Tá sé de phribhléid agam a bheith i m’uachtarán ar Chonradh na Gaeilge i mbliana agus muid ag ceiliúradh 130 bliain ó bhunaigh Dubhghlas de hÍde agus Eoin Mac Néill ár n-eagraíocht teanga. Táimid mórtasach as an méid atá bainte amach againn ó 1893, bunú Sheachtain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (leasú), an chéad fheachtas de cheannaigh earraí Éireannacha agus go leor eile. Anois, tá rochtain ag gach éinne ar chuid dár stair sa chartlann a bhronnamar ar Ollscoil na Gaillimhe. Bhí ríméad orm cuid de na hábhair ón gcartlann atá digitithe ag an ollscoil a sheoladh ag Oireachtas na Gaeilge i mbliana, (tá fáil ar an ábhar ag: https://digital.library.universityofgalway.ie).
Táimid ag críochnú 2023 ar bhuaicphointe. Le linn chuairt ón Aire Stáit Patrick O’Donovan le déanaí ar Uimhir 6 Sráid Fhearchair, Ceann-Áras Chonradh na Gaeilge, fógraíodh go mbeidh comhpháirtíocht ann idir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Conradh na Gaeilge le hUimhir a 6 a fhorbairt mar lárionad Gaeilge sa chathair agus go dtógfar stair fhairsing an fhoirgnimh san áireamh chomh maith.
Comhoibriú eile atá ar bun againn le Roinn na Gaeltachta, agus a thugann ardú croí dom, ná an tionscadal Céad Míle Fáilte ina dtugtar deis do dhaoine nua sa tír an Ghaeilge a bhlaiseadh agus a fhoghlaim. Bhain mé an-sult as bualadh le grúpaí atá ag foghlaim na teanga.
Tá go leor oibre romhainn i 2024 a bhaineann leis an gcóras oideachais go háirithe. Ceann de na dúshláin is mó atá againn le tabhairt faoi ná líon na díolúine ó staidéar na Gaeilge sna scoileanna. Chláraigh mé mar bhall den Chonradh in 2009, ag an am sin bhí an Conradh i mbun feachtais leis an nGaeilge sa chóras oideachais a fhorbairt i slí comhtháite ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal. Cuireann sé alltacht orm go bhfuil an feachtas seo fós ar siúl againn toisc nach bhfuil polaiteoirí áirithe ag éisteacht linn. Tar éis stocaireachta le linn olltoghcháin i 2020, gealladh polasaí do mhúineadh chéad teanga na hÉireann ón réamhscoil go dtí an 3ú leibhéal, ach níor cuireadh tús leis an bpolasaí a fhorbairt fós cé go bhfuil an gealltanas luaite sa Chlár Rialtais reatha. Tá sé scannalach agus náireach breis agus 100 bliain ó bhunú an stáit ó dheas nach bhfuil aon pholasaí comhtháite ann do mhúineadh na Gaeilge ag gach leibhéal den chóras oideachais. In ionad gealltanas Rialtais a chomhlíonadh, tá sé beartaithe ag an Aire Oideachais tríocha nóiméad sa tseachtain a ghearradh ó mhúineadh na Gaeilge ó Rang a hAon go dtí rang a sé sna bunscoileanna. Ní bheidh ann ach ísliú sa chaighdeán leis an gcinneadh seo. Teip eile a bhaineann le gealltanais sa chlár Rialtais reatha ná an laghad Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí nua atá bunaithe faoin Aire Oideachais reatha in ainneoin an éilimh atá léirithe ag tuismitheoirí i roinnt mhaith ceantar ar fud na tíre.
Gladiator II review: Don’t blame Paul Mescal but there’s no good reason for this jumbled sequel to exist
What will €350,000 buy in Greece, Italy, France, Portugal and Galway?
Spice Village takeaway review: Indian food in south Dublin that will keep you coming back
What time is the Katie Taylor v Amanda Serrano fight? Irish start time, Netflix details and all you need to know
Mar thuismitheoir nua, tá lúcháir orm gur seoladh Cúla4 i mbliana, stáisiún teilifíse do pháistí óga (CoComelon as Gaeilge abú!).
