Galar Eorpach

Níl aon amhras ná go bhfuil nithe cáidheacha á scaipeadh go háirithe ar an ngarr lofa arb iad na meáin shóisialta iad

Coinnle lasta in Auschwitz an tseachtain seo caite i gcuimhneachán orthu sin a maraíodh san Uileloscadh. Grianghraf Bob Reijnders/AFP via Getty Images
Coinnle lasta in Auschwitz an tseachtain seo caite i gcuimhneachán orthu sin a maraíodh san Uileloscadh. Grianghraf Bob Reijnders/AFP via Getty Images

Ba dhána an mhaise do dhuine ar bith a chos a chur thar tairseach isteach i gceist chomh híogair, chomh hathfhuafar is chomh gránna leis an bhfrith-Sheimíteachas. Ní féidir, áfach, í a sheachaint. Caithfear a dhéanamh.

Tháinig aníos arís is arís, ní nach ionadh, ag na cuimhneacháin éagsúla a déanadh Dé Luain seo caite ar fhuascailt Auschwitz ceithre scór bliain ó shin ag fórsaí armtha an Aontais Shóivéadaigh. B’é an frith-Sheimíteachas céanna faoi dear don champa báis sin, agus do na campaí báis eile a bheith ann, dlaoi mhullaigh mhallaithe nach mór dhá mhíle bliain de bheith ag caitheamh go deargéagórach leis an gcine Giúdach, agus tá an dearg sin ann d’aon ghnó.

Is féidir an líomhain bhréagach gurbh iad na Giúdaigh ba chúis le marú Íosa a rianadh siar ar a laghad go dtí an dara haois, líomhain mhí stairiúil ar fad. B’iad na Rómhánaigh a dhein, gan amhras, agus íoróin mhór na staire is ea go bhfuil ainm na Róimhe ceangailte riamh leis an eaglais Chríostaí is mó dá bhfuil ann, agus gur sa chathair sin atá a ceannasaí ina chónaí.

Níor chuir sin aon stop le dhá mhíle bliain de shionagóigí a bheith á ndó, scoileanna leagtha, cistí creachta, díbirtí as tíortha/bailte/cathracha, reiligí leagtha, leabhair loiscthe, iompuithe creidimh éigeantacha, leadradh Dhomhnach na pailme, cosc á chur ar Ghiúdaigh a bheith ina saoránaigh, nó postannna áirithe a bheith acu, nó ithe le Críostaithe, cónaí in áiteanna éagsúla, obair a dhéanamh Dé Domhnaigh gan trácht ar ár, choscairt, shlad nach bhfuil dóthain spáis ar an gcolún seo ná go leor eile beagán féin díobh a lua.

READ SOME MORE

Fairis sin na scríbhinní léannta, fealsúnta is liteartha go léir d’oidhreacht mhachnaimh an iarthair a bhfuil Tomás Acuin, Martin Luther, Voltaire an Inlightinmint ar screamh an uachtair den tréad a bhreac go líofa in aghaidh na nGiúdach, cuid acu b’urghráiniúla ná a chéile.

Le linn na searmanas cuimhneacháin úd dúradh cúpla uair go raibh an frith-Sheimíteachas ag leathnú arís ‘ar fud an domhain,’ nó ‘i measc na náisiún.’

Níl aon amhras ná go bhfuil nithe cáidheacha á scaipeadh go háirithe ar an ngarr lofa arb iad na meáin shóisialta iad, agus go dtarlaíonn eachtraí frithGhiúdacha thall is abhus ag daoine cealgacha a bhfuil olc ina gcroí. Ach ní ar fud an domhain. San Eoraip, nó sna háiteanna sin a ndeachaigh síniú ar an Eoraip, a tharlaíonn sin.

Galar Eorpach Críostaí is ea an frith-Sheimíteachas.

Is fíor go bhfuil frith-Sheimíteachas, leis, le fáil i gcuid de na tíortha Ioslamacha, go háirithe i dtuaisceart na hAfraice. Bhí tiomáint eile faoi sin, agus is mó a bhaineann anois le fothú Iosrael i gceartlár réigiúin Arabaigh seachas an nimh speisialta a bhí ag Eorpaigh do na Giúdaigh.

Sea. Bhí smut beag den ghalar san Afraic Theas, ach b’in i measc na gCríostaithe a tholg an Naitsíochas. Imir bheag san India, ach arna scaipeadh ag na misinéirí Portaingéalacha seal gairid dá raibh; mar fhríd eachtrannach Chaitliceach i mbaill éagsúla de Mheiriceá Laidneach nár neadaigh riamh sa chultúr.

Ach ní ar fud an domhain. Botún é sin a dhéantar róchoitianta. Ceapaimid gurb é an dioscúrsa AnglaMheiriceánach Eoraiplárnach seanimpiriúlach (iar)Chríostaí an t-aon cheann amháin atá ar an gclár.

Caith isteach sa mhaistreadh ansin, an cumasc coiteann idir an frith-Sheimíteachas agus cáineadh ar bith a dhéantar ar ghníomhartha barbartha ghabháltas Iosraeil agus is dícheall do dhaoine an smúid a bhaint dá meabhair. Is féidir go bhfeicfí fothrach Gaza níos soiléire ó Bheijing agus ó Bhogota seachas ó Bhoston ná ó Bheirlín.

Níor cheart go stopfadh ciontacht na hEorpa ina stair fhuafar chiníoch Chríostaí in aghaidh na nGiúdach mian na bPailistíneach ceart beag suarach de shaghas éigin a bheith acu.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar