Oideachas trí Ghaeilge á cheilt ar ‘sciar suntasach’ daoine

Comhairliúchán: Gá le níos mó naíonraí, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna a bhunú

Foclóir: I mbaol - in danger; gearradh siar - reduction; geallta - promised; tásc ná tuairisc - no sign; sealbhú - acquisition; dlínsí - jurisdictions; ganntanas - shortage; achoimre - summary.

Tá sé ráite le fada go bhfuil stádas na Gaeilge sa chóras oideachais i mbaol agus go bhfuiltear, de réir a chéile, ag cur ó mhaith an fás, an fhorbairt, an méadú agus an leathnú a rinneadh ar an tumoideachas Gaeilge le breis is caoga bliain anuas.

Tá ardú as cuimse tagtha ar líon na ndíolúintí ó staidéar ar an nGaeilge a ceadaíodh do dhaltaí le blianta beaga anuas agus tá córas na naíonraí a bhí ag fás go rábach tamall de bhlianta ó shin i mbaol a bháis. Tá gearradh siar déanta arís ar na huaireanta an chloig a chaitear ag foghlaim na teanga sna bunscoileanna agus tá na rialacha a bhaineann le bunú gaelscoileanna agus gaelcholáistí nua athraithe sa chaoi, ainneoin an éilimh, go bhfuil stad curtha nach mór le fás an ghaeloideachais.

Tá ceisteanna freisin i dtaobh an easpa tacaíochtaí a chuirtear ar fáil do phobail nua na tíre an Ghaeilge a shealbhú agus tá ganntanas aitheanta múinteoirí oilte ag gach leibhéal den earnáil.

READ MORE

Cuireadh fáilte in 2017 roimh an Polasaí don Oideachas Gaeltachta agus anois tá an Roinn Oideachais i mbun polasaí a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Deireann na hoideachasóirí agus gníomhaithe teanga go bhfuil géarghá leis. Cé nach bhfuil tásc ná tuairisc ar an bpolasaí úd fós, b’fhiú machnamh a dhéanamh ar mholtaí láidre tomhaiste atá déanta i dtuairisc a foilsíodh mar chuid de phróiseas na pleanála.

Sealbhú, ionad taighde ar fhoghlaim agus teagasc na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a chuir an tuairisc i dtoll a chéile agus cé gur bronnadh an saothar ar an Roinn Oideachais anuraidh, is le deireanas a foilsíodh ar shuíomh na roinne é.

Achoimre atá ann ar mholtaí a d’eascair as comhairliúchán ar pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tagann sé go te sna sála ar fhoilseacháin eile le Sealbhú a rinne moltaí a dhéanfadh athrú iomlán ar mhúineadh na Gaeilge. Rinne taighdeoirí anailís ar bheagnach 10,500 cheistneoir a freagraíodh agus ar bheagnach 160 aighneacht chomh maith le hanailís ar 25 grúpa fócais. Rinne siad staidéar ar 10 ndlínse eile freisin ina gcleachtar an tumoideachas.

Ar an bpríomh-mholadh tá an sprioc gur cheart cur go mór le líon na suíomhanna oideachais chun go mbeidh fáil ag gach tuismitheoir ar oideachas lán-Ghaeilge dá gclann ón luath-óige go dtí an iar-bhunscoil. Dúirt na húdair gurbh é sin an ‘teachtaireacht shoiléir’ a fuaireadar agus go bhfuil gá le “níos mó naíonraí, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna a bhunú.’

Chuige sin, moltar gur cheart plean a sholáthar ina leagfar amach fís agus sainmhíniú ar na múnlaí tumoideachais chomh maith le spriocanna a bheadh faoi cheangal ama ar líon na scoláirí a gheobhadh oideachas trí mheán na Gaeilge.

Léirigh anailís Shealbhú ar dhlínsí comparáideacha thar lear gurb é an tumoideachas an múnla is rathúla le cumas teanga a bhaint amach sa teanga mhionlaigh d’fhoghlaimeoirí dara teanga.

“Bíonn torthaí teanga níos fearr ann nuair is aonad tumoideachais nó suíomh oideachais saorsheasaimh a bhíonn i gceist seachas aonad nó sruth,” a scríobh údair na tuairisce.

Cearta

Admhaítear go bhfuil maolú tagtha ar ráta fáis na gaelscolaíochta le 15 bliain anuas ach mar sin féin, dúirt na húdair go léiríonn aiseolas na rannpháirtithe sa chomhairliúchán “nach bhfuil ag éirí leis an gcóras” freastal ar an éileamh atá ann faoi láthair. Moltar go mbeadh ceart de réir dlí ag tuismitheoirí oideachas trí mheán na Gaeilge a éileamh dá bpáistí agus go mbeadh dualgas ar na húdaráis chuí freastal ar an éileamh sin.

“Tá sé suntasach i dTír na mBascach agus in Albain go bhfuil cearta dlíthiúil ag tuismitheoirí oideachas sa sprioctheanga a éileamh agus ní mór do na húdaráis freagairt dá n-éilimh ar thumoideachas,” a scríobhadh sa tuairisc.

I measc na príomhchonstaicí a luadh don rannpháirtíocht san oideachas lán-Ghaeilge ná nach bhfuil dóthain suíomhanna ann, nó go bhfuil siad lonnaithe rófhada ó bhaile. An toradh atá air seo ná go bhfuil oideachas trí Ghaeilge á cheilt ar “sciar suntasach” daoine. Measadh freisin nach bhfuil an t-oideachas lán-Ghaeilge oscailte do chách de bharr na bpolasaithe iontrála atá i roinnt scoileanna.

“Ba chóir go mbeadh na suíomhanna oideachais ionchuimsitheach, ilteangach, ilchultúrtha agus fáilteach do chách,” a scríobh na húdair.

Dúradar go bhfuil sé suimiúil go bhfuil ag éirí “chomh maith nó níos fearr” le foghlaimeoirí ó chúlraí socheacnamaíocha faoi mhíbhuntáiste a fhreastalaíonn ar chláir thumoideachais i gcomparáid lena bpiaraí a fhreastalaíonn ar ghnáthchláir oideachais.

Constaic eile a luaitear ná an tuairim nach bhfuil an t-oideachas lán-Ghaeilge oiriúnach do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais (RSO) acu. Dúirt na húdair go léiríonn an taithí agus an taighde nach bhfuil sé seo cruinn ach gur féidir le daltaí a bhfuil RSO acu leas a bhaint as an tumoideachas fad is go gcuirtear an tacaíocht chuí ar fáil.

“Molaimid cur chuige ionchuimsitheach i scoileanna tumoideachais agus gur gá do scoileanna freastal ar riachtanais gach scoláire agus na tacaíochtaí cuí a chur ar fáil dóibh,” a scríobhadar.

Ceist eile a ardaíodh ná an leibhéal tacaíochta a chuirtear ar fáil d’fhoghlaimeoirí an dara teanga.

Cuirtear dianchúrsaí teanga ar fáil do scoláirí faoi aois 14 sa Bhreatain Bheag ar mhaith leo freastal ar scoil mheán-Bhreatnaise. Tá an clár sin feiliúnach d’inimircigh freisin.

Moltar feachtas poiblí a sheoladh chun buntáistí an dátheangachais a mhíniú agus chun go dtuigfeadh tuismitheoirí nach gá go mbeadh Gaeilge acu féin le go bhféadfadh a bpáistí leas a bhaint as oideachas lán-Ghaeilge.

Dar ndóigh, tá ceist na hearcaíochta foirne tábhachtach freisin.

Is dúshlán é an soláthar oideachasóirí tumoideachais anseo agus i bhformhór na ndlínsí a iniúchadh.

Is eisceacht atá i dTír na mBascach, áit a bhfuil an córas tumoideachais ag soláthar dóthain cainteoirí cumasacha Bascaise don oideachas agus suíomhanna oibre i gcoitinne. Sna 1980idí agus 1990idí infheistíodh luach na milliúin euro ag cur scéimeanna sabóideacha ar fáil do mhúinteoirí agus tá an Bhreatain Bheag ag leanúint an mhúnla áirithe sin anois.

Thug múinteoirí nach bhfuil ag obair trí Ghaeilge le fios sa chomhairliúchán go mbeadh suim acu dul ag obair i scoileanna lán-Ghaeilge dá mbeadh níos mó muiníne acu as a gcumas Gaeilge.

“D’aithin na hoideachasóirí bearnaí ina gcleachtais féin agus ba mhaith leo tuilleadh deiseanna forbartha gairmiúla a bheadh curtha i láthair ag oideachasóirí eile a bhfuil saineolas agus tuiscint acu ar an tumoideachas,” a scríobh na húdair.

“Teastaíonn tuilleadh cúrsaí réamhsheirbhíse agus inseirbhíse trí mheán na Gaeilge leis an mbearna reatha a líonadh agus le freastal ar earnáil mhéadaithe.”

Mar fhreagra aran tuairisc, dúirt Julian de Spáinn, ardrúnaí ar Chonradh na Gaeilge: “Ba mhaith linn na moltaí seo a fheiceáil sa dréachtpholasaí atá le foilsiú ag an Roinn.” Chuir Gaeloideachas, eagras a thacaíonn le forbairt an oideachais lán-Ghaeilge sa réimse luathoideachas agus bunscoile, fáilte roimhe freisin.

“Cuireann muid an-fháilte roimh an méid atá luaite maidir leis na naíonraí ach beidh gá le gníomhaíochtaí sonracha go háirithe le dul i ngleic leis an ghéarchéim earcaíochta,” a dúirt Clare Spáinneach, Bainisteoir Seirbhísí le Gaeloideachas.

Is léas dóchais dóibh siúd a throid le fada ar son treisiú na teanga sa chóras oideachais an méid atá sa tuairisc. Tá go leor moltaí láidre luaite ann a dhéanfadh athrú ó bhonn ar sheasamh na teanga. Ach, fágtar an cheist: an nglacfar leo?

Read More

Recommended