I measc na mórspriocanna eile do 2024, sa bhreis ar an méid a gealladh dúinn sa chlár rialtais ó dheas, tá sé thar am go mbeadh Coimisinéir Gaeilge againn ó thuaidh. Chuaigh an reachtaíocht a bhaineann leis an nGaeilge ó thuaidh tríd breis is bliain ó shin ach níl an Rúnaí Stáit tar éis feidhmiú air. Beimid i mbun brú breise a chur air agus ar pholaiteoirí eile i Sasana agus ó thuaidh leis an méid a baineadh amach sa reachtaíocht a chur i bhfeidhm gan a thuilleadh moille.Mórsprioc eile atá againn do 2024 ná polasaí náisiúnta a bhaint amach don phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht. Bhí cruinnithe dearfacha againn leis an Aire Tithíochta, Darragh O’Brien, ach tá na treoirlínte pleanála Gaeltachta fós de dhíth, scéim deontais do thithíocht sa Ghaeltacht ag teastáil arís, breis feidhmeanna a bheith ag Údarás na Gaeltachta do thithíocht agus iad ar fad mar chuid de pholasaí náisiúnta. Ní bheidh ann don Ghaeltacht muna mbíonn muintir na Gaeltachta in ann cónaí san áit dúchais.
Beimid i mbun oibre i 2024 le cinntiú go gcuirfear na forálacha a bhaineamar amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (leasú) i bhfeidhm. Is maith é an tús a cuireadh le fógraíocht Gaeilge ó chomhlachtaí poiblí ach is gá a chinntiú go mbeidh na seirbhísí trí Ghaeilge atá geallta don Ghaeltacht agus curtha ar fáil níos foirleithne freisin agus go mbainfear amach an sprioc earcaíochta go mbeidh 20% de na daoine a earcófar san earnáil phoiblí faoi 2030 inniúil ar an nGaeilge agus ar an mBéarla.
D’fhoilsíomar eagrán na bliana seo de Céard é an Scéal?, taighde ina raibh staidéar déanta ar thuairimí an phobail ar an teanga. Bhí go leor le tógáil ó na torthaí, ach rud amháin a sheas amach ná go bhfuil an pobal linn.
Tá 73% den phobal ó dheas agus 53% den phobal ó thuaidh den tuairim gur chóir go mbeadh an deis ag gach páiste a fhaigheann a gcuid oideachais bunscoile trí Ghaeilge leanúint lena n-oideachas iar-bhunscoile trí Ghaeilge. Tá leath den phobal ó dheas a deir go roghnóidís scoil a mhúineann trí mheán na Gaeilge dá bpáistí dá mbeadh ceann ar fáil sa cheantar, tráth nach bhfuil fáil ach ag 8% de dhaltaí bunscoile agus 4% de dhaltaí meánscoile ar oideachas trí Ghaeilge. Tá deich n-uaire níos mó daoine den tuairim gur chóir go mbeadh deis ag gach dalta scoile freastal ar an nGaeltacht ar a laghad uair amháin i rith a laethanta scoile, i gcomparáid leo siúd den tuairim nár chóir.
Níl ansin ach cúrsaí oideachais. Tá 64% den phobal ó dheas den tuairim gur cheart caiteachas an stáit ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht a ardú go suntasach. Taispeánann na figiúirí seo go bhfuil an pobal linn, rud a bheidh muid ag léiriú do pholaiteoirí agus na páirtithe polaitíochta inár gcuid oibre amach anseo.
I mo ról mar uachtarán an Chonartha, táim ag taisteal na tíre ag bualadh le craobhacha. Den chéad uair mar uachtarán, thug mé cuairt ar chraobh den Chonradh thar sáile le linn mhí na Samhna. Tá formhór de na baill i gConradh na Gaeilge sa Bhruiséil idir 23 agus 28 mbliana d’aois. Daoine óga, éirimiúla, spreagúla. Sheolamar craobh in Ambasáid na hÉireann chun na Beilge. Ní hamháin go raibh na seomraí plódaithe- bhí slua de 50 duine taobh amuigh den Ambasáid. Chuir an coiste aithne ar an gConradh tríd an obair a dhéanann an Conradh sna coláistí tríú leibhéal agus in ollscoileanna ar fud na hÉireann. Labhair mé ag Traenáil na gCumann Gaelacha i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair – geallaim daoibh, agus seo gealltanas nach mbrisfear, tá todhchaí gheal i ndán don teanga.
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Our In The News podcast is now published daily – Find the latest episode here