FOCLÓIR: Sprioc - goal; éagmais - absence; oifigí sealadacha - temporary offices; oirthear - east; imeascadh - integration; dearcadh - outlook; duairc - gloomy; faoi bhois an chait - under control.
‘Merve Beksari is ainm dom. Is as Iostanbúl sa Tuirc dom.” Mar sin a chuir an foghlaimeoir Gaeilge í féin in aithne an tseachtain seo caite le linn cuairte a thug Tuarascáil ar Chéad Míle Fáilte, scéim a chuireann ranganna Gaeilge ar fáil do phobail nua na hÉireann.
Tá sé mar sprioc ag an scéim cabhrú le nuafhoghlaimeoirí tuiscint níos fearr a fháil ar theanga dhúchais na tíre, agus imeascadh sóisialta agus cultúrtha a chur chun cinn.
Reáchtáiltear ranganna ar fud na tíre i ngach cineál áitreabh - oifigí, hallaí pobail, ionaid soláthair dídine d’iarrthóirí tearmainn agus óstáin ina measc. Thuas staighre in oifigí sealadacha Chonradh na Gaeilge ar Shráid Camden i mBaile Átha Cliath a tionóladh an rang áirithe seo.
SSE Airtricity misread Anne’s meter, overcharged her by thousands and won’t refund her
‘We’ve broken the barrier’: Optimism blossoms in the battle against rhododendron at Killarney National Park
Newlyweds land job as caretakers of Great Blasket Island
Last of the Irish Lords: ‘There’s a love-hate relationship between Irish people and Anglo titles’
Labhair Tuarascáil le ceathrar sa rang - Merve (ón Tuirc) agus triúr ón Úcráin: Yevheniia Fedchyshyna as Kharkiv, Anna Oliievska as oirthear na hÚcráine agus Daria Onushko as Kyiv.
Is mic léinn agus oibrithe in earnáil na teicneolaíochta faisnéise iad atá lonnaithe in Éirinn le dhá nó trí bliana anuas.
Freastalaíonn a bhformhór ar ranganna foirmiúla Béarla agus tá siad sa dara téarma anois ag foghlaim na Gaeilge. Is léir go bhfuil ag éirí go geal leo sna ranganna agus rinne siad cumarsáid nádúrtha ag baint úsáide as an dá theanga.
“Tá mé in Éirinn le trí bliana anuas agus táim ag foghlaim Gaeilge mar bhealach chun foghlaim faoi chultúr na tíre,” a dúirt Beksari.
“Múintear dúinn faoin stair, faoi bhrí na bhfocal, agus cabhraíonn sé sin liom nasc a dhéanamh leis an gcultúr,” a dúirt sí.
“Yevheniia Fedchyshyna is ainm dom agus is as Kharkiv dom,” a dúirt duine eile.
Dar le Yevheniia, nó Eva, mar thugtar uirthi de ghnáth, tá sé “tábhachtach” don té ar mian leis cur faoi i dtír ar bith eolas a chur ar theanga dhúchais na tíre sin.
“Bíonn tionchar ag an teanga ar dhearcadh daoine agus ar an mbealach a fheiceann siad an saol,” a dúirt sí.
“Ba mhaith liom tuiscint a fháil freisin ar a bhfuil á rá ag daoine nuair a bhíonn siad ag caint fúm,” a dúirt sí le miongháire.
Ghlac caoga duine páirt i scéim phíolótach Chéad Míle Fáilte dhá bhliain ó shin agus tá na céadta ag glacadh páirt i mbliana.
“Bíonn béim ar an teanga labhartha ar an gcéad dul síos - is é sin an phríomhsprioc atá againn,” a dúirt Darragh Humphreys, múinteoir Gaeilge le Céad Míle Fáilte, atá i bhfeighil an ranga.
“Bíonn siad fiosrach faoi na comharthaí bóthair agus na logainmneacha, agus tá seal caite ag beagnach gach duine acu sa Ghaeltacht,” a dúirt sé.
Dúirt Connlaith Ní Raifeartaigh, bainisteoir Chéad Míle Fáilte, go bhfuil an iliomad fáthanna go gcuirtear suim sa Ghaeilge.
“Is daoine ilteangacha iad go leor acu agus tá meon iomlán difriúil acu i gcomparáid le daoine sa tír seo nach bhfuil ach teanga amháin acu,” a dúirt sí.
“Ní rud mór dóibh é teanga eile a fhoghlaim.”
Cé gur mhalartaíodar Iarthar ar Oirthear, agus go bhfuil go leor éagsúlachtaí idir na tíortha as ar tháinig siad agus Éire, feiceann cuid d’fhoghlaimeoirí Chéad Míle Fáilte cosúlachtaí stairiúla idir an Ghaeilge agus a dteanga dhúchais féin: “Tá suim ar leith agam i dteangacha a bhí faoi chois,” a dúirt Daria Onushko, as Kyiv.
“Cuireadh cosc ar an Úcráinis 134 uair agus, in áiteanna, ní raibh cead ag daoine ach ainmneacha Rúiseacha a úsáid.”
“Tá go leor léite agam a scríobh teangeolaithe faoi thodhchaí na Gaeilge agus, dar leo, tá todhchaí dhuairc roimpi - ní aontaím lena dtuairimí agus ba mhaith liom gníomhú chun a dtuar duairc a bhréagnú,” a dúirt sí.
“Is cuid den chultúr atá sa teanga. Tá na fadhbanna céanna againne ó thaobh stair ár dteanga dhúchais féin san Úcráin.”
