Borradh na Gaeilge ar taispeáint i Sráidbhaile Laoise

D’fhreastail ochtó míle duine ar an bhféile uathúil seo agus bhí a bhformhór i láthair chun Kneecap a fheiceáil.

An slua a d'fhreastail ar cheolchoirm Kneecap ag féile na Picnice Leictrí i Sráidbhaile Laoise. Grianghraph: Anamaria Meiu
An slua a d'fhreastail ar cheolchoirm Kneecap ag féile na Picnice Leictrí i Sráidbhaile Laoise. Grianghraph: Anamaria Meiu

B’ábhar iontais agus áthais é an slua ollmhór a fheiceáil agus a chloisteáil ag canadh in ard a gcinn is a ngutha i nGaeilge ag féile na Picnice Leictrí i Sráidbhaile Laoise.

Le bheith cruinn, ní ag canadh a bhíodar go baileach, ach ag “cnagáil” nó ag “rapáil” agus liricí dána Kneecap á n-aithris acu de réir mar a spreag an bhuíon cheoil Fheirsteach an tsiamsaíocht ón phríomhstáitse.

D’fhreastail ochtó míle duine ar an bhféile uathúil seo agus bhí a bhformhór i láthair chun Kneecap a fheiceáil. Tháinig siad ina dtáinte, óna bpubaill agus ó ardáin eile ar an láthair, go leor acu ag caitheamh púicíní Kneecap agus brait na Palaistíne ar foluain ag go leor eile.

Más slat tomhais ar stádas comhdhaonnúil na Gaeilge é an cultúr reatha, ba chosúil ón méid a bhí le feiceáil – agus le cloisteáil - ag an bPicnic i mbliana go bhfuil bunús leis an ráiteas a chloistear go minic go bhfuil borradh faoin nGaeilge i láthair na huaire.

Podchraoladh Scéal (clé-d): Emma Ferrari (bean an tí), tánaiste nuacheaptha Chonradh na Gaeilge, John Prendergast, an t-iarrthóir neamhspleách don uachtaránacht, Catherine Connolly,  Alan Titley, scríbhneoir agus scoláire, agus an t-amhránaí agus gníomhaí pobail Eoghan Ó Ceannabháin. Grianghraf: Éanna Ó Caollaí
Podchraoladh Scéal (clé-d): Emma Ferrari (bean an tí), tánaiste nuacheaptha Chonradh na Gaeilge, John Prendergast, an t-iarrthóir neamhspleách don uachtaránacht, Catherine Connolly, Alan Titley, scríbhneoir agus scoláire, agus an t-amhránaí agus gníomhaí pobail Eoghan Ó Ceannabháin. Grianghraf: Éanna Ó Caollaí

Agus i bhfianaise an mhéid airde atá ar Kneecap, buíon a saothraíonn a gcuid go dátheangach, ba thráthúil go maith an plé a rinneadh mar chuid de phodchraoladh SCÉAL, clár a taifeadadh sa Phuball Gaeilge níos luaithe sa lá.

I measc na gcainteoirí bhí an t-amhránaí agus gníomhaí pobail Eoghan Ó Ceannabháin, an t-iarrthóir neamhspleách don uachtaránacht, Catherine Connolly, tánaiste nuacheaptha Chonradh na Gaeilge, John Prendergast, agus Alan Titley, scríbhneoir agus scoláire, le Emma Ferrari mar bhean an tí.

Rinneadh plé cuimsitheach ar raon leathan ábhar, lena n-áirítear an Phalaistín, stádas na Gaeilge, an t-iarchoilíneachas, agus oidhreacht an Ghorta Mhóir.

Ardán

Mar is léir d’éinne a fhreastalaíonn ar an bPicnic Leictreach, bíonn fuinneamh ar leith ann. Ní le ceol amháin a mhealltar an slua. Bíonn dalladh filíochta, grinn agus taispeántais ealaíne le blaiseadh thar an deireadh seachtaine freisin.

Ach ní ag an bPicnic amháin atá an díocas sin le sonrú. Dúirt Eoghan Ó Ceannabháin go bhfuil “an-fhuinneamh” thart faoi láthair ó thaobh ceoltóirí agus daoine ag cur suim sa nGaeilge agus sa gcultúr. Tá sé le brath “i measc daoine óga go speisialta,” a dúirt sé.

Catherine Connolly: “míchompordach” leis an gcoincheap go bhfuil deighilt “idir cúrsaí ealaíne agus cúrsaí polaitíochta.” 
Grianghraph: Alan Betson
Catherine Connolly: “míchompordach” leis an gcoincheap go bhfuil deighilt “idir cúrsaí ealaíne agus cúrsaí polaitíochta.” Grianghraph: Alan Betson

Cé gur thug an daonáireamh le fios go bhfuil níos lú daoine ag labhairt Gaeilge sna Gaeltachtaí go laethúil, dúirt an Ceannabhánach go bhfuil méadú tagtha ar an méid daoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt nó atá á foghlaim, “rud a léiríonn go bhfuil an suim ann ach nach bhfuil an tacaíocht ann ón stát agus ón rialtas.”

“Ma tá an tsuim ag méadú ba cheart go mbeadh líon na ndaoine a bhfuil an deis acu í a labhairt ag méadú chomh maith,” a dúirt sé.

Bhí dlúthbhaint aige féin sa bhfeachtas chun an teach tábhairne ceoil The Cobblestone a shábháil nuair a bagraíodh go leagfaí an áit chun óstán naoi stór a thógáil ina áit.

“Tá mé ag ceapadh go dteastaíonn an fuinneamh sin a úsáid, ní hamháin le bheith i mbun ócáidí cultúrtha, ach gur cheart brú pholaitiúil a chur ar an rialtas chun go bhfaighidh an fuinneamh seo seans teacht faoi bhláth i gceart,” a dúirt sé.

