assembly.
Ba é Eugen Bleuler, síciatraí Eilvéiseach, a d’úsáid an téarma ‘uathachas’ den chéad uair in 1908. D’úsáid Bleuler an téarma le cur síos a dhéanamh ar othar a raibh scitsifréine air agus a chúlaigh isteach ann féin. Tá tuiscint dhifriúil i gceist le húsáid an téarma in 2025, áfach. Tá cúpla bealach ann anois le cur síos a dhéanamh ar dhuine a bhfuil uathachas air: mar shampla, deirtear go bhfuil uathachas ar an duine, go bhfuil sé uathach, go bhfuil ASD air nó go bhfuil sé ar speictream an uathachais. Léiríonn an méid téarmaí difriúla an chastacht agus an éagsúlacht a bhaineann leis an uathachas. Is minic a léirítear go bhfuil míchumas i gceist ach déanann As I Am, carthanas uathachais na hÉireann, cur síos ar uathachas mar: ‘a lifelong developmental disability or difference which relates to how a person communicates and interacts with others, and how they experience the world around them.’ Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go luann As I Am an focal ‘difríocht’ chomh maith le ‘míchumas’.
Is féidir le páiste ar bith teacht ar an saol agus uathachas air. Beidh uathachas air i gcónaí ach b’fhéidir nach mbeadh a fhios ag a thuismitheoirí go dtí go dtosaíonn an páiste ag fás agus ag forbairt. Tá cúpla comhartha a chabhraíonn linn uathachas a aithint ar pháiste. D’fhéadfadh deacrachtaí a bheith aige ó thaobh na cumarsáide de, mar shampla, teanga a thuiscint agus a labhairt. D’fhéadfadh sé go mbeadh deacrachtaí céadfacha aige: deacracht le torainn arda, cuir i gcás. D’fhéadfadh deacrachtaí comhordaithe a bheith aige lena chorp. B’fhéidir go dtosóidh sé ag stuimeáil agus d’fhéadfadh sé go dtiocfadh cliseadh uathach air. Teastaíonn foireann ildisciplíneach (dochtúir, síceolaí leanaí, teiripeoir urlabhra agus teanga agus teiripeoir saothair) chun diagnóis uathachais a chinntiú.
Ceann de na deacrachtaí is mó a bhíonn ag páiste a bhfuil uathachas air ná teanga a phróiseáil, a labhairt agus a thuiscint agus tá páistí a bhfuil uathachas orthu nach labhraíonn ar chor ar bith. D’fhéadfadh deacracht a bheith aige ceist a thuiscint, mar shampla. D’fhéadfadh frustrachas teacht air dá thoradh agus go dtosódh sé ag béiceadh nó ag screadach chun an frustrachas seo a chur in iúl. Is féidir leis abairt atá ráite leis a athrá arís go beacht mar a dúradh leis é. Tugtar macallacht ar seo. B’fhéidir nach mbeadh páiste a bhfuil uathachas air ar an eolas faoi cé chomh glórach atá sé nuair a bhéiceann sé. Is féidir leis labhairt i mbealach aisteach ar nós róbait. Is minic a mheascann sé a réamhfhocail, mar shampla, d’fhéadfadh sé ‘Tá bainne uait’ a rá nuair is ‘tá bainne uaim’ atá i gceist aige.
Teachers on rising physical aggression in Irish schools: ‘I’ve been out of work due to an assault for 2½ years’
The ‘Papabiles’: Six men who could become the next pope following the papal conclave
Mystery surrounds Joanna Donnelly’s sudden departure from RTÉ weather forecasting role
Death of Pope Francis: Michael D Higgins says pontiff had ‘unfinished business’, as preparations made for papal funeral
Ceann de na bealaí is fearr le cúnamh a thabhairt do pháiste a bhfuil uathachas air ná úsáid a bhaint as amharc cumarsáide. B’fhéidir nach mbeadh an páiste in ann teanga labhartha a thuiscint ach bheadh sé in ann pictiúr a thuiscint. Tá an nath cainte ‘Is fiú míle focal pictiúr amháin’ an-oiriúnach do pháiste a bhfuil uathachas air. Bhí tuiscint mhaith ag Carol Grey ar an bpointe seo agus is mór an cúnamh an coincheap “an Scéal Sóisialta” a chruthaigh sí go luath sna 1990aidí. Úsáidtear scéalta sóisialta chun cúnamh a thabhairt do pháistí tuiscint a fháil ar imeachtaí áirithe ar nós dul go dtí an t-aerfort. Bíonn pictiúr lárnach ar gach leathanach de scéal sóisialta. Úsáidtear téacs gearr soiléir uaireanta freisin ach is é an pictiúr a insíonn an scéal.
Agus uathachas ar pháiste, feidhmíonn an inchinn i mbealaí difriúla, rud a mbíonn tionchar aige ar iompar an pháiste. B’fhéidir go gcuirfeadh solas láidir nó solas lag isteach ar shúile an pháiste.
