FOCLÓIR: Girseach – young girl; cionn agus – because; fóirsteanach – fitting; uilíoch – universal; chan amháin – not only; saol na craoltóireachta - world of broadcasting; bródúil - proud; tairbhe - benefit.
‘Ní féidir scéal an cheoil traidisiúnta le caoga bliain anuas a insint gan cuimhneamh ar an ról lárnach a bhí ag an stáisiún raidió amháin sin a lua i gcuimhne, i gcothú, agus i gceiliúradh cheol na nGael.”
Sin mar a chuireann an ceoltóir aitheanta Máiréad Ní Mhaonaigh tús le Ceol na nGael, clár a chraolfar an tseachtain seo mar cheiliúradh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheith caoga bliain ar an bhfód i mbliana.
Téann Ní Mhaonaigh ar chamchuairt ó dheas ó Dhún na nGall chomh fada le Gaeltacht Chiarraí le léargas a fháil ar thábhacht an stáisiúin don cheol agus i saol na ndaoine ar chósta thiar na hÉireann.
Casann sí le daoine aitheanta a bhaineann le saol na craoltóireachta - Neansaí Ní Choisdealbha agus Áine Hensey ina measc agus casann sí ceol in éineacht le Méabh Ní Bheaglaoich, Sarah Ghriallais agus Muireann Nic Amhlaoibh, gan ach triúr a lua.
Díreach fillte as Meiriceá lena buíon cheoil, Altan, a bhí Ní Mhaonaigh nuair a labhair sí le Tuarascáil ón mbaile i gCo Dhún na nGall.
Is i gceartlár a baile dúchais, Gaoth Dobhair, a chuir Ní Mhaonaigh tús le camchuairt an chláir.
Is fóirsteanach an láthair é mar gur ann a tháinig clár-reachtairí Raidió na Gaeltachta caoga bliain ó shin le réamhthaifeada a dhéanamh sular osclaíodh an stáisiún go hoifigiúil.
“Tá cuimhne agam orthu ag teacht go dtí teach mo mhuintire, iad ag cur m’athair faoi agallamh agus ansin chan mé féin cúpla amhrán,” a dúirt Ní Mhaonaigh.
“Bhí mé iontach bródúil go raibh siad i mo theachsa, agus ag an am sin, gan mise ach i mo ghirseach bheag.”
Lá mór a bhí ann nuair a seoladh an stáisiún go hoifigiúil, Domhnach Cásca, 1972.
Tuairiscíodh go raibh sceitimíní ar go leor Gaeilgeoirí agus iad ag fanacht ar chéad chraoladh stairiúil an stáisiúin lán-Ghaeilge.
“Ag fanacht, ag feitheamh le Domhnach na Cásca agus an chéad chraoladh de raidió na Gaeilge agus [leis an lá] go mbeadh ár raidió féin againn, agus bhí sin iontach, iontach tábhachtach,” a dúirt sí.
“Sílim, dúinne mar Ghaeil agus mar mhuintir Ghaeltachta, go raibh aitheantas á thabhairt dár dteanga a bhí ag dul i léig le blianta, blianta fada.”
“Thug sé seo cineál dóchas dúinn agus dóchas domhsa, a bhí i mo ghirseach óg, nach raibh mé ag dul ar gcúl cionn agus go raibh mé ag labhairt na Gaeilge [agus] go raibh todhchaí agus go raibh saol amach romham.”
“Agus bhí sé sin iontach tábhachtach,” a dúirt sí.
Dúradh go minic go raibh Raidió Teilifís Éireann féin beag beann ar mhúnlaí an cheoil dhúchasaigh agus sular cuireadh tús le Raidió na Gaeltachta ní mórán den cheol traidisiúnta a chloistí ar na haerthonnta.
“Bhí Céilí House ann, bhí Ciarán Mac Mathúna ag déanamh obair na gcapall é féin ach ní raibh an oiread sin cláracha ann ina gcluinfeá ceol Gaelach,” a dúirt Ní Mhaonlaigh.
Ní amháin gur thug an stáisiún nua deis do cheoltóirí a gcuid ceoil a chraoladh, deis foghlama a bhí ann don lucht éisteachta freisin.
“Tá cuimhne agam a bheith ag éisteacht leis an raidió agus go mbíodh téipthaifeadán beag agam agus go mbínn ag taifead portanna nár chuala mé roimhe sin, agus á bhfoghlaim,” a dúirt Ní Mhaonaigh.
“Bhí cuid mhór daoine á dhéanamh sin! Bhí sé ag tabhairt ár gcultúir dúinn, ag tabhairt brí agus borrtha úir don chultúr agus don cheol agus do na hamhráin.”
Sular bunaíodh Raidió na Gaeltachta ba nós le muintir na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge casadh ar a chéile ag Oireachtas na Gaeilge uair sa bhliain.
Ach ón uair a tháinig Raidió na Gaeltachta ar an bhfód ní ar ardáin nó ar stáitsí nó i dtithe ósta amháin a d’éistfí le scoth an cheoil dúchais a thuile, ach i dtithe ar fud na tíre.
“Thug sé an tOireachtas agus an tsiamsaíocht isteach sa chistin agus bhí muid ábalta éisteacht le chéile agus b’fhéidir tuigmheáil níos mó a fháil ar na canúintí, ar na dóigheanna a deir daoine rudaí, agus nathanna cainte agus achan rud mar sin,” a dúirt sí.
Áis luachmhar ceoil atá sa stáisíun i gcónaí, áit ar féidir cluas a thabhairt le héisteacht le ceol agus stíleanna nua.
“Sílim gur sin an mhaith is mó atá déanta ag Raidió na Gaeltachta le caoga bliain – go bhfuil an ceol go láidir agus níos láidre ná mar a bhí sé riamh.”
“Chuidigh sé linn dúil a bheith againn in achan sórt stíleanna agus iad a aithint níos fearr. Agus tá sé sin uilig tábhachtach dúinne, go speisialta dom féin mar cheoltóir gairmiúil.”
“Bíonn sé galánta a bheith ag éisteacht le ceol úr nár chuala mé roimhe, ceoltóirí úra nach bhfaca mé roimhe.
“Bíonn siad uilig ag éisteacht leis an raidió le cluinstin céard atá ag tarlú ná cluinstin cén duine úr atá ag seinm ná cén ceirnín úr a tháinig amach sa tseachtain a chuaigh thart,” a dúirt sí.
Níl le déanamh ag an éisteoir ach cúpla uair an chloig a chaitheamh ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta ar lá ar bith chun tuiscint a fháil ar cé chomh lárnach atá an ceol i saol an stáisiúin agus is dócha go bhféadfaí sraith deich gclár a dhéanamh faoin ábhar.
“Creidim go bhfuil sé deacair go leor ceiliúradh iomlán a dhéanamh ar an raidió taobh istigh d’uair an chloig nó mar sin,” a dúirt Ní Mhaonaigh.
“B’éigin dúinn rudaí a phiocadh amach, buaic phointí nó b’fhéidir na réaltanna móra atá beo anois agus a bhí ar an raidió i rith a saoil. Tá mé ag caint ar Sarah Ghriallais, Clann Uí Bheaglaoich, Muireann Nic Amhlaoibh agus daoine mar sin,” a dúirt sí.
“Bhí sé iontach tábhachtach dul ar cuairt acu sin agus a ndearcadh s’acusan a fháil ar cé chomh tábhachtach a bhí an raidió díofa. Bhí a gcuid scéalta féin ag achan uile dhuine acu.”
“Ach, an rud is tábhachtaí a shíl mise, ná go bhfuil aithne againn ar a chéile thríd an raidió,” a dúirt sí.
Dá mbeadh ar Ní Mhaonaigh breathnú ar aghaidh 50 bliain, cén bhail a bheas ar Raidió na Gaeltachta in 2072?
“Ba mhaith liomsa go mbeadh sé ag leathnú agus go dtabharfadh ár gcuid polaiteoirí aird agus cúram don raidió,” a dúirt sí.
“Níl muid mar mhionlach níos mó. Tá muid ag caint ar ár bhféiniúlacht féin agus ar ár séala féin sa domhan mór seo atá ag fás. Agus tá sé níos tábhachtaí ná am ar bith eile go mbeadh an fhéiniúlacht sin againn agus go speisialta croílár na féiniúlachta sin, ár dteanga.”
Tugtar léargas maith ar thionchar RnaG ar cheol thraidisiúnta na hÉireann le caoga bliain anuas sa chlár agus is léir freisin go bhfuil ábhar dóchais ann don chéad ghlúin eile.
Mar a deir Ní Mhaonaigh agus í ag cur clabhsúir leis an gclár “Anois, leathchéad bliain níos déanaí tá na síolta a cuireadh i 1972 faoi bhláth.”
Craolfar Ceol na nGael ar RTÉ a hAON ag 22.15 ar an 8ú Nollaig.