Foclóir: An Neidín - Kenmare; poblachtach - republican; troid - fight; fealsúnacht - philosophy; go pras - quickly; fórsaí frith-Chonartha - anti-treaty forces; cuing - yoke; rug sé an báire - he won the day; smúsach - marrow; cúngaigeanta - narrow-minded.
Am éigin go gairid roimh 1930, shiúl Robert Brennan ón Neidín go Snaidhm, áit a raibh an táinrith ón nGaeilge fós ar siúl.
Thuig an Braonánach an t-aistriú teanga a bhí ar bun agus chuaigh sé go mór i bhfeidhm air.
B’fhéidir nach mórán daoine san lá atá inniu ann a chuala trácht air, ach d’imir an Braonánach páirt thábhachtach i bhforbairt na gluaiseachta náisiúnta. Ba as baile Loch Garman ó dhúchas dó agus is ann a chuaigh sé le Conradh na Gaeilge ina óige.
Dublin bin bag ban comes into force in south inner city
Ireland in the 1980s was backward, poor and stagnant. Some politicians want to bring us back there
‘Everyone expects us to get married and it feels like an unstoppable train’
An Irish cardiologist’s tips on how to ‘make purposeful changes in your life and see them through’
Ba í an taithí sin a mhúnlaigh a fhealsúnacht maidir le hathbheochan na Gaeilge: cosúil le go leor eile sa ghluaiseacht teanga, chreid sé go raibh an teanga ina gné lárnach sa troid ar son na saoirse agus ina huirlis don fhuascailt náisiúnta.
Poblachtach agus iriseoir ab ea é agus daoradh chun báis é roinnt blianta sular thug sé faoina thuras ón Neidín go Snaidhm, i ngeall air a bheith i gceannas ar an Éirí Amach in Inis Córthaidh, i gCo Loch Garman, sa bhliain 1916.
Ach níor cuireadh an bhreith sin i bhfeidhm agus ina áit é a chur chun báis, gearradh téarma príosúin air, agus chaith sé tréimhse i ngéibheann i Sasana sular scaoileadh saor é. In am trátha bhí sé ag plé arís le cúrsaí náisiúnta.
Bhí baint aige le straitéis Shinn Féin a cheapadh don toghchán náisiúnta in 1918. I mí Dheireadh Fómhair 1921 thaisteal sé leis an toscaireacht a chuaigh as Éirinn go Londain chun síocháin a dhéanamh leis an mBreatain. Ach le linn na gcainteanna, d’fhág sé chun tacaíocht a lorg ar son na Poblachta i bpríomhchathracha na hEorpa.
Bhí sé i mBeirlín nuair a tháinig an scéala go raibh an conradh sínithe.
Ach chuir sé in aghaidh an méid a bhí socraithe agus d’éirigh sé as a phost mar fho-rúnaí gnóthaí eachtracha. Lean sé lena chuid oibre ar son na bhfórsaí frith-Chonartha agus i mí Iúil 1922, ceapadh é ina stiúrthóir poiblíochta orthu.
Tar éis theip na bhfórsaí poblachtacha sa Chogadh Cathartha, chaith sé, ar nós go leor dá chomhghleacaithe, roinnt mhaith ama sna Stáit Aontaithe agus nuair a d’fhill sé ar Éirinn, bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Scéala Éireann.
Ag deireadh na dtríochaidí ceapadh é ina aire (ambasadóir na hÉireann) in Washington.
Ba í a iníon Maeve Brennan an scríbhneoir agus iriseoir cáiliúil a chaith formhór a saoil i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Ach ar ais go scéal a thurais ón Neidín: Agus é ar a bhealach go Snaidhm, bhí sé ag súil, is dócha, go mbeadh misneach na ndaoine múscailte ag íobairt 1916, agus, b’fhéidir, ag fealsúnacht an Chonartha agus ag stádas nua na Gaeilge sa Saorstát.
Ach ní mar a shíltear a bhítear.
Go domhain ina smior agus ina smúsach bhí easpa muiníne ag na daoine astu féin, amhail agus go rabhadar sáinithe in umar an éadóchais.
Cé go raibh an tír saor ó smacht na Breataine faoin am sin, bhí an Ghaeilge fós á himeallú sa tír.
Leathnaigh an tuiscint i measc na ndaoine le blianta fada roimhe sin nach mbeadh fuascailt ó chuing i ndán dóibh mura nglacfaidís chucu féin fallaing is nósanna na Cinsealachta.
Ba é an Béarla eochair an dorais isteach go Tír na nÓg agus, le cúnamh na scoileanna náisiúnta le céad bliain roimhe sin, bhí an eochair sin á casadh sa ghlas.