Ná bíodh sí ina maisiúchán ach bíodh sí ina cnámh droma maidir le gach rud a dhéanaimid sa tír seo.” John Prendergast, Conradh na Gaeilge

Ag tagairt do CEARTA, an agóid náisiúnta ar son na Gaeilge, atá le tarlú i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn 20 Meán Fómhair, dúirt John Prendergast, atá ina thánaiste ar Chonradh na Gaeilge, nach raibh ré chomh dearfach ann riamh “i dtaobh na Gaelainne”.

“Is gá dul amach ar na sráideanna, is gá brú a chur ar na polaiteoirí agus is gá go gcuirfear éileamh na bpobal Gaeltachta agus na bpobal Gaelainne \[faoina mbráid\] agus is gá go nglacfar leo,” a dúirt sé.

“Tá deiseanna ann. Tá a fhios againn go bhfuil an doras oscailte agus tá na polaiteoirí - roinnt acu - ag éisteacht linn, ach caithfear an státchóras ar fad a mhúnlú sa tslí is go mbeidh aird á tabhairt ar an nGaelainn. Ná bíodh sí ina maisiúchán ach bíodh sí ina cnámh droma maidir le gach rud a dhéanaimid sa tír seo.”

Dualgas

“Níl dualgas dá laghad ar an ealaíontóir rud ar bith a dhéanamh seachas breathnú isteach ina chroí féin,” a dúirt Alan Titley go neamhbhalbh.

“Ba mhaith le daoine é sin a rá, ach níl sé fíor dáiríre,” ar sé.

“Ar shlí, is cuid mhór den chultúr í an ealaín. Ní maith liom an focal ‘cultúr’ mar rud ar leith, mar polaitíocht is ea cultúr agus cultúr is ea polaitíocht. Má tá tú beo, sin iad na nithe go léir atá thart timpeall ort.”

Dar leis nach féidir deighilt a dhéanamh idir an dá rud. “Má thógann tú litríocht na Gaeilge, ag dul siar, má thógann tú scríbhneoirí go léir ón séú, seachtú agus ón ochtú haois déag - Seathrún Céitinn, Pádraigín Haicéad, Eoghan Ó Súilleabháin, Aogán Ó Rathaille - polaitíocht ar fad a bhí acu.

“An Aisling? Na hamhráin? Polaitíocht ar fad! Theastaigh uathu iad féin a chur in iúl maidir leis an saol a bhí acu ag an am sin.”

Dúirt sé gur ceann de na laigí ba mhó a bhí ar litríocht na hÉireann, idir Bhéarla agus Ghaeilge, ná gur bheag a scríobhadh ó dheas faoi ‘na Trioblóidí’, seachas cúpla eisceacht.

“Sheachain daoine an cheist go mór. Is dóigh liomsa gur theip mhór ba ea é sin. Níor theastaigh uainn aghaidh a thabhairt air,” a dúirt sé.

“Tá an chuma chéanna air faoi láthair. Bhí muid ag caint ar an bPalaistín, agus tá leisce ar dhaoine ar fhaitíos go gcuirfí frith-Sheimíteachas ina leith. Sílimse gur gá an ciúnas agus an tost sin a bhriseadh go hiomlán gan aon leithscéal.”

Dúirt Catherine Connolly go mbíonn sí “míchompordach” leis an gcoincheap go bhfuil deighilt “idir cúrsaí ealaíne agus cúrsaí polaitíochta.”

“Tá an dá earnáil fite fuaite ina chéile agus ba chóir go mbeadh,” a dúirt sí.

“Is deighilt mhínádúrtha atá i gceist nuair atá muid ag caint faoi chúrsaí polaitíochta gan caint faoi chúrsaí ealaíne.

“Ceapaim go dtugann ár stair tuiscint dhomhain dúinn ar leibhéal i bhfad níos fearr ná aon tír eile i ndáiríre. Tá freagracht orainn de bharr na staire sin, de bharr an Ghorta Mhóir, an tuiscint sin a úsáid,” a dúirt sí.

Dúirt Connolly, a bhí ar an gcéad iarrthóir dearbhaithe don Uachtaránacht, gur chóir díriú ar thíortha eile “taobh amuigh den Eoraip, taobh amuigh de na Stáit Aontaithe” - tíortha a bhfuil stair chomhchosúil lenár dtaithí féin acu ar bhealaí éagsúla – “agus obair leo as lámh a chéile.”

“Ní hamháin de bharr na staire atá againn ach de bharr an bhunreachta atá againn. Tá freagracht orainn faoin mBunreacht dul i dtreo réitigh shíochánta a fháil nuair atá cogadh ann.”

“Ba chóir dúinn éisteacht, ba chóir dúinn staidéar a dhéanamh, ba chóir an stair a léamh agus ansin freagraí a thabhairt agus a bheith sásta athrú sa treo ceart”.

“Níl an dara rogha againn. Tá muid in am thar a bheith baolach sa domhan agus sa tír seo ó thaobh cúrsaí neodrachta de.”

Chuir Eoghan Ó Ceannabháin tús leis an ócáid leis an amhrán Johnnie Seoighe, amhrán faoin nGorta Mór. An t-amhránaí Palaistíneach-Éireannach Róisín El Cherif a chuir clabhsúr leis an ócáid le leagan trítheangach de “Siúil a Rún”.

Beidh fáil ar thaifead den bpodchraoladh seo ar irishtimes.com/gaeilge.

Foclóir: Sráidbhaile - Stradbally; ochtó míle duine - eighty thousand people; cruinn - accurate; borradh - growth; dlúthbhaint - close connection; mínádúrtha - unnatural; neodracht - neutrality.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor.