“Is draíocht de chineál é an ceol domsa agus tá mé ag iarraidh a bheith i mo dhraíodóir.”

Is údar í Eithne Shortall a scríobh The Lodgers, It Could Never Happen Here, Three Little Truths, Grace After Henry, agus Love In Row 27.

Eithne Shortall: "Le déanaí, tá meas mór agam ar na réaltaí a bhí ag labhairt amach faoin méid atá ag tarlú sa Phalaistín, go háirithe i Meiriceá."
Eithne Shortall: "Le déanaí, tá meas mór agam ar na réaltaí a bhí ag labhairt amach faoin méid atá ag tarlú sa Phalaistín, go háirithe i Meiriceá."

Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?

Bhí mé an-tógtha le Bob Dylan agus mé i mo dhéagóir. Is ealaíontóir iontach é Dylan a bheith dúghafa leis agus tú óg mar tá ceirníní gan deireadh agus oiread stíleanna ann. Tháinig mé ar mo chéad cheirnín Dylan i mo theach féin - ba le mo thuistí é – ach d’éist mé leis faoi rún. Ní raibh mé ag iarraidh a bheith tógtha leis an gceol céanna le mo thuismitheoirí agus mé i mo dhéagóir! Bhí mé craiceáilte faoi Blonde on Blonde.

Eithne Shortall
Eithne Shortall

Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air?

Nuair a bhíonn meas i gceist, bím ag smaoineamh níos mó ar an duine féin ná ar an ealaín. Le déanaí, tá meas mór agam ar na réaltaí a bhí ag labhairt amach faoin méid atá ag tarlú sa Phalaistín, go háirithe i Meiriceá – tír ina bhfuil sé sin níos díobhálaí do do ghairm bheatha ná anseo. Daoine cosúil leis an aisteoir Mark Ruffalo, cuir i gcás. Ar ndóigh, tá ealaíontóirí Éireannacha ann freisin; Nicola Coughlan, Sally Rooney, Kneecap. Is liosta fada é!

Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lagtrá cruthaitheachta a shárú?

Níl aon fhreagra agam ach ba mhaith liom dá mbeadh. Is iad an eagla agus an bhuairt mo phríomhnaimhde. De ghnáth, níl aon dul as ach íde béil a thabhairt dom féin.

Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén tallann chruthaitheach ba bhreá leat a bheith agat/a fhiosrú?

Ceapaim gurb é an ceol an fhoirm ealaíne is fearr. Is féidir le hamhrán gach mothúchán a dhúiseacht laistigh de dhá nóiméad. Ní féidir leis an litríocht é sin a dhéanamh. Chomh maith leis sin, níl aon chumas ceoil agam. Is draíocht de chineál é an ceol domsa agus tá mé ag iarraidh a bheith i mo dhraíodóir.

Eithne Shortall: "Ceapaim gurb é an ceol an fhoirm ealaíne is fearr."
Eithne Shortall: "Ceapaim gurb é an ceol an fhoirm ealaíne is fearr."

Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?

Is maith liom a rá gurb iad na leabhair a cheannaigh mo theach dom. Níl sé iomlán fíor – bhí morgáiste agus airgead i dtaisce agam freisin– ach gan mo scríbhneoireacht, ní bheadh an teach seo againn, agus beidh mé i gcónaí buíoch – agus bródúil – as sin.

Cad í an chomhairle is measa a fuair tú riamh?

Scríobh an leabhar ba mhaith leat a léamh.

Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh, agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad?

Scannán: The Family Stone. Mar tá mé ag freagairt na ceiste agus mé i mo shuí in aice le mo chrann Nollag nó, b’fhéidir, toisc gur scannán den scoth é is cuma cén séasúr atá ann. Nílim cinnte.

Sraith theilifíse: Gilmore Girls. Níl tada níos fearr ná mná ag comhrá go gasta agus tú faoi thalamh. (Tá a lán sraitheanna ann freisin.)

Leabhar: Salem’s Lot le Stephen King. Is breá liom an leabhar sin. Níos tábhachtaí ná sin agus mise i mo bhuncar, is leabhar fada é freisin.

Eithne Shortall: "I mbliana, bhí sé i gceist agam leabhar Gaeilge do pháistí a scríobh."
Eithne Shortall: "I mbliana, bhí sé i gceist agam leabhar Gaeilge do pháistí a scríobh."

Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?

Bhí sé go hiontach. Bhí a lán leabhar agus ceoil agus ealaíne ann. Bhí spéis ag m’athair san ealaín agus i gceardaíocht agus bhíodh mo mháthair i gcónaí ag léamh. Théimis chuig gailearaithe go minic agus chuig an amharclann freisin. Bhí an cultúr an-tábhachtach inár dteach agus bhí a lán measa againn air. Cé nach raibh aithne agam ar aon ealaíontóirí nuair a bhí mé óg, bhí a fhios agam gur gairm fhiúntach a bhí ann.

Cén saghas rudaí cruthaitheacha a rinne tú mar pháiste?

Bhí mé i gcónaí ag léamh agus ag scríobh – scéalta agus filíocht. Bhí mé an-tógtha leis an drámaíocht freisin. Bhí mé ag iarraidh a bheith i m’aisteoir agus mé i mo pháiste. Rinne mé roinnt ranganna drámaíochta gach seachtain agus bhínn i gcónaí ag cumadh drámaí sa chlós. Bhí cead againn iad a léiriú sa seomra ranga ar an Aoine.

Tá smaoineamh agam le haghaidh leabhar atá dírithe go sonrach ar pháistí atá ag tosú ag léamh as Gaeilge

An bhfuil saothar cruthaitheach amháin ar mhaith leat tabhairt faoi ach nach bhfuil tosaithe agat fós?

I mbliana, bhí sé i gceist agam leabhar Gaeilge do pháistí a scríobh. Thosaigh mo mhac ag léamh leis féin go fonnmhar i mbliana ach léann sé i bhfad níos mó i mBéarla ná i nGaeilge. Tá smaoineamh agam le haghaidh leabhar atá dírithe go sonrach ar pháistí atá ag tosú ag léamh as Gaeilge – leabhar magúil agus greannmhar ar féidir leo é a léamh leo féin. B’fhéidir an bhliain seo chugainn.

Cad iad na rudaí is fearr atá feicthe agat le déanaí?

The Death of Us le Abigail Dean, Slow Horses, agus Sinners. Agus seo an bhliain a thit mé i ngrá le Big Thief agus an príomhamhránaí Adrianne Lenker.

Cad iad na hionaid is fearr leat?

I mBaile Átha Cliath, is maith liom The Lighthouse agus Savoy mar phictiúrlanna. Is breá liom an Gailearaí Náisiúnta agus an Leabharlann Náisiúnta, áit a bhfuil an taispeántas iontach Seamus Heaney: Listen Now Again ar siúl. Agus thaitin sé go mór liom cuairt a thabhairt ar na Corpáin Phortaigh in Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Cad é an mhíthuiscint is mó atá ag daoine faoi do shaol mar scríbhneoir?

Go gcaithim an chuid is mó de mo chuid ama ag brionglóideach agus nach mbíonn aon bhrú orm riamh. Ar an drochuair, níl sin fíor.

Cad é do mhana?

‘A million ways to live’.

Una Mullally

Una Mullally

Una Mullally, a contributor to The Irish Times, writes a weekly opinion column