B’fhéidir go gcuirfeadh sé anailís Ngugi wa Thiong’o agus a leabhar Decolonising the Mind i gcuimhne don léitheoir. Déanann wa Thiong’o cur síos ar an gcaoi a ndéantar creimeadh córasach ar chultúr agus ar fhéiniúlacht an phobail trí chóras an oideachais agus trí institiúidí eile an stáit - próiseas a leanann ar aghaidh go minic i dtíortha iarchoilíneacha.
In áit an gheana a raibh súil aige leis nuair a chloisfidís a dteanga dhúchais, ní bhfuair an Braonánach ach naimhdeas, drochbhéasa agus colg nimhe uathu siúd ar labhair sé Gaeilge leo nuair a chas sé leo ar an mbóthar. Ba léir go raibh briseadh tagtha idir na daoine agus a dteanga dhúchais, agus chuireadar sin in iúl go borb dó ina mBéarla briste.
Bhí duine amháin a chuir in iúl go láidir nach raibh maith ar bith sa Ghaeilge.
Ach i ndeireadh na dála, nuair a thuig sé go raibh an Braonánach gortaithe agus corraithe ag na maslaí agus ag meathlú a mhuintire, bhí trua aige dó.
Chrom sé ar scéal a inseacht a léireodh go raibh maitheas éigin sa Ghaeilge tráth dá raibh. I nGaolainn uasal cheolmhar na Mumhan d’inis sé an scéal faoi Dhónal Ó Conaill agus an nimh sa chupán.
Ina shuí chun boird a bhí Ó Conaill thall i Londain agus é i measc cuid dá naimhde polaitiúla. Bhí cailín aimsire ag freastal. Sular thosaigh sé ag ól as a chupán, bhuail an cailín bleid air:
“A Dhomhnaill Uí Chonaill, a’dtuigeann tú Gaedhilge?
Tuigim go maith í, a chailín as Éirinn
Tá salann i’d digh-se ná fuil i gcuid éinne
Má tá arsa Dónall, ólfaidh siad féin é!”
Sa leagan sin den scéal, thuig Ó Conaill láithreach gur nimh a bhí i gceist leis an “salann” agus rug sé an báire go pras.
Gan aon duine a chur ar an airdeall, mhalartaigh sé a chupán le cupán an té a chuir an nimh ann.
Is óna mháthair a d’fhoghlaim an colúnaí seo leagan eile as Sáile Thúna i ndeisceart Chonamara. agus is óna máthair siúd a fuair sise é:
“A Dhónaill Uí Chonaill, an dtuigeann tú Gaeilge?
Tuigim a chailín, ó, céard sin is léir duit?
Tá nimh i do chupán a mharódh na céadta
Más fíor sin a chailín, is maith í do spré-se!”
Tá leagan eile ar fáil i mBailiúchán na Scol agus b’fhéidir go bhfuil leaganacha eile ag léitheoirí, mar, gan amhras, d’insítí scéalta faoin gConallach ar fud na tíre.
Dearbhaíonn an Duinníneach an nós seanchais seo.
Faoin gceannfhocal Eachtruighim [eachtraím sa litriú ‘nua’] ina fhoclóir mór, tagraíonn an sé don nós a bhíodh ann a bheith ag inseacht scéalta faoi Dhomhnall Ua Conaill - “ag eachtruighe ar Dhomhnall Ua Conaill, telling anecdotes of Domhnall Ua Conaill”.
Déanfar ceiliúradh ar shaol Uí Chonaill in 2025, 250 bliain ó rugadh ‘an Fuascailteoir’, nó ‘the Liberator’, mar a tugadh air.
Cé gur shábháil an Ghaeilge a bheatha sa scéal thuas, agus in ainneoin go raibh sí go líofa aige féin agus ag a mhuintir - agus gurbh í a aint, Eibhlín Dhubh Ní Chonaill, a chum Caoineadh Airt Uí Laoghaire, ceann de mhórdhánta na Gaeilge, ní léir go raibh Ó Conaill i bhfách leis an teanga.
Tá seans ann, b’fhéidir, go raibh tionchar éigin aige ar an athrú a tháinig ar mheoin na ndaoine i dtaobh na Gaeilge.
Dúirt sé in 1833 go raibh sé airdeallach ar mheath na teanga ach: “Táim sách pragmatach gan a bheith ag caoineadh a meath. Ní buntáiste ar bith í éagsúlacht teangacha; tugadh don chine daonna í mar mhallacht ar dtús, ag tógáil Bhábéal. Ba mhór an buntáiste don chine daonna dá mbeadh an teanga chéanna á labhairt ag muintir uile an domhain,” a dúirt sé.
Tuairim chúngaigeanta bhaoth í sin, gan amhras, nach dtagann leis an bhfianaise eolaíoch atá againn sa lá atá inniu ann ar shealbhú teanga agus ar luach an ilteangachais.
* Guíonn Tuarascáil athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise ar ár léitheoirí. Rath agus sonas go raibh oraibh go léir.
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis