‘Níos mó éilimh ag teacht anois ón earnáil phríobháideach’

Táthar ag súil go mbeidh deiseanna fostaíochta ar fáil do chainteoirí Gaeilge i státchóras na tíre agus san earnáil phríobháideach araon

Foclóir: Neamhspleách - independent; earcaigh - recruits; cionsiocair - primary cause; scór bliain - twenty years; toil - will; deiseanna oiliúna - learning opportunities; cáilíocht - qualification; clár páirtaimseartha - part-time programme.

De réir mar a théann forálacha reachtaíochta teanga i bhfeidhm, tá ardú ag teacht ar éileamh na hearnála príobháidí ar chúrsaí oiliúna Gaeilge.

Sin a dúirt Darren Ó Rodaigh príomhfheidhmeannach agus duine de bhunaitheoirí Ghaelchultúr, an coláiste neamhspleách Gaeilge, agus é ag comhrá le Tuarascáil faoi chúrsa nua oiliúna atá le tosú ag deireadh mí Feabhra.

Tá an coláiste ag ceiliúradh fiche bliain ar an bhfód i mbliana agus táthar chomh gnóthach agus a bhí ariamh.

READ MORE

“Rinne breis agus 4,000 duine cúrsa linn anuraidh. D’fhostaíomar 90 múinteoir go páirtaimseartha chun freastal ar an éileamh,” a dúirt Ó Rodaigh.

Tá 2030 ag druidim linn agus beidh ar an státseirbhís a bheith cinnte go mbeidh 20 faoin gcéad d’earcaigh na seirbhíse cumasach sa Ghaeilge. Mhaithfí don té a cheapfadh gurb é an Stát amháin is cionsiocair le haon ardú éilimh a thagann ar chúrsaí Gaeilge.

Ní hé amháin gur threisigh Acht na dTeangacha Oifigiúla cearta teanga phobal na Gaeilge, ach creideann Ó Rodaigh gur cruthaíodh spás lárnach freisin don teanga i gcúrsaí tráchtála “ar fud na dtionscal uile ar an oileán”.

“Tá níos mó éilimh ag teacht anois ón earnáil phríobháideach,” a dúirt sé.

“Cur i gcás, [de bharr] Acht na dTeangacha Oifigiúla, beidh dualgais ar chomhlachtaí margaíochta agus fógraíochta seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil. Tá siadsan ag rá go bhfuil orthu foirne le Gaeilge a fhostú nó feabhas a chur ar scileanna Ghaeilge na bhfoirne atá acu cheana féin.”

Roghnaigh Foras na Gaeilge Gaelchultúr le cúrsaí oiliúna a fhorbairt don earnáil phoiblí in 2011 agus bronnadh stádas mar choláiste neamhspleách tríú leibhéal air in 2013.

“Beimid scór bliain ar an bhfód i mbliana agus tá difríocht idir lá agus oíche idir 2004 agus anois,” a dúirt Ó Rodaigh.

Creideann sé go bhfuil an toil pholaitiúil tar éis athrú go mór san am sin.

“Feiceann tú go bhfuil na páirtithe ar fad ‘ar son na Gaeilge’ agus tá caint ar Dháil Éireann bheith ina parlaimint dhátheangach amach anseo,” a dúirt sé.

“Sin rud nach raibh sa Stát b’fhéidir ó na 50daí agus 60daí, sé sin, go n-aithníonn an Stát an tábhacht atá leis an nGaeilge. Tá dea-eiseamláir le feiceáil sa Dáil anois sa mhéid agus go bhfuil siad ag iarraidh dul sa treo sin.”

“Sílim go gcabhraíonn sé sin leis na ranna rialtais \[agus\] go bhfuil siadsan níos toilteanaí Gaeilge a úsáid agus deiseanna oiliúna a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge.”

Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil

I gcomhpháirtíocht le Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (MSLETB) a reáchtálfaidh Gaelchultúr an cúrsa Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil (TGG).

I measc iarscoláirí an choláiste tá an Taoiseach Leo Varadkar, ar bronnadh teastas air sa Ghaeilge Ghairmiúil in 2017 agus is leagan den chúrsa céanna a rinne an Taoiseach atá san TGG.

“Tháinig an MSLETB chugainn mar gur tháinig iarratais chucu agus bhreathnaigh siad thart ar dhreamanna a bhfuil cúrsaí den chineál seo acu,” a dúirt Ó Rodaigh.

Tá an clár páirtaimseartha deartha chun freastal ar dhaoine ar mian leo cáilíocht teanga oifigiúil a bhaint amach ar mhaithe lena ngairmréim a chur chun cinn. Tá an TGG ar fáil ag cúig leibhéal de chuid an Chreata Náisiúnta Cáilíochtaí agus is meascán den gnáth-theanga labhartha laethúilteanga ghinearálta agus den sainteanga i gceist.

