Thosaigh craobh peile sinsir na hÉireann (nó an Oileáin má tá náire ort an focal ‘Éire’ a úsáid) ag an deireadh seachtaine. Bhí buanna breátha ag Dún na nGall, agus ag Loch Garman i measc na gcontaetha, cé go dtarlódh go raibh breall orm arís (mar a bhí uair amháin cheana) toisc go scríobhtar an colún seo sular caitheadh liathróid ar bith isteach idir an bheirt uaigneach i lár na páirce. Dia go deo leis an tráth nuair a bhíodh leath na foirne ag feitheamh i lár an ghoirt agus go rabhamar ag súil leis an gcéad scliúchas agus an chos ar chloigeann agus an dorn sna heasnacha agus an chic ar phláitín na glúine.
Is mór idir na haimsirí, agus bhí tarraingt riamh ag an bpeil Ghaelach idir a bheith ina rugbaí nó ina cispheil, le feacadh glúine éigin i dtreo an chluiche Astrálaigh gona liathróid ubhchruthach agus a gcuid fathach seacht dtroithe ar airde. Bhí uair eile nuair a d’fhanadh gach aon imreoir ina ionad féin, an lánchúlaí ina mhangartach mór groí ar imeall na cearnóige réidh le haon duine a thiocfadh an treo a phlancadh le dorn nó le huillinn; an fear lár páirce chomh hard le crann giúise, chomh díreach le taibhreamh sagairt, chomh sínte go bhféadfadh an ghealach a sciúchadh anuas; an lántosach ar dheis ina choileáinín beag glic lúfar a ghabhfadh trí fhalla cloiche cosantóirí d’fhonn cúl a ghnóthú nuair ba lú a mbíodh aon choinne leis.
Is ar an tuiscint sin a tógadh an pheil Ghaelach ar feadh formhór a beatha ó ceapadh na chéad rialacha as báirí garbh sráide is clampair ghoirt is aighnis faicseanachta chun cabhraithe le Ciarraí ina mbuanna dúchais. Bhí sin go maith agus ní raibh go holc go dtí go dtáinig foirne aduaidh le scór go leith bliain anuas a d’fhoghlaim an iomad ceachtanna ó léigear Londaindoire. B’fhearr cosaint dá ghránnacht ná iarracht ar an scór is lú a fháil. B’fhearr liathróid id ucht ná dhá liathróid san aer.
Iarracht iad na rialacha nua ar chuid de dhúchas an chluiche a thabhairt ar ais. Ar éigean go bhfillfear ar an tseanstíl ‘cic agus ceap’ ina lán neart arís go deo, óir tá an iomad leabhar scríte ag bainisteoirí agus ag iarbhainisteoirí a léigh leabhair a scríobh bainisteoirí agus iarbhainisteoirí ar fhoirne sacair chun na soineantachta sin a bhlaiseadh arís.
No dress and no refund: A reader’s saga ordering clothes online from an ‘Irish’ firm that used stock images for staff photos
Ryan Adams at Vicar Street: A gig that nobody will forget anytime soon, but perhaps not for all the right reasons
The American counter-revolution is being led by Dow Jones, S&P and Nasdaq
Alzheimer’s: ‘I’ve lost my friend and my companion,’ says Úna Crawford O’Brien of fellow Fair City actor Bryan Murray
Agus tá an iomad ‘síceolaithe spóirt’ tar éis teacht ó na hollscoileanna a shlog piseoga isteach ó dhaoine nár bhain rás spúnóige riamh chun an púca áirithe sin a chur ar ais ina phróca ceart. Tá oirbheartaíocht agus teaicticí i gceist anois atá níos caolchúisí go mór ná an chaid a lascadh san aer agus ligean don bheirt a dtiteadh sé orthu dul ag iomrascáil ar a son.
Chuige sin an fháilte roimh na rialacha nua. Cumasc iad den dúchas seanbhunaithe roimh thréimhse chosantach na nUltach agus den tsaoirse a ligeann scód leis na himreoirí is fearr. Is fíor go gcuirfidh an stua daichead méadar as dá lán, óir ní hé gach aon imreoir a raibh an chéimseata ar eolas go maith aige ar scoil agus coillfidh riachtanas na ndea-bhéasa bunmhianta na n-imreoirí is gairbhe.
Íoróin thubaisteach is ea go raibh tús á chur leis na cluichí craoibhe an deireadh seachtaine tar éis don laoch, don ghaiscíoch, don churadh thar churaí, Mick O’Dwyer imeacht uainn, fear a chuir réabhlóid ar bun nár chuaigh in éag fós, rialacha ann nó as. Fágann sé poll i bhfirmimint na peile nach féidir a líonadh.
Ar mhaithe le holc agus mar chúiteamh ar Micko is dócha go mbainfidh Ciarraí arís i mbliana, rud a fhágfaidh go mbeimid ar ais san áit ar thosaíomar riamh.