Guth na céille sa chór míleatach

Tá ardmheas orainn thar lear go díreach toisc go n-aithnítear nach stát cogaidh ná concais sinn.

Is beag seachtain a ghabhann thart nach bpógaimid fáithim shalach Nato níos dlúithe. Tá de dhánadas ag an aos polaitiúil atá in uachtar a rá linn go lom neamhbhalbh nach gcuirfidh seo as dár neodracht thraidisiúnta. Ach tá lánfhios ag taobh amháin den bhéal cad tá ag teacht amach as an taobh eile. Dá airde a nglam is ea is lú ár gcreideamh.

Ní foláir argóint réasúnta agus áiteamh meáite a dhéanamh a chuirfidh in aghaidh na míleatachta, na cogaíochta, agus na gcomhghuaillíochtaí idirnáisiúnta arb orthu atá an scrios atá le teacht ag brath, nó a mhalairt. B’fhéidir nach mór a mheánn argóint réasúnta ná áiteamh meáite ach caithfear guth beag ciallmhar a ardach i lár na hamaidí.

Liosta gan áireamh iad na cúiseanna nár cheart don stát Éireannach dul páirteach in Nato, ná in aon chomhghuaillíocht eile a chuirfeadh in aon phóca sinn le cumhachtaí ar dócha go mbeadh amhras orainn ina dtaobh ar ball.

Cuireadh tús le halt na seachtaine seo caite ag suíomh gurb é bundualgas gach aon phobal a chuid saoránach a chosaint. Maireann sin mar bhunáiteamh. B’fhéidir go bhfuil dealramh leithliseach ar sin amhail is gur cheart dúinn a bheith beag beann ar aon rud eile. Ní chuige sin mé ach, d’fhocail ghearra, sa chás uafásach go mbeadh ina chogadh núicléach soir siar, thuaidh theas, an mó an seans a bheadh againn teacht slán dá mba go raibh cos neamhspleách fúinn seachas dá mbeimis laistigh i lár an aonaigh scriosta? Is ea, tá's agam, dá mbeadh ina chogadh núicléach bheimis ar fad friochta, ach mar sin féin…

READ MORE

Tá ardmheas orainn thar lear go díreach toisc go n-aithnítear nach stát cogaidh ná concais sinn. D’admhaigh Leo Varadkar an méid sin ag an bhfóram náisiúnta a reáchtáladh ag deireadh an Mheithimh anuraidh nuair a thug sé le fios nach mbeimis tofa ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe riamh murach an seasamh traidisiúnta sin againn agus an meas dá réir ag tíortha éagsúla sa ‘chruinne ó dheas’ orainn. Is buanfhíor nath an iarUachtaráin Mhic Giolla Íosa nuair a mhaígh sí gur ‘tír de chuid an chéad domhain sinn ach a bhfuil cuimhne an tríú domhain fós againn.’

Mura ndéanann tú naimhde, ní bheidh aon naimhde agat.

Nuair a bhí Uachtarán Macron na Fraince sa tSín anuraidh rinne sé foláireamh gur cheart don Eoraip deighilt a dhéanamh idir iad féin agus na Stáit Aontaithe ar an gcúis go raibh baol ann go slogfaí an ilchríoch againn féin isteach i gcogadh nach mbaineann linn. Is fíor sin fós don Eoraip. Is fíre sin fós dúinne.

B’ionann dul in aon chomhghuaillíocht mhíleata agus méadú as cuimse a dhéanamh ar chaiteachas arm agus cogaíochta. B’é Eisenhower Mheiriceá a dúirt gurb ionann gach dollar a chaitear ar thionscal an bháis agus dollar nach gcaitear ar shláinte agus ar oideachas.

Bíonn sé suimiúil nuair a ardaítear ceist aontú na tíre go dtagann saithe d’eacnamaithe amach as a bpluais dhorcha chun figiúir fhuara a chaitheamh ar an tuairim, ar eagla na heagla. Is suimiúla fós nach gcuirtear ceist dá samhail sna pobalbhreitheanna úd, mar atá, an bhfuilimid sásta airgead mór ár n-allas a chaitheamh ar airm ollscriostacha agus ar ár saighdiúirí ag marú daoine thar lear.

Ní gá a rá, ach b’fhéidir gur gá, nach mbeimis ach inár bpriompalláin bheaga ar bhualtrach shalach na mbéisteanna comhghuaillíochta móra.

Is é is córa don stát Éireannach a dhéanamh ná a bheith ina lóchrann síochána don domhan mór.

Ní bheadh sa neodracht bhuan neamhleithscéalach ach cloch bhoinn amháin d’fheachtas níos leithne leasú cóir a dhéanamh ar na Náisiúin Aontaithe féin agus Lárionad Síochána agus Réitigh Idirnáisiúnta a bhunú anseo le misneach, le móráil agus le samhlaíocht Ghaelach.

Read More

Recommended