Tá sé ráite go rabhthas ag tathant ar Shocráiteas gur cheart dó léamh agus scríobh a fhoghlaim, mar is é a bhí deargaineolach ar an gceird nua sin. Áitíodh air go raibh an sás nua seo ann ar mhór ar fad an chabhair é don intinn. An té a mbeadh smacht aige air ba mhór an áis chun cuimhne é.
‘Ní hea,’ ar seisean, ‘is áis chun dearmaid atá ann.’
Ceann de chlichéanna móra ár linne is ea nach bhfuil sna scrúduithe againn, an ardteistiméireacht go háirithe, ach triail chuimhnimh, cleas chun a bhfuil foghlamtha de ghlanmheabhair a thástáil.
Dá mbeifeá ag dul faoi scian agus an dochtúir nó an lia os do chomhair lasnairde lena ghléasanna géara, b’fhearr leat go mbeadh a chuid eolais de ghlanmheabhair aige ná go mbeadh sé ag lorg an leathanaigh sa leabhar tagartha maidir le hionad do chroí i do chliabh.
‘It was the worst house in Dublin 4’: The trials of renovating a derelict Ringsend house
Stoneybatter: Suspect has no known links to victims, who remain in hospital with serious injuries
The baffling working from home puzzle. Something doesn’t make sense
I’ve worked in 60 countries – here is what people have said to me about Ireland
Is mó sin múinteoir arbh fhearr leis nó léi go mbeadh rud éigin de ghlanmheabhair nó de mheabhair shalach nó de mheabhair éigin ag daltaí seachas go mbeadh a n-aigne ina tor cabáiste nó ina clár bán. Is é eagla atá ar dhaoine anois gurb í an aimsir láithreach an t-aon aimsir de na briathra ar fiú bacadh léi mar níl d’uain ar an bhfón póca ach a bhfuil ag dul díreach ar ala na huaire. Eagla den saghas céanna é go bhfuil an fón cliste ag déanamh amadáin de dhaoine.
Tá íoróin áirithe á leanúint seo mar san argóint chlasaiceach idir caint agus scríobh, mholtaí meabhair na ndaoine neamhliteartha. Is beag duine anois a bhfuil 400 éigin leathanach de scéalta is d’fhilíocht ina chloigeann mar a bhí ag, abair, Seán Ó Conaill Uíbh Ráthach. Ach imíonn focail le gaoth mura bhfuil siad scríte síos, agus sin é bua na scríbhneoireachta, an t-earra éalaitheach a bhuanú.
Ach is beag rud buan a bhaineann lena bhfuil ar an bhfón póca, nó go deimhin ar na meáin shóisialta. Is iad cabaireacht an lae iad. Chomh sealadach le beannacht an mheán oíche. Chomh díomuan le bricfeasta an mhadra. Go deimhin is ábhar líonrith agus scaoill é a bheith in éamais fóin nó ríomhaire glún nó pé gléas a cheanglaíonn leis an aer tú. Tá freagraí an tsaoil ar fad le fáil ar chúl scáileáin ach méar ar chnaipe agat.
Má mhúsclaíonn cás idir beirt cé mhéad seomra atá i bPálas Ceausescu nó cén contae a bhuaigh níos mó craobhacha sinsir Éireann sa pheil ná mar a bhain craobhacha cúige, seo duine láithreach leis na freagraí ar phont a mhéire agus ar ghob a theanga (1,100 agus Luimneach an dá fhreagra). Ach ar éigean go mbeidh cuimhne ar na sonraí sin muran duine tú atá cleachtach ar thráthanna na gceist nó ag traenáil le haghaidh Mastermind.
Ach is é an cás anois go bhfuil an chuimhne ag dul ó chuimhne. Nuair a bhínn féin ag teagasc cúrsa béaloidis chuirinn d’fhiachaibh ar na mic léinn gan aon pheann a bheith ina láimh ná páipéar bán a bheith os a gcomhair amach. Bhí cosc glan iomlán deachtóiriúil gan achomharc ar aon ghiob a scríobh síos. Ní fheicfeá go deo a leithéid de chorraíl, d’anbhá, de ghreadadh fiacla, de ghiongaíl, de mhéara nárbh eol cad ba chóir a dhéanamh leo. Níorbh fhéidir teacht slán gan peann a bheith sa ghlac. Níorbh fhéidir cuimhneamh ar aon rud gan nóta a bheith déanta de.
Ní bheadh scéalta móra an domhain againn mura mbeadh gur cuimhníodh orthu. Ní bheadh tuairisc againn ar Shocráiteas murar scríobh Platón síos a ndúirt sé.
Ach is fánach an uile ní, áfach, mura bhfuil eolas sa mheabhair, sa chloigeann nó sa chroí istigh féin, is róchuma cad as dó.
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis