Ceannródaí ar Lár

Scéal fada gabhlánach suas síos ann as is ea scéal Pháirtí Náisiúnta na hAlban

Bhásaigh Alex Salmond agus é ag freastal ar chomhdháil i bPoblacht na Macadóine Thuaidh. Grianghraf: Jane Barlow/PA Wire
Bhásaigh Alex Salmond agus é ag freastal ar chomhdháil i bPoblacht na Macadóine Thuaidh. Grianghraf: Jane Barlow/PA Wire

Bhíos in Albain nuair a tharla sé. Mé im shuí greim is bolgam agam ar mo shuaimhneas, an bosca ar siúl sa chúinne lasnairde mar leathshúil ag glinniúint anuas orm. De ghnáth déanaim mo sheacht ndícheall gan mo leathshúil féin a chaitheamh ina threo, ach sa chás seo theip orm. Nocht an íomhá ann, ansin ceann den saghas céanna, agus ina dhiaidh sin a amhlachas arís. Bhí a fhios agam gur tharla rud éigin.

Alex Salmond a bhí ann agus scéal a bheatha á ríomh, lándearbhú go raibh sé imithe uainn. Ba bheag eile a bhí ar raidió, ar theilifís, ar na meáin ná ag aos cabaireachta polaitíochta go ceann laethanta ina dhiaidh sin ach an fear agus ar bhain sé amach a phlé is a mheas. Níorbh fhéidir a shéanadh gur chuir sé corraíl mhór i linn mharbh pholaitíocht phoiblí na Banríochta Aontaithe (mar a bhí air ag an am). Thóg sé páirtí beag amháin a bhí ar imeall na himeartha agus dhein iad a phlancadh isteach i gceartlár an ghoirt, áit a bhfuil siad ó shin.

Scéal fada gabhlánach suas síos ann as is ea scéal Pháirtí Náisiúnta na hAlban, agus ní hé mo mhian é a insint anseo. Is leor a rá go raibh gluaiseacht éigin ar son neamhspleáchais, nó ar a laghad ar son rialtais bhaile riamh ann. Is minic dearmad déanta gur gheall rialtas Shasana (tugaimis sin air, mar sin a bhí ann) féinriail lag uiscealach féin do na hAlbanaigh dá mbeidís sásta dul sa chéad chogadh mór barbartha. Ní gá a rá gur déanadh dearmad go pras den gheallúint sin tar éis ar fágadh de bhláth óige na tíre sna reiligí in Thiepval agus Arras. Foláireamh soiléir don aicme abhus a shíl go mbronnfaí rialtas baile éigin orainne ag an am céanna.

Cé go dtoghtaí baill pharlaiminte de chuid an SNP do Westminster ina mbraonacha beaga ó na 1960í i leith. Ní raibh ach 6 cinn díobh fós acu sa bhliain 2005 agus gan ach 17 faoin gcéad de ghuth an phobail acu. B’é seo go gairid tar éis do Salmond dul i gceannas. Ach dhá bhliain ina dhiaidh sin is iad is mó a bhain suíocháin i bparlaimint na hAlban, agus sa bhliain 2011, scuab siad móramh leo mar a rachadh seabhac trí scata mionéan in ainneoin an chórais vótála arb ann dó ionas nach dtarlódh a leithéid. Ba mhó ba dhochreidte fós go sciobfaidís leo gach uile shuíochán seachas trí cinn in olltoghchán an UiK sa bhliain 2015.

READ SOME MORE

Ní fiú cumhacht a bheith agat, áfach, mura ndéantar rud éigin ar fónamh leis. Faoi stiúir Salmond chuir rialtas na hAlban deireadh le táillí ollscoile mar a dhein Niamh Bhreathnach anseo (cé go bhfuil siad ag caolú isteach arís faoi ainmneacha slíme sleamhaine ó shin). Níos tábhachtaí don phobal mór ba ea gur díbríodh táillí oidis, beart réabhlóideach a dhaingnigh seasamh daonlathach sóisialta an duine agus an pháirtí.

Is fíor gur lean líomhaintí tromchúiseacha a iompar pearsanta níos déanaí agus ba thubaisteach mar a thit sé amach le Nicola Sturgeon nár dhein leas éinne de lán na beirte acu. Ach slat tomhais agus marc measa agus comhartha caighdeáin do pholaiteoir ar bith lenár linn is ea an seasamh a ghlac sé nó sí nuair a dhein impireacht Mheiriceá agus a comhghuaillithe ionsaí mídhleathach mímhorálta ar an Iaráic faoi dhúmas bréige, agus a bhfuil a iarmhairt anacrach linn ó shin.

Ní raibh aon amhras ar Salmond. Ba dhíreach gur chuí dó cur ina choinne go fíochmhar. Chomh mór sin gur thacaigh sé le hiarracht ar an gcoirpeach cogaidh Tony Blair a tháinseamh.

Duine mar sin a bhí ann, duine a chuir a bhua polaitiúil chun seirbhís na córa.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar