Tine chnámh na ngeallúintí

Agus is maith is eol dúinn cén toradh a bheidh air.

"Níl aon oidhre ar an toghchán ach ceant nach bhfeadair aon duine cad a gheobhaidh sé um a dheireadh." Grianghraph Nick Bradshaw/The Irish Times
"Níl aon oidhre ar an toghchán ach ceant nach bhfeadair aon duine cad a gheobhaidh sé um a dheireadh." Grianghraph Nick Bradshaw/The Irish Times

Caithfidh mé leithscéal a ghabháil sula gcromfaidh mé i gceart ar an gcolún seo a bhreacadh. Beidh a bhfuil le scríobh leamh, rud is annamh liom. Beidh sé chomh leamh leis an ábhar a bheidh faoi thrácht.

Beidh sé chomh leamh le ceapaire min sáimh, le cluiche sóisir iomána i gCo Fhear Manach, le tráthnóna liath fliuch in Buiríos Léith, le cáipéis talmhaíochta a cumadh sa Bhruiséil, le húrscéal eile fós mar gheall ar óige uafásach i mbaile beag faoin tuath, le prós thréadlitir easpaig, le briosca a chodail amuigh, le giolcaireacht phréacháin, le leabhar eacnamaíochta, le pizza gan seadóg, le súile ag stánadh ar shobaldráma, le gum coganta a fágadh ar chnaiste na leapan thar oíche, le pióg phráta leathbhlasta, le leathanach staitisticí, le scríb ghlas an earraigh, le clúmh an imleacáin, le guth Keir Stamer, le liamhás plaisteach, le comhrá faoin aimsir, leis an M50, leis an dá fhicheadú véarsa de ‘Dónall Óg’, le tufóg nach gcloistear, le cupán Americano Meiriceánach, le moing na muice, le tiormú locha faoin ngréin, le ham marbh na hoíche, le sprochaille sróine nach dtiteann, le himpriseanachas teibí nua-aimseartha…

Is é an feachtas toghchánaíochta atá i gceist agam. Mar nach ndúirt an file, ach b’é ba thrí túisce dó:

Leimhe na leimhe do chonac ar shlí in uaigneas

READ SOME MORE

Leamhas an leamhais á stealladh go fíorghruama

Tuire na tuire chugainn ó gach cúinne

Is geabstaireacht bladair neamhbhlasta gan chúram.

Níl aon oidhre ar an toghchán ach ceant nach bhfeadair aon duine cad a gheobhaidh sé um a dheireadh. Tá ár gcloigne ramhar le geallúintí agus fios maith againn nach gcomhlíonfar ach cuid an bheagáin díobh de sheans, is róchuma cé do rogha féin.

Agus is maith is eol dúinn cén toradh a bheidh air. (Nach ndúirt mé go raibh seo le bheith leamh?) Beidh FF agus FG nó FG agus FF nó meascán éigin díobh sa diallait le chéile gan eireaball, nó in aon chrobhaing amháin le guairí deilgneacha de mhionpháirtí nó de neamhspleáigh spleácha ag gobadh amach astu.

Deir gach aon phobalbhreith agus vox pop gurb í an tithíocht agus an costas maireachtana an dá ábhar is mó atá ag déanamh scime do mhuintir an stáit. Ní mór ná gurb ionann gach agallamh raidió, toradh gach micreafóin sáite i mbéal an duine, substaint gach freagra ceiste ná liodán gearán, sraoillín de chnáimhseála i ndiaidh a chéile, fardal de chasaoidí ceann ar cheann.

Fós féin, tá gach dealramh ar an scéal go vótálfaidh formhór na ndaoine sin ar son na bpolaiteoirí a bhfuil siad ag gearán ina dtaobh! Uaireanta bheadh níos mó poll i do cheann le tochas ná mar a fheictear ar d’aghaidh ag iarraidh an méid sin a chiallú.

Nuair a bhí díospóireacht mhór an deichniúir ceannaire ar RTÉ 1 seachtain ó shin is ag gráinseáil ar na himill a bhíodar lena linn. Smut anseo, agus píosa ansiúd, agus giota le cur agus blogh le baint. Gan aon trácht in aon chor ar na mórcheisteanna a shocraíonn dán an duine, agus cinniúint na tíre seo sa domhan mór. Nuair atá na himpireachtaí móra gránna aniar agus anoir ag téisclim chun cogaidh is é is fearr a d’oirfeadh dúinne ná ár seasamh neodrach neamhpháirteach féin a fhógairt go neamhleithscéalach.

Agus pioc níor dúradh faoin oideachas, bonn, fundaimint agus fuaimint gach ratha atá againn agus gur mhó fós de scannal é nuair atá glúin iomlán múinteoirí ar a gcoimeád sa ghaineamhlach de cheal cothrom na féinne nó adhairt le cur faoina gcloigeann.

Ó sea, bíonn an plé seo ar na cliatháin agus lasmuigh den taobhlíne fiú amháin ar uaire, óir ní ábhair iad ar féidir a chur ar ceant go furasta.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar