Radharc eile ar aimsir na hathbheochana

Foilsíodh grianghraif le deireanas a thóg an gníomhaí teanga Peadar Ó Muireadhaigh ag tús an chéid seo caite

FOCLÓIR: Baile fearainn - townland; Damhliag – Duleek; garmhac – grandson; Domhnach Seachnaill – Dunshaughlin; aeraíocht - open-air entertainment; comhfhreagras – correspondance; réalú – develop; pláta gloine – glass plate; laindéar draíochta – magic lantern; teilg – project.

“Ní raibh eagar ar bith orthu.”

“Bhí siad coinnithe i mboscaí adhmaid ar phlátaí gloine. Bhí cuid acu ansin ar feadh i bhfad níos mó ná 100 bliain. Tá cuid nár mhair, ach níor mhill imeacht an ama iad ar fad.”

Sin a dúirt Daithí Ó Muirí garmhac le Peadar Ó Muireadhaigh grianghrafadóir agus gníomhaí teanga, i measc go leor eile, a raibh dlúthbhaint aige le gluaiseacht na hathbheochana i gCo na Mí i dtús an chéid seo caite.

READ MORE

Ag trácht a bhí Daithí ar sheanghrianghraif a thóg a sheanathair ag túsré na hathbheochana agus atá tagtha chun solais le blianta beaga anuas.

Rugadh Peadar sa Luachair, baile fearainn i nDamhliag, Contae na Mí in 1872. Bhog sé lena mhuintir ina dhiaidh sin go Baile Gháire i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, áit a raibh teach tábhairne agus feirm acu.

Níl mórán eolais againn faoina óige ach is léir ó chomhfhreagras idir é agus mórpholaiteoirí an lae, sa tréimhse idir na blianta 1887 agus 1889, go raibh suim aige i gcúrsaí polaitíochta agus é sách óg.

“Nuair a bhí sé ina dhéagóir, chuir sé litir chuig na polaiteoirí náisiúnacha ar fad agus é ag iarraidh go síneoidís iad,” a dúirt an tUasal Ó Muirí.

Choinnigh sé na freagraí a fuair sé slán i leabhar gearrthán a mhair slán i seilbh a mhuintire. Tá litreacha sa leabhar sin ó ionadaithe Pháirtí Pharlaiminteach na hÉireann - Joseph Biggar, T.D. Sullivan, Justin McCarthy, William O’Brien, Thomas Sexton, Tim Healy agus T.P. O’Connor ina measc.

In 1896, bhog Peadar go Domhnach Seachnaill (ainm áitiúil ar Dhún Seachlainn) áit ar oscail sé a theach tábhairne féin agus, mar a shamhlófá le fear an tí i dtábhairne, bhí aithne aige ar go leor daoine sa cheantar. Bhí sé an-ghníomhach i gcúrsaí pobail, bhí sé ina rúnaí ar chlub rothaíochta agus bhunaigh sé club eile rothaíochta, na Bufallo Bills. Timpeall fiche bliain roimhe sin a d’éirigh rothair coitianta ar na bóithre agus is dóigh gurbh fhógra saoirse phearsanta é bheith ag spaistoireacht orthu ag an am.

“Fear gníomhartha ab ea é,” a dúirt Ó Muirí. “Bhí teach tábhairne agus siopa aige. Bhíodh sé ag díol breosla, bhíodh sé ag feilméireacht, bhíodh baint aige le clubanna iomána, clubanna lúthchleasaíochta, clubanna rothaíochta agus [bhí spéis aige] sa ngrianghrafadóireacht,” a dúirt sé.

Ghlac Peadar páirt ghníomhach sa ghluaiseacht teanga i gContae na Mí agus bhunaigh sé craobh de Chonradh na Gaeilge ag cruinniú a reáchtáladh i dteach na cúirte i nDomhnach Seachnaill, i mí na Samhna, 1900.

“Bhíodh Peadar ag múineadh ranganna Gaeilge agus ag bailiú alt a foilsíodh sa Chlaidheamh Soluis faoi mhúineadh na Gaeilge agus ag cur eolais ar mhodhanna múinteoireachta,” a dúirt Ó Muirí.

Tháinig ceathrar ón Ard-Chraobh i mBaile Átha Cliath chun cuidiú leis an chraobh a sheoladh. Ina measc sin bhí Seán T. Ó Ceallaigh a bheadh ina Thánaiste agus ina Uachtarán ar Éirinn i ndiaidh sin. Ba dhaoine aitheanta i ngluaiseacht na hathbheochana agus i gcúrsaí chultúir an dream eile ón Ard-Chraobh, Pádraig Archer, Tomás Ó hAodha agus Colm Ó Gairbhigh. “Filí, cumadóirí agus drámadóirí,” mar a thug Ó Muirí orthu.

Bhí go leor eile a mbeadh tionchar acu ar thodhchaí na tíre a tháinig ar cuairt ag Peadar. Ina measc bhí Pádraig Mac Piarais a tháinig ar cuairt in 1902. “Bhí aeraíocht eagraithe i nDomhnach Seachnaill in 1902 agus tháinig an Piarsach ansin le hóráid a thabhairt,” a dúirt Ó Muirí.

