Steip: ‘Comhrá ceart idir an ceoltóir agus an daimhseoir’

Chuir Steip an Oireachtais cor i gcinniúint an damhsa ar an sean-nós

Nada Ni Chuirrín: “Deirimse i gcónaí gur uirlis cheoil é an damhsa ar an sean-nós mar nach mbíonn an ceoltóir nó an daimhseoir scartha óna chéile - ní féidir an damhsa a bheith ann gan an ceol.”
Nada Ni Chuirrín: “Deirimse i gcónaí gur uirlis cheoil é an damhsa ar an sean-nós mar nach mbíonn an ceoltóir nó an daimhseoir scartha óna chéile - ní féidir an damhsa a bheith ann gan an ceol.”

FOCLÓIR: Saorstíl – freestyle; daimhseoir/damhsóir - dancer; oícheanta airneáin – social evenings; cleachtas – practice; ársa – ancient; ardú meanman – lift the spirits; moltóir – referee.

“Tá sé thar a bheith spleodrach, thar a bheith taitneamhach agus thar a bheith gríosúil mar shiamsa.” Sin an cur síos a rinne Máirín Nic Dhonnchadha, ceannasaí Oireachtas na Gaeilge, ar an damhsa ar an sean-nós, gnás uathúil de dhamhsa dúchasach na hÉireann.

Bhí an gnás damhsa saorstíle seo, ar a dtugtar ‘steip’ uaireanta, i gcontúirt dul in éag tríocha bliain ó shin, ach tá sé tar éis teacht i dtreis le scór bliain anuas.

Is i bpócaí beaga i gConamara - in áiteanna amhail Leitir Mealláin, Tír an Fhia agus an Trá Bháin chomh maith le Ráth Chairn i gCo. na Mí – is mó a cleachtadh an damhsa anuas go dtí le fíorghairid.

READ SOME MORE

Ceaptar gur stíl ársa damhsa atá ann, ach mar sin féin, níl mórán eolais againn faoi bhunús an chleachtais ach amháin gur i gcaitheamh oícheanta airneáin, ag teacht le chéile teaghlaigh, nó i dtithe tábhairne is mó a d’fheictí é.

“Deireanach san oíche, thagadh daimhseoirí amach ag seisiúin, théis dóibh cúpla deoch a bheith acu, agus ansin d’fheicfeá b’fhéidir ochtar a bhí in ann steip a dhéanamh,” a dúirt Nada Ní Chuirrín, damhsóir agus moltóir ar an damhsa ar an sean-nós.

“Thosódh duine amháin ag damhsa agus ansin thagadh duine eile amach ina dhiaidh,” a dúirt Ní Chuirrín.

Nós atá ann a thugann ardú meanman don lucht féachana.

“Eispéireas ar leith é,” ar sise.

“De ghnáth bíonn daoine bailithe timpeall ar an daimhseoir agus bíonn siad ag scréachaíl ‘hup’ agus mar sin de. Ní dóigh liom go bhfeicfidh tú é sin le stíleanna eile damhsa - murab ionann agus an damhsa steip, bíonn scoilt ann mar go mbíonn an lucht féachana ina suí go ciúin agus ag breathnú ar na daimhseoirí.”

Seasann an stíl neamhfhoirmiúil seo i gcontrárthacht leis an damhsa traidisiúnta foirmeálta, áit a gcoinneodh an damhsóir an chuid uachtarach den chorp righin agus díreach, leis na lámha coinnithe go daingean le taobh an choirp.

Is a mhalairt atá i gceist leis an steip.

“Bíonn solúbthacht agus saoirse ag chuile dhamhsóir a gcuid céimeanna féin a dhéanamh,” a dúirt Nic Dhonnchadha.

“Ní gá duit a bheith i do dhamhsóir le damhsa ar an sean-nós a dhéanamh. De bharr na stíle scaoilte sin a bhaineann leis, tá aon duine in ann dul amach ar an urlár agus a dhamhsa uathúil speisialta féin a dhéanamh,” a dúirt sí.

Tá Ní Chuirrín, arb as an Rinn Mhaoil i gCo. na Gaillimhe di, i mbun taighde PhD ar dhamhsa ar an sean-nós i gConamara le béim ar thraidisiún na mban.

Tá sí féin ag damhsa ón uair a bhí sí “sé nó seacht” mbliana d’aois. “Chuir mé isteach ar an bhFleadh nuair a bhí mé b’fhéidir 9 mbliana d’aois agus bliain nó dhó ina dhiaidh sin, chuir mé isteach ar an Oireachtas den chéad uair.

“Bhí mé ag damhsa san Oireachtas ó 2011 go dtí gur bhuaigh mé an comórtas sinsearach Steip in 2018 agus stop mé ansin.”

Tá Ní Chuirrín ag glacadh páirt i gclár faisnéise ar TG4 ag an deireadh seachtaine a dhéanann ceiliúradh ar 20 bliain ón gcéad chraolachán beo ó chomórtas Steip an Oireachtais, ócáid a deirtear a chas an taoide ó thaobh an ghnáis seo den damhsa traidisiúnta Gaelach.

TG4

In 1977 a cuireadh an chéad chomórtas damhsa ar an sean-nós ar chlár an Oireachtais. Cé nár tharraing sé mórán airde ag an am, le teacht na teilifíse thiocfadh athrú ar an scéal sin.