D’fhéadfadh fuaim, boladh, blas, agus uigeacht fadhbanna a chruthú dó freisin. Bíonn deacrachtaí ag go leor páistí a bhfuil uathachas orthu le suíomhanna ina bhfuil go leor torainn amhail clós súgartha, ollmhargadh nó fiú sráid ghnóthach i lár na cathrach. B’fhéidir nach gcuirfeadh fuaimeanna arda isteach ar pháiste eile a bhfuil uathachas air ach seans go gcuirfeadh fuaim ó uirlis cheoil ar nós giotáir isteach go mór air. D’fhéadfadh sé go gcuirfeadh deacracht chéadfach le héadaí isteach ar pháiste a bhfuil uathachas air freisin agus go mbeadh sé an-mhíchompordach dó na héadaí sin a chaitheamh. B’fhéidir go dtosódh páiste a bhfuil uathachas air ag stuimeáil má bhíonn deacrachtaí céadfacha aige: na lámha nó an corp ar fad a chroitheadh, cuir i gcás.
Deacrachtaí céadfacha
Caithfear glacadh leis go bhfuil deacrachtaí céadfacha ag páiste a bhfuil uathachas air agus go bhfuil bealaí le déileáil leis na deacrachtaí seo ag teastáil freisin. B’fhéidir go mbreathnódh sé aisteach go dtosódh páiste a bhfuil uathachas air ag croitheadh a lámh go tobann ach caithfear glacadh leis go bhfuil sé ag dul i ngleic le deacracht chéadfach ina chorp. Is mór an cúnamh é teiripe shaothair do pháiste a bhfuil uathachas air. Breathnaíonn teiripeoir saothair ar na bealaí éagsúla atá ann ó thaobh gluaiseachta de le go mbeidh páiste in ann déileáil le deacrachtaí céadfacha. Is féidir leis cabhrú scileanna mínluaileacha a fhorbairt freisin, scileanna a mbíonn forbairt ag teastáil orthu go minic ag páiste a bhfuil uathachas air. Is féidir leis réim chéadfach a mholadh freisin, mar shampla, léimeanna réaltchruthacha agus aclaíochtaí eile a chabhraíonn leis an bpáiste é féin a rialú go fisiciúil.
Tagann cliseadh uathach ar pháiste a bhfuil uathachas air nuair a bhíonn an inchinn ag cur thar maoil le smaointe in aon nóiméad amháin agus nach mbíonn sé in ann déileáil leis. Is geall le stoirm leictreach é seo ina inchinn. D’fhéadfadh an páiste tosú ag béiceadh, ag screadach, ag caoineadh, ag bualadh dorais nó á bhualadh féin go fiú. Níl an páiste i gceannas ar an gcliseadh seo agus tá sé an-tábhachtach é seo a thuiscint.
Ní racht feirge atá i gceist. Ní fiú ‘stop’ nó ‘socraigh síos’ a rá leis. Cuireann éilimh mar seo isteach go mór ar an bpáiste mar níl sé in ann iad a chomhlíonadh. Moltar gan iarracht a dhéanamh an cliseadh a stopadh. Moltar fanacht leis go foighneach agus a bheith cinnte go bhfuil sé sábháilte. Is féidir labhairt leis faoi céard a tharla, faoin bhfáth srl. nuair a bheidh an cliseadh thart.
Cé go bhfuil go leor le foghlaim fós faoin uathachas, táimid tar éis i bhfad níos mó tuisceana a fháil air ón am a d’úsáid Eugen Bleuler an téarma in 1908. D’ainmnigh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 2 Aibreán mar Lá Domhanda Feasachta ar an Uathachas in 2007. Cabhraíonn lá mar seo le feachtas ar an uathachas a scaipeadh ar fad an domhain agus ní raibh sé i bhfad gur tháinig Mí Feasachta ar an Uathachas ar an bhfód. Tá forbairt thar a bheith tábhachtach tar éis tarlú ó shin freisin.
D’athraigh grúpa i Meiriceá, darb ainm Autistic Self Advocacy Network, ainm na míosa seo go dtí Mí Inghlachtachta Uathachais in 2011. Tá neart grúpaí ag úsáid an teidil áirithe seo anois agus táimid ag bogadh óna bheith aireach ar an uathachas go dtí glacadh leis go bhfuil sé ann, go bhfuil sé mar chuid den saol agus go bhfuil cearta ag daoine a bhfuil uathachas orthu mar aon le chuile dhuine eile.
Soláthar seirbhísí oideachais
Agus céard faoin uathachas in Éirinn agus inár scoileanna go háirithe? Bunaíodh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) in 2003 chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí oideachais do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Forbraíodh réimse measúnuithe, polasaithe, agus treoirlínte dea-chleachtais do ranganna speisialta ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla agus na Gaeilge mar thoradh ar obair na Comhairle.
Tá tuairim is 3,335 rang speisialta ar fud na tíre inniu agus is ranganna uathachais a bhformhór. Is ábhar dóchais iad na forbairtí seo ach ní mór an oiliúint chuí agus forbairt ghairmiúil a bheith ag múinteoirí agus cúntóirí riachtanas speisialta atá le bheith ag obair sna ranganna seo. Beidh tuilleadh tacaíochta ag teastáil i gcónaí áfach. Tá róil thábhachtacha le comhlíonadh sna scoileanna ag múinteoirí, cúntóirí riachtanas speisialta, tuismitheoirí, príomhoidí scoile agus cigirí na Roinne Oideachais.
Caithfear a chinntiú go bhfuil cothroime rochtana ar an gcuraclam agus comhdheis ratha ag daltaí sna ranganna uathachais mar aon lena bpiaraí sna ranganna príomhshrutha.
* Is scríbhneoir agus léachtóir é Roibeárd Ó Cuinn