“Bhí 1,500 duine i láthair, cé nach raibh ach trí chéad ina gcónaí sa bhaile. Tá a fhios agam gur lua Peadar níos déanaí go raibh Harry Boland, Eamonn Ceannt agus a leithéid sin ann freisin,” a dúirt sé.

Grianghrafadóireacht

Bhí suim mhór ag Peadar sa ghrianghrafadóireacht agus cé nach raibh mórán ceamaraí sa tír ag an am, d’fhoghlaim sé an cheird as féin.

“Bhí sé féin-oilte, mar a déarfá. Bhailigh sé ailt a scríobhadh i nuachtáin agus in irisí agus a leithéidí. Chuir sé oiliúint air féin, cheannaigh sé ceamara agus chuir sé chun oibre é,” a dúirt Ó Muirí.

Ba nós le Peadar a chuid ghrianghraf a thaispeáint go poiblí ag ócáidí ar fud an chontae. “Rinne sé iad a réalú agus chuir sé ar phlátaí gloine iad sa chaoi go bhféadfaí iad a thaispeáint.”

Chuirtí solas an-gheal taobh thiar den phláta nó sleamhnán i laindéar draíochta agus chaití nó theilgtí na pictiúir ar scáileán, nó ar bhalla a bheadh feiliúnach.

Thaispeáin sé iad, ceann i ndiaidh a chéile agus dhéanadh sé tráchtaireacht orthu i véarsaíocht a chumadh sé féin.

Reáchtáil sé taispeántais i nDomhnach Seachnaill agus in áiteanna eile - an Uaimh, Baile Átha Troim, Áth Buí agus áiteanna eile i gContae na Mí.

“Caithfidh gur thóg sé leis iad ar chúl an rothair,” a dúirt Ó Muirí.

“Is dócha go raibh córas maith traenach ann, ach bhí píosa maith le taisteal aige le traein a aimsiú mar nach raibh stáisiún traenach i nDomhnach Seachnaill,” a dúirt sé.

Phós Peadar Margaret (nó Nóinín) Hackett as Baile Átha Cliath in 1911 agus bhí naonúr clainne acu. Bhí Margaret gníomhach sa pholaitíocht agus bhí sí ar an chéad bhean a toghadh ar Chomhairle Contae na Mí.

Bhásaigh Peadar in 1949 agus thug a mhac Brendan aire do chomhfhreagras a athar agus do na plátaí gloine, cé gur tháinig meath ar chuid acu le himeacht ama. “Bhí na plátaí gloine coinnithe i mboscaí adhmaid ach tá droch-chaoi ar chuid acu. Bhí cuid acu nach bhféadfaí a chur i gcló mar nach bhfuil siad an-soiléir,” a dúirt Ó Muirí.

Reáchtáladh taispeántas i Leabharlann Dhomhnach Seachlainn in 2022 agus foilsíodh leabhar anuraidh dar teideal Peadar Murray’s Photographs.

“Tá thart ar 100 grianghraf sa leabhar ach tá go leor leor eile nach bhfaca solas an lae. Tá roinnt grianghraf a bhain go sonrach le Conradh na Gaeilge,” a dúirt Ó Muirí.

Ar cheann acu, tá grianghraf de bhuíon ón gConradh agus iad ar cuairt ar Theamhair. “Ócáid mhór shóisialta a bhí ann, bhí culaith an Domhnaigh orthu,” a dúirt Ó Muirí. Tá grianghraf eile de chailíní (thuas) ag foghlaim Gaeilge, chomh maith le grianghraf de na Bufallo Bills agus dreamanna eile nach iad.

Súil siar ar shaol na ndaoine atá sa chartlann luachmhar seo. Tá na grianghraif ar ardchaighdeán, agus tá cuid acu chomh soiléir sin go bhfuil an chuma orthu gur tógadh le deireanas iad.

Tá bailiúchán Pheadair i dtaisce i gCartlann Chomhairle Contae na Mí anois agus tá idir 400 agus 500 grianghraf ann san iomlán. Táthar ag súil go bhféadfar iad uilig a chur ar fáil go digiteach amach anseo ach an maoiniú a bheith ar fáil.

Ní heol go díreach cé hé nó í gach duine sna pictiúir, ach tá súil ag Ó Muirí go n-aithneofar iad le himeacht ama. “Tá cumann staire i nDomhnach Seachnaill agus bhí siad siúd ag cabhrú eolas a chur ar fáil faoi na pictiúir ach tá go leor ann nach bhfuil eolas againn orthu,” a dúirt sé.

“Ach tá seans ann go bhfuil a fhios ag duine éigin agus go n-aithneoidh sé nó sí seanathair leo nó duine éigin eile, cá bhfios - tá an dóchas sin ann go fóill,” a dúirt sé.

* Tá fáil ar Peadar Murray’s Photographs i Leabharlann Dhún Seachlainn agus ag antoniasbookstore.com ar chostas €15.

Read More

Recommended