Feiceann Humphreys an bá atá acu lena dteanga féin: “Tá an ghlúin seo an-dearfach i leith na hÚcráinise i gcomparáid lena dtuismitheoirí – ní raibh siad faoi bhois an chait,” a dúirt sé.
Dúshláin
Tá dlúthbhaint idir foghlaim teanga agus imeascadh i dtír nua, agus creideann Ní Raifeartaigh go mbíonn buntáistí suntasacha i bhfoghlaim na Gaeilge don phobal nua agus don phobal dúchais araon.
Ach, murab ionann agus tíortha eile san Eoraip, áit a gcuirtear deiseanna ar fáil d’inimircigh na teangacha oifigiúla a fhoghlaim, fágtar an cúram sin in Éirinn faoi eagrais ar nós Chéad Míle Fáilte.
Oibríonn Céad Míle Fáilte le heagrais sa Ghaeltacht agus lasmuigh de - leithéidí Conradh na Gaeilge, Ciorcal Comhrá NTMK, Ionad Uíbh Eachach, NASC, Mayo Intercultural Action agus Gliogar, i measc go leor eile.
Is iarrthóirí tearmainn iad cuid de na foghlaimeoirí agus ó am go ham bíonn deacrachtaí praiticiúla acu a bhaineann lena staid leochaileach.
“D’fhoghlaim muid anuraidh go gcaithfidh muid a bheith solúbtha,” a dúirt Ní Raifeartaigh.
“Mar shampla, bhí cúigear déag ag freastal ar rang i Mala, i gContae Chorcaí anuraidh. Dúirt an múinteoir go raibh dul chun cinn iontach déanta acu ach ansin fuair siad litir ó na húdaráis a dúirt go mbeadh orthu bogadh go láthair eile ar fad. D’fhan a bhformhór sa chontae ach bogadh amach as Mala iad agus chaill muid formhór an ranga sin thar oíche – ceann de na ranganna ab fhearr a bhí againn,” a dúirt sí.
Chuir Roinn na Gaeltachta breis maoinithe ar fáil don scéim i mbliana agus cé gur mór an chabhair an tacaíocht sin, agus go bhfuiltear ag súil go bhfreastalóidh 320 duine ar 24 sraith ranganna i mbliana, ní féidir an t-éileamh a shásamh.
“Tá muid ag fiosrú faoi photaí beaga maoinithe eile a chabhródh linn freastal ar níos mó daoine,” a dúirt Ní Raifeartaigh.
“Tá muid ag plé le roinnt comhairlí contae agus le comhairlí áitiúla agus muid ag súil go dtiocfaidh linn maoiniú breise a fháil.”
Is léir go bhfuil géarghá le tacaíochtaí sa Ghaeltacht agus lasmuigh di. Tá dúshláin mhóra roimh theagasc na Gaeilge sa Stát sa lá atá inniu ann agus is minic a dhéantar díolúine ón bhfoghlaim a dheonú in áit deiseanna foghlama a chur ar fáil.
“Tá daoine á lonnú i lár na Gaeltachta gan Gaeilge acu. B’fhéidir go mbeidh páistí s’acu ag freastal ar scoileanna áitiúla agus níl tacaíocht ar bith breise ar fáil dóibh,” a dúirt Ní Raifeartaigh.
“Creideann pobal na Gaeilge go bhfuil sé tábhachtach na pobail nua a ghlacadh isteach sa phobal,” a dúirt sí.
Ón méid is léir ó iarrachtaí dhreamanna ar nós Céad Míle Fáilte, bíonn rath ar an obair nuair a chuirtear tacaíocht ar fáil.
Bronnadh scoláireachtaí ar ochtar déag chun dul chun na Gaeltachta anuraidh agus tá súil níos mó a bhronnadh i mbliana. “Ba iontach an taithí dóibh é, tá eolas acu anois ar an nGaeltacht agus is léir gur thaitin sé go mór leo,” a dúirt an múinteoir Darragh Humphreys.
Ach an “rud is fearr” faoin gcúrsa, dar leis, ná go gcuireann na daltaí “an oiread sin ceisteanna” sa rang.
“Agus is deas an rud é sin, do mhúinteoir Gaeilge, go mbeadh an-chuid ceisteanna á gcur ag na scoláirí.”
Breis eolais: ceadmilefailte.ie nó ceadmilefailte@cnag.ie.
Uachtarán nua ag Conradh na Gaeilge
Tá uachtarán nua tofa ag Conradh na Gaeilge. Toghadh Ciarán Mac Giolla Bhéin, gníomhaí teanga ó Iarthar Bhéal Feirste, ina uachtarán le linn Ardfheis an eagrais, a reáchtáladh i mBaile Loch Garman ag an deireadh seachtaine.
Dúirt Mac Giolla Bhéin gur “cúis ollmhór bhróid agus áthais” dó gur toghadh é agus go bhfuil sé “ag súil go mór” leis an chéad chéim eile in aistear Chonradh na Gaeilge.
Chaith Mac Giolla Bhéin cúig bliana ag obair mar Bhainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge agus is urlabhraí agus ball gníomhach den Dream Dearg é.
Le dhá bhliain anuas, bhí sé fostaithe mar Chomhordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail, in Iarthar Bhéal Feirste. Is ball bunaithe de Ghlór na Móna é agus is cathaoirleach reatha é ar Fhóram na nÓg agus ar an chumann lánGhaeilge CLG, Laochra Loch Lao.
Tagann sé i gcomharbas ar Paula Melvin, a chaith trí bliana mar uachtarán.