“Faigheann na daltaí cáilíocht atá aitheanta ag an Stát agus go hidirnáisiúnta. An rud atá uainn ná líofacht a bhaint amach sa Ghaeilge. Táimid ag iarraidh go mbeidh daoine in ann tosú ón leibhéal is ísle, dul chun cinn a dhéanamh, agus comhrá ceart a bheith acu le cainteoir líofa.”

Cuirfear tús leis an gcúrsa lánmhaoinithe 10 seachtaine lena n-áirítear seisiúin 3 uair an chloig arlíne sa tseachtain ag deireadh na míosa seo chugainn.

Athfhoghlaim

Ó thaobh na foghlama de, an mbíonn sé dian ar dhaoine ar mhaith leo spéis a chur agus a choinneáil sa Ghaeilge, ach nár labhair í leis na blianta?

“An taithí atá againne ná go mbíonn níos mó Gaeilge ag [foghlaimeoirí] ná mar a shíleann siad. Bíonn aiféala ar dhaoine gur shroich siad pointe áirithe sa mheánscoil agus nár leann siad leo,” a dúirt Ó Rodaigh.

“B’fhéidir nár éirigh leo líofacht a bhaint amach agus go mbraitheann siad go bhfuil rud éigin nach bhfuil críochnaithe go hiomlán acu. Tá go leor acu siúd tar éis filleadh orainne chun cúrsaí ginearálta Gaeilge a dhéanamh,” a dúirt sé.

“Tar éis dóibh cúrsa 10 seachtaine a dhéanamh linn bíonn sé amhail agus go raibh an Ghaeilge ina codladh acu agus go mbíonn sí dúisithe arís.”

“Tá muid an-dírithe ar an dul chun cinn gur féidir le foghlaimeoirí a dhéanamh le go mbeidh siad in ann bogadh ó leibhéal go leibhéal.”

“Tá muid airdeallach freisin ar dhaoine nach raibh eispéireas maith acu ar scoil agus cuireann muid é sin san áireamh i gcónaí,” a dúirt sé.

Scileanna teanga

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite gur cháin Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann (INMO) a laghad seirbhísí Gaeilge atá ar fáil sa chóras sláinte.

Ag caint di le Tuairisc.ie, dúirt Phil Ní Sheaghdha, ardrúnaí an INMO gur cheart don Roinn Sláinte díriú isteach ar sheirbhísí a sholáthar do phobal na Gaeilge.

“Tá sé an-tábhachtach go mbeadh seirbhísí ann do dhaoine atá ag maireachtaint sna Gaeltachtaí agus go háirithe dóibh siúd gurb í an Ghaelainn an teanga dhúchais atá acu,” a dúirt sí.

Más léir go bhfuil obair mhór fós le déanamh sa státchóras, de réir mar a leathnaíonn úsáid na Gaeilge sa tseirbhís phoiblí, beidh gá freisin sainfhoclóir na dtéarmaí a leathnú i ndiaidh a chéile.

“Cuir i gcás má táthar ag plé le hothair, tá sainteanga faoi leith ag teastáil chuige sin,” a dúirt Ó Rodaigh.

“Má tá tú ag plé le hothair sa Ghaeltacht, bíonn sé de nós ag daoine bheith níos oscailte faoina bhfuil cearr leo agus iad ag labhairt sa teanga dhúchais,” a dúirt Ó Rodaigh.

“Baineann sé sin le tithe altranais príobháideacha chomh maith leis na cinn phoiblí,” a dúirt sé.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Caiteachais Phoiblí le Tuarascáil go mbeidh “daoine a bhfuil scileanna teanga ar leith acu á lorg le haghaidh réimse leathan ról éagsúil ar fud na hearnála poiblí”.

“Is amhlaidh, ón mbliain 2022, go bhfuil 971 státseirbhíseach tar éis clárú ar chúrsaí Gaeilge, ar chostas de €841,105,” a dúirt an t-urlabhraí.

“Tá an clárúchán le haghaidh théarma an Earraigh, 2024, oscailte i láthair na huaire agus tá an leibhéal rollacháin inchurtha le téarmaí roimhe seo.”

Táthar ag súil mar sin go mbeidh réimse leathan deiseanna fostaíochta ar fáil do chainteoirí Gaeilge i státchóras na tíre agus san earnáil phríobháideach araon nuair a chuirtear forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm.

“Tráth dá raibh bhí sé deacair. Ní raibh mórán deiseanna ann ó thaobh na Gaeilge de ach anois tá sé deacair na poist a líonadh,” a dúirt Ó Rodaigh.

“Tá an oiread sin folúntais ann.”

“Bíonn deacrachtaí ann teacht ar chéimithe le Gaeilge le poist a líonadh. Tá breis is 50 post fógartha ar peig.ie faoi láthair.”

“Is féidir a rá le duine ‘déan cúrsa Gaeilge agus seans gur féidir leo post a fháil tar éis cúrsa a dhéanamh’, rud nach raibh fíor b’fhéidir scór bliain ó shin,” a dúirt Ó Rodaigh.

Breis eolais fetchcourses.ie agus gaelchultur.com

  • Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
  • Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
  • Our In The News podcast is now published daily – Find the latest episode here

Read More

Recommended