‘Uaireanta, tagann tú ar an lúb ar lár!’

Tá luach ar leith le cartlanna i gcomhthéacs chearta an tsaoránaigh

Foclóir: Cartlann – archive; taifead – record; rochtain – access; comhsheasmhacht – consistency; RGCS – GDPR; inghlactha – acceptable; uireasa – absence; ilíocht - diversity; lúb ar lár - missing link; comhlachas gairmiúil - professional body.

‘‘Is éard is cartlann ann ná taifead de rud éigin a tharla, am éigin, do dhuine éigin, nó in áit éigin.”

Cur síos é sin a rinne Niamh Ní Charra, cartlannaí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉG) agus í ag trácht ar a ceird.

Chomh maith lena cuid oibre mar chartlannaí san ollscoil, áit a bhfuil sí i mbun chartlann Iar-Uachtarán na hÉireann Máire Mhic Róibín a thionscnamh, tá Ní Charra ina hoifigeach cumarsáide agus feachtas leis an gCumann Cartlann agus Taifead (CCT) - comhlachas gairmiúil do chartlannaithe.

READ MORE

Tá seachtain fheasachta á reáchtáil ag an CCT faoi láthair agus tá clár imeachtaí beartaithe chun aird an phobail a tharraingt ar an luach atá le cartlanna mar thaifead stairiúil agus comhaimseartha ar shochaí agus ar chultúr na tíre agus an domhain.

“Fiafraigh de ghnó ar bith. Inseoidh siad duit go bhfuil luach ag baint leis na cartlanna. Féach ar Guinness, ar Bhord Soláthar Leictreachais nó ar chomhlacht uisce beatha Middleton agus feicfidh tú an luach atá acu ar a gcuid cartlanna.”

Ach má tá luach ag lucht gnó ar chartlanna, tá luach ar leith leo i gcomhthéacs chearta an tsaoránaigh rochtain a fháil ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí nó comhlachtaí stáit.

Cé gur féidir leis an bpobal rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh chomhlachtaí stáit faoin Acht um Chartlann Náisiúnta, tá comhlachtaí stáit ann nach bhfuil faoi réir an achta agus nach bhfuil dualgas dleathach orthu taifid a chaomhnú.

“Tá an tAcht um Chartlann Náisiúnta ann ó 1986 ach fós féin tá 150 comhlacht Stát a tháinig ar an bhfód ó shin i leith nach bhfuil dualgas dleathach orthu a dtaifid a choinneáil nó a chartlannú. Tá sé sin náireach,” a dúirt Ní Charra.

Tá Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, i measc an 150 comhlacht sin. Cé go gcloistear uaireanta go gcuireann RGCS (Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí) bac ar chomhlachtaí ar nós Tusla taifid a choimeád, ní aontaíonn Ní Charra gur chúis mhaith í sin.

“Tá na taifid seo ar fud na tíre agus níl siad stóráilte i gceart. Is i ndiaidh na hoibre sin a thagann ceist an RGCS chun cinn. Ach ní dhéantar an obair bhunúsach sin chun iad a chaomhnú. Tá cearta ag daoine rochtain a fháil ar a gcuid taifid féin - níl sé sin indéanta mura bhfuil na taifid catalógaithe nó caomhnaithe. Tá obair le déanamh chun an t-acht sin a láidriú.”

“Go ginearálta, aon sórt comhlacht stáit a thagann ar an bhfód ag an bpointe seo, ní thagann siad faoin acht. Is easnamh atá ann i ndáiríre, ní hé go ndearna siad é d’aon fhonn amháin.”

“Tá a fhios acu go bhfuil obair le déanamh agus tá siad ag tabhairt faoi ach tá siad rómhall. Nuair nach ndéantar an dlí a uasdátú, caitear brath ar dheá-thoil na gcomhlachtaí. Bíonn muid de shíor ag cur brú ar an rialtas ag éilimh orthu taifid an lae inniu a chaomhnú. Teastóidh na taifid reatha sin ó dhaoine amach anseo le heolas a fháil faoi na cinntí éagsúla a ghlacann an rialtas.”

“Ár stair féin atá i gceist. Baineann cartlanna na tíre seo le chuile dhuine agus tá obair le déanamh againn chun gur féidir rochtain a fháil ar na cartlanna sin.”

“Is taifid ar rudaí a tharla i bhfad ó shin atá i gcartlanna an lae inniu, ach maidir le heachtraí a tharlaíonn anois, beidh siad sin i gcartlanna sa todhchaí.”

Na Ceithre Chúirteanna

Ar 30 Meitheamh, 1922, ag tús an Cogadh Cathartha, loisceadh Oifig Taifid Phoiblí na hÉireann agus cailleadh cnuasach seacht gcéad bliain de thuairiscí staire agus ghinealais na tíre.