Gach Samhain breathnaíonn na céadta mílte isteach nuair a chraolann TG4 an comórtas damhsa ar an sean-nós ó fhéile an Oireachtais.

Ach, ní fada ó bhí an fhoirm dhamhsa seo i mbaol. Ní raibh sé á chleachtadh go forleathan - níor chuir aon iomaitheoir isteach ar an gcomórtas in 1999 - agus ba bheag nár baineadh ó chlár na féile ar fad é.

Ach in 2004 craoladh an comórtas beo ar an teilifís den chéad uair agus bhí tionchar mór aige sin ar thodhchaí an damhsa.

“Cinneadh an-chróga a bhí ann ag an am,” a dúirt Nic Dhonnchadha.

Bhí cláracha móra spóirt á dtaispeáint ag an am céanna “agus fós féin, an chéad bhliain sin, bhí lucht féachana 371,000 duine ag breathnú ar an gcraoladh beo an Satharn sin.”

“Bhí an figiúirsin dochreidte ag an am mar nach raibh mórán poiblíochta déanta air.

“Tá sé sin tar éis cuidiú go mór leis an spreagadh agus an borradh atá tagtha faoin damhsa ar an sean-nós,” a dúirt Nic Dhonnchadha.

Tá an damhsa ar an sean-nós anois ar cheann de mhórimeachtaí Oireachtas na Samhna agus líontar halla an chomórtais bliain i ndiaidh bliana.

Rialacha

B’fhéidir nach bhfuil rialacha foirmeálta ag baint leis an steip, ach tá roinnt buneilimintí ann a chaithfear a chomhlíonadh.

“Bíonn nuálaíocht ag baint le gach damhsa mar nach mbíonn sé cleachtaithe acu roimh ré,” a dúirt Nic Dhonnchadha.

“D’fhéadfadh damhsóir damhsa áirithe a dhéanamh le port inniu agus damhsa le céimeanna thar a bheith difriúil a dhéanamh leis an bport céanna amárach.”

An ceoltóir céanna a chasann an ceol do na hiomaitheoirí ar fad i gcomórtas an Oireachtais, agus is féidir leis tarlú nár casadh an bheirt ar a chéile cheana roimh lá an chomórtais.

Agus is sa spiorad céanna sin a chleacht Nada Ní Chuirrín a ceird féin.

“Ní raibh sé de nós agamsa féin píosa ceoil a roghnú roimh ré,” a dúirt sí.

“Deirinn ‘Caith amach dhá ríl ansin’.”

“Deirimse i gcónaí gur uirlis cheoil é an damhsa ar an sean-nós mar nach mbíonn an ceoltóir nó an daimhseoir scartha óna chéile - ní féidir an damhsa a bheith ann gan an ceol.”

“An nós a bhí againne agus mise ag fás aníos ná go mbíodh ceol ann, agus go ndeachaigh tú ag damhsa leis - ní raibh tú ag cuimhneamh ar pé tiúin a bhí le casadh,” a dúirt sí.

“Nuair a bhíonn an ceoltóir sásta píosa ceoil a chasadh nó nuair a bhíonn siad compordach agus iad ag baint taitneamh as, bainfidh mise tuilleadh taitnimh as,” a dúirt sí.

“Ba cheart go mbeadh an daimhseoir in ann a bheith ag damhsa le ceol ar bith.”

Déanann Ní Chuirrín moltóireacht ar chomórtais anois – dúshlán ann féin nuair nach bhfuil mórán rialacha ag baint leis an bhfoirm.

“Tá sé deacair, i ndáiríre,” a dúirt sí. “Ós rud é go bhfuil stíl chomh haonarach sin ag chuile dhuine, bíonn tú ag brath ar na rudaí a thaitníonn leat féin – rud atá deacair nuair a bhíonn triúr (moltóirí) ann mar go dtaitníonn a gcuid rudaí féin le chuile dhuine.

“Is dóigh go mbíonn tú ag breathnú ar na bunrudaí - an bhfuil rithim ag an duine, an bhfuil na steipeanna fós íseal, an bhfuil siad go deas néata agus traidisiúnta, an bhfuil tuiscint acu ar an gceol.

“An féidir leo ‘comhrá’ ceart a bheith acu leis an gceoltóir agus a bheith nádúrtha - tá sé sin an-tábhachtach - an bhfuil siad ag baint taitneamh as, an mbreathnaíonn siad amhail is go bhfuil siad fós ag damhsa sa seomra suí.”

“Caithfidh tú a bheith nasctha leis an gceol,” a dúirt sí. “Comhrá ceart atá ann idir an ceoltóir agus an daimhseoir.”

“An rud is tábhachtaí i ndáiríre, ná tuiscint a bheith agat ar an gcultúr, taitneamh a bhaint as an damhsa agus a bheith sásta é a dhéanamh agus má éiríonn leat i gcomórtas ar bith, thar cionn agus fair play duit,” a dúirt Ní Chuirrín.

Craolfar Scór Bliain de Steip Dé Domhnaigh 20 Aibreán ag 8.30pm ar TG4

Nóta: Foilseofar ‘Scéal’ ,nuachtán úrnua Gaeilge, den chéad uair amárach. Dáilfear Scéal gach Máirt le The Irish Times agus Irish Examiner.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.