‘Is fada an tréimhse seachtain sa pholaitíocht’

Ba shuimiúil mar a nocht díospóireacht Trump/Harris gnéithe suntasacha den saol polaitiúil a bheas le sonrú sna seachtainí atá romhainn

"Chaithfí a rá fosta gur deacair smaoineamh ar aon toghchán i SAM ó 1960 - Kennedy vs Nixon - i leith ina raibh ceisteanna charachtair chomh mór chun tosaigh." Grianghraf: Hiroko Masuike/The New York Times

Foclóir: Díospóireacht – debate; fairis sin – as well as that; fosta – also; láimhseálaithe – handlers; tairbhe – benefit; comhcheilg – conspiracy; í féin a theilgean – project herself; díshealbhaithe – dispossessed; feiliúnacht – suitability; amhrasach – questionable; tréimhse imchian - long period of time.

Bhí sé ag Harold Wilson, iar-phríomh-aire na Breataine, gur fada í seachtain sa saol polaitiúil. Ní haon dul amú a bhí air. Tá go leor tarlaithe ó dhíospóireacht Donald Trump/Kamala Harris i leith – ise ag tarraingt beagán chun tosaigh, agus eisean ag maíomh, mar is nós leis, a shár-mhuinín gur leis a bheas an lá tíocht mí na Samhna. Le cois sin, gan amhras, rinneadh iarracht eile ar Trump a chur ar shlí na fírinne – is deacair ag an bpointe seo aon fhaisnéis a dhéanamh ar an titim amach a shonrófar dá bharr.

Ba spéisiúil í an díospóireacht, ar a bonn féin cinnte, ach fairis sin ba shuimiúil mar a nochtadh gnéithe suntasacha den saol polaitiúil thall a bheas le sonrú sna seachtainí atá romhainn. Le breis a chur le méid Harold Wilson, is dóigh go ndéanfar dearmad go luath ar a ndúirt an bheirt chonspóideach go beacht, ach is móide go leanfaidh cuimhne áithrid ar mar a tharla idir eatarthu.

Chaithfí a rá fosta gur deacair smaoineamh ar aon toghchán i SAM ó 1960 – Kennedy vs Nixon - i leith ina raibh ceisteanna carachtair chomh mór chun tosaigh.

READ SOME MORE

Dá réir, is suimiúil – fiú fiúntach - súil a chaitheamh ar cé mar a chuir an bheirt iarrthóir iad féin i láthair.

Ar an gcéad dul síos, is cosúil go raibh súil ag láimhseálaithe an GOP le rannpháirtíocht dháiríre ó Trump, rud nár tharla. Bhí Harris éadrom ar shaintréithe a cuid polasaithe. Lena ceart a thabhairt di, mar sin féin, agus í ag smaoineamh ar theilgeadh, ní móide ach gur léir di na contúirtí a bhainfeadh le haitheantas a tharraingt uirthi féin, mar a bheadh, i dteanga na Meiriceánach, ‘Policy Wonk’.

Níor chun tairbhe do Hillary Clinton nó, níos faide siar, Adlai Stevenson (a sheas i gcoinne Eisenhower), a bhí an t-aitheantas céanna.

D’fhéadfaí amhras a chaitheamh fosta faoi cibé an mbeadh mórán cuspóir toghcháin ag baint le gabháil i ngleic le teoiric eacnamaíochta i ndíospóireacht phoiblí dírithe ar thoghthóirí i gcoitinne. Shamhlófaí é bheith teibí.

Ní raibh ach aon jab amháin le déanamh ag Trump – agus dob é siúd a thaispeáint go raibh sé in acmhainn gabháil i ngleic go fónta le hábhair thromchúiseacha seachas a bheith ag greadadh uaidh de shíor faoi féin agus faoi theoiricí comhcheilge seafóideacha. Ní dhearna sé aon jab dá leithéid.

Bhí aon jab amháin le déanamh ag Harris fosta, is é sin í féin a theilgean mar ábhar réasúnta uachtaráin. Rinne sí é go fónta.

Ní cruinn é mar thomhas cibé a mbeadh iarrthóir ‘Taitneamhach’ i mbarúil thoghthóirí. Ach is fiú mar sin féin a rá nach neamhchúiseach é, mar ab eol do Kennedy agus Reagan ach go háithrid. Rinne Eisenhower mana feachtais as – ‘I Like Ike’. Is cosúil go raibh Harris, lena cuid gothaí gnúise beoite, ar an eolas go maith. Níorbh amhlaidh do Trump, agus é ag stánadh go feargach agus go fíochmhar. Ar ndóigh is dócha gur fíor nach dtaitníonn Trump, mar dhuine, le mórchuid dá lucht tacaíochta – ach go nglacann siad lena theilgean féin mar Laoch an Lucht Díshealbhaithe.

De réir mar a chúlaíonn an phaindéim Covid siar ón meon coitianta, b’fhéidir nach ábhar iontais é nach raibh sé le feiceáil sa díospóireacht. Dob iad bainistíocht agus srianadh paindéime na príomhdhúshláin a bhí roimh Trump agus é ina uachtarán. Ní raibh aige mar fhreagra ach séanadh, eolaíocht bhréagach, fóirithintí samhlaithe, smaointeoireacht dhraíochta agus teip ghlan ar chomhordú a dhéanamh ar ghníomhaíocht na n-institiúidí sláinte feidearálacha seachas a chéile. Dhiúltaigh a riarachán glan do phleanáil mhionsonraithe láimhseála paindéime a bhí ullmhaithe ag an riarachán roimhe – siúd d’Obama. Níor cheist ar bith cibé a mbeadh paindéim ann, ach cathain. Tá cumas éifeachtach i mbainistíocht ghéarchéime, d’fhéadfaí a cheapadh, i gcroílár na dtréithe atá de dhíth ar uachtarán SAM. Siúd ráite, ní cosúil go bhfuil ceisteanna eile maidir le feiliúnacht Trump d’ard oifig ag cur as go mór dá lucht tacaíochta. Lena chois sin, agus breithiúnais éifeachta láimhseála Covid i SAM in aigne, ní gnách go nglacann toghthóirí na tíre sin le comparáid dhiúltach idir institiúidí SAM agus siúd de chuid tíortha eile.

Ar an gcuma chéanna, ní raibh nádúr lag iomlán riaracháin Trump, agus poist tábhachta gan líonadh aige, le sonrú sa díospóireacht. Ní dhearna Harris tagairt don easpa cinnireachta, treoraíochta agus comhleanúnachais. Mar sin féin, scóráil sí roinnt buillí sa réimse ginearálta úd trí thagairt a dhéanamh do cheapacháin agus briseadh foirne sinsearacha – iad siúd a cheap Trump sul má thug sé an doras dóibh go gairid ar lorg a gceapachán.

Ar fhearann níos fairsinge, is maith le toghthóirí na Stáit go mbeadh ríogacht áithrid ag baint lena gcuid uachtarán. Is cosúil gurb intuigthe sin do Trump. Ní luíonn mar a chaitheann sé leis, áfach – nós Louis XIV – ‘L’état c’est moi’ – go rómhaith le hinstitiúidí daonlathacha i gcoitinne ná le seiceálachaí agus cothromaíochtaí na bunreachta ach go háirithe. Más locht é ar Harris í bheith éadrom ar shonraí bheartais, is cinnte go luíonn an locht ceannann céanna ar Trump.

Is deacair é cás Harris mar leas-uachtarán. In ainneoin roinnt gaiscí suntasacha bheith bainte amach ag riarachán Biden, ní móide gur chun a tairbhe a mbeadh aitheantas ró-chóngarach le Biden a tharraingt chuici féin. Ní móide ach an oiread gur féidir léi scarúint amach uaidh go glan - dhéanfadh an GOP bolscaireacht shuntasach as an scaradh céanna. D’fhéadfaí a fhiafraí fosta cén tionchar a bhí ag leas-uachtarán ar pholasaithe riaracháin ar bith. Ach ar ndóigh ní féidir léi sin a rá. Tagann frustrachas Lyndon Johnson – leas-uachtaráin Kennedy – a bhíodh tráth den saol ina chinnire tromlaigh cumhachtach sa Seanad – chun cuimhne.

Níl an toghchán seo dá imirt ar pholasaithe idirnáisiúnta. Is beag toghchán i SAM a imrítear amhlaidh. Ní móide go raibh mórán éifeachta ag baint le Harris ag líomhain gur chúis ghrinn é Trump ag cinnirí idirnáisiúnta. Ní móide ach an oiread go raibh mórán nirt ag baint le freagra Trump meas bheith air ag Orban na hUngáire - finné carachtair sách amhrasach. Ní móide go ritheann ainm Orban, nó cé hé nó cad é go baileach, go coitianta le toghthóirí SAM. Is dóigh go mór gurb í tuiscint lucht tacaíochta Trump ar MAGA ná go dtiocfadh poist deá-mhaoinithe, íseal-scileanna ar ais i réimse na déantúsaíochta. Níor tharla sin agus é ina uachtarán, agus ní tharlóidh choíche. Ach ábhar díospóireachta a dhéanamh as? Ní móide é.

Ar bhonn easpa thírghrá, d’ionsódh Trump duine ar bith a cheisteodh é. Agus is tírghráthóirí amach is amach iad muintir SAM.

Tá sé seachtaine fágtha go dtí lá an toghcháin. Tréimhse imchian i saol na polaitíochta.

Duine gnó agus innealtóir é Enda Hardiman, a d’oibrigh go forleathan ar fud na cruinne le mór-chomhlachtaí idirnáisiúnta, le bancanna agus le rialtais.