Ach beagnach 100 bliain níos déanaí, rinne meitheal ilchineálach ar ar tugadh ‘Ó 2022 amach: Taisce Thaifead Fhíorúil na hÉireann’, iarracht an lón ábhar a bhí caillte a athchruthú.

Roimh 1922, nuair a bhíodh daoine ag iarraidh rochtain ar cháipéisí a bhí á gcoinneáil in oifig nó i gcartlann, dhéantaí tras-scribhinn orthu, dhéanadh cléirigh cóipeanna lámhscríofa. Mar sin, scaipeadh cóipeanna ar fud an domhain agus tá fáil ar chuid acu i gcónaí. Ainneoin gur scriosadh na bun cháipéisí, bhíothas in ann teacht ar chuid acu sin.

“Rud eile a chabhraigh ná go raibh grianghraif a tógadh roimh an dóiteán den fhoirgneamh ina raibh an chartlann lonnaithe. Anuas ar sin, bhí liosta fós ar fáil de na cáipéisí a bhí ar na seilfeanna roimh an tubaiste,” a dúirt Ní Charra.

Cíoradh cartlanna agus leabharlanna ar fud na cruinne san iarracht an t-ábhar a thabhairt chun solais arís agus é a chur i láthair i bhfoirm dhigiteach. Is féidir toradh a gcuid oibre a fheiceáil ag an suíomh virtualtreasury.ie.

Téarmaíocht

Chomh maith lena cuid oibre ar chartlann Mháire Mhic Róibín, tá Ní Charra i bhfeighil chartlann Chonradh na Gaeilge. Tá níos mó ná 600,000 mír sa chartlann áirithe sin agus seoladh cnuasach digiteach le 60,000 mír ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne, i mbliana.

Thug Comhairle Idirnáisiúnta um Chartlanna aitheantas foirmiúil do thionscadal a bhí faoi stiúir Ní Charra cúpla bliain ó shin nuair a cnuasaíodh 200 téarma Gaeilge a bhaineann go sonrach le ceird na cartlannaíochta.

“Agus mé ag obair ar chartlann Chonradh na Gaeilge thug mé faoi dhearadh nach raibh catalógú déanta ach ar bhonn ad hoc. Níl formhór chartlanna na tíre seo ar fáil i nGaeilge. Ní hamháin sin, ach ní raibh téarmaíocht inghlactha ar fáil.”

Nuair atá comhsheasmhacht chomh tábhachtach agus atá sa ghairm áirithe seo, ní féidir tabhairt faoi phleanáil chorpais dá uireasa.

“Tá 200 téarma cartlanna i nGaeilge againn anois,” a dúirt sí.

Gairm

Dá mbeadh éinne ag smaoineamh ar chartlannaíocht mar ghairm, níl ach cúrsa amháin ar fáil faoi láthair. Tráth dá raibh bhí ar chartlannaithe céim staire a bheith acu. Ach, mar a deir Ní Charra, a bhfuil céim innealtóireachta aici agus ar cheoltóir cumasach, cáiliúil í freisin, tá athrú tagtha ar an nós sin anois.

“Ós é go bhfuil an oiread sin cineálacha cartlanna i gceist anois, tá sé tábhachtach go mbeadh ilghnéitheacht agus éagsúlacht ann ó thaobh an chartlannaí de,” a deir sí.

Ó thaobh na hoibre de, is féidir leis rian den bhleachtaireacht a bheith air ó am go chéile. “Uaireanta, tarlaíonn sé go dtagann tú ar an lúb ar lár. Bíonn tú ag féachaint ar ábhar éigean a bhí sa nuacht b’fhéidir fiche bliain ó shin agus nuair a bhí daoine á phlé ní raibh fáil acu ar an eolas ar fad,” a dúirt Ní Charra. “D’fhéadfadh go dtiocfá ar litir nó ar phíosa eolais éigean agus go hobainn smaoiníonn tú ‘ah, anois tá ciall leis sin,’” a dúirt sí.

Imeachtaí

Tá imeachtaí á reáchtáil an tseachtain seo chun aird a tharraingt ar chartlanna na tíre agus ar an obair a dhéantar chun oidhreacht chultúrtha na tíre a chaomhnú. “Teastaíonn uainn an scéal a scaipeadh ionas go mbeadh a fhios ag an bpobal go bhfuil na cartlanna seo ann, go bhfuil rochtain acu orthu, agus go mbeadh aird ag an rialtas agus ag na polaiteoirí ar an obair agus go dtuigfidís go bhfuil tacaíocht de dhíth i gcónaí,” a dúirt Ní Charra.

Breis eolais: araireland.ie/explore-your-archives

Téarmaíocht: araireland.ie/resources

Eolaire: araireland.ie/archives-directory

Read More

Recommended