Subscriber OnlyTuarascáil

Glan as ár meabhair

Ba dhóigh leat ar chuid den tráchtaireacht gurb é seo 1914 arís

An bhfuilimid glan as ár meabhair? Nuair a deirim an ‘mid’ sin in eireaball an fhocail, arb ionann é agus ‘muid’ nó ‘muinn’ nó ‘sinn’, is é atáim ag rá an domhan go léir, an cine daonna mar a ritheann, an fear ar an gcnoc is an bhean i gcathaoir an phríomhfheidhmeannaigh, is gach aon duine le guth nó atá balbh ar an dréimire siar síos go grinneall.

Sin sinne, muidmuinne a shíleann go bhfuil puth ghaoithe againn a shéidfeadh chun tairbhe a bhfuil ar siúl soir nó siar. B’fhéidir go bhfuil na Glasaigh ag iarraidh sinn a shábháil ónár ndúil sa chruinne a scrios i bhfad na haimsire, agus an ceart acu. Ach ní léir go bhfuil aon leathshúil acu ar an scrios a luaitear is gaire don scornach.

An tríú cogadh domhanda.

Má chuireann sin sceimhle ort, cuireadh! Ní mise atá ag rá seo, ach daoine a bhfuil leathchluas istigh acu sna hallaí bána a bhfuil na cnaipí a scaoilfeadh sinn go léir le fán, le bán, le slán an tsaoil.

READ MORE

Daoine ó thíortha a mbíodh meas ar an tsíocháin acu tráth, tá na miotóga dá mbaint agus an chaint ard á cleachtadh.

Nuair a thosnaíonn an tSualainn ag téisclim chun cogaidh is beag é ár ndóchas. D’áitigh aire de chuid na Sualainne, Carl-Oskar Bohlin gur cheart don tír iad féin a ullmhú i gcomhair cogaidh agus fuair sé tacaíocht ó Ardcheannfort an airm. B’é macalla laistiar den bhladhmann gur cogadh NATO a bheadh i gceist in aghaidh fórsaí na dorchachta agus an oirthir agus na barbarthachta anoir agus na neamhdhaonlathachta agus na gcultúr nach dtuigimid dóibh agus na bpobal nár éirigh linn a smachtú go hiomlán roimhe seo ach go bhfuil caoi againn ar iad a chur faoin mbois anois ach leithscéal a thabhairt dúinn.

Níos gaire don sceadamán, ráinig go glanseansúil go rabhas suite cois teallaigh ag cnapaireacht liom ó stáisiún go stáisiún ag iarraidh gach Opry TG4 a sheachaint is gur leag mo shúil ar phlé poiblí ar chlár teilifíse anall ón oileán mór. B’í ceist a bhí idir chamána acu ná an bhfuilimid ar imeall nó ar borda an triú chogadh domhanda! Ba dhóigh leat gur ceist í sin a chuirfeadh cleití á scaipeadh agus ribí gruaige á dtarraingt sa stiúideo agus lasmuigh de. Ach bhí an lucht féachana chomh socair le dreancaid sa mhadra nó le Dub i bPáirc an Chrócaigh Domhnach Craobh na hÉireann.

Buairt ná mairg ní raibh orthu sa chás is go mbeadh an chraosbháisteach nimhe ag stealladh anuas orthu le haoibhneas Ádhaimh is adaimh. Ba mheasa ná sin go raibh an painéal de Thóraithe, is de Thóraithe an Luch Oibre, is de Thóraithe na bhForas Taighde, is de Thóraithe na Meán go léir chomh socair céanna ina gcreideamh go gcaithfí iad féin a chosaint in aghaidh na sluaite anoir a bhí ar tí tuirlingt ar a gcuid tránna mar a dhein Rí an Domhain i gCath Fionntrá.

Ba dhóigh leat orthu go raibh an domhan á réiteach le haghaidh an chéad uileloiscithe eile agus gur cuma leo. Deir mo chuid sifíní liom go bhfuil monabhar den tsaghas céanna sa ghaoth ar fud na hEorpa agus go bhfuil na sluaite ina suan nó ag suirí leis an smaoineamh.

Ní hé nach bhfuil iarmhairtí an uafáis gan a bheith ag cur sceimhle orthu ag cur sceimhle ormsa, ach an réchúis éasca fháilteach roimh chogadh mór eile agus an bhaoththuiscint go dtiocfadh iarsma éigin slán as.

Ba dhóigh leat ar chuid den tráchtaireacht gurb é seo 1914 arís, ach ar a laghad níl aon John Redmond abhus anseo againn d’fhonn sinn a threorú chun na reilige…fós.

An bhfuilimid glan as ár meabhair?

  • Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
  • Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
  • Our In The News podcast is now published daily – Find the latest episode here

Read More

Recommended