Cad é an chéad píosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?
Bhí mé an-tógtha le rapcheol mar dhéagóir. Thaitin an scéalaíocht liom agus cé chomh cruthaitheach a bhí sé - ag cruthú rudaí nua as seanrudaí. Tá scata albam ó Outkast (ATLiens, Speakerbox / The Love Below), Kanye (The College Dropout / Late Registration), Kendrick Lamar (Section 80 / Overly Dedicated) a chuaigh i bhfeidhm go mór orm. Sílim go bhfuil an tionchar sin le cloisteáil i mo cheolsa fós.

Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air?
Ceist fhíordheacair. Tá mé i ndiaidh meas a chailliúint ar chuid mhór de laochra m’óige. Thaitin Kanye/Ye go mór liom tráth, mar shampla, ach na laethanta seo, ní chreidim go bhfuil sé úsáideach dia a dhéanamh duine. Tá meas mór agam faoi láthair ar Mahmoud Al Ghrbawi – bíonn sé ag déanamh Parkour i nGaza, in ainneoin na mbuamaí, an ocrais agus an chinedhíothaithe. Tá dóchas agus meas ag dul leis sin.
RM Block
Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lag trá cruthaitheachta a shárú?
Cairde, ceol agus craic i ndáiríre. Caithim tréimhsí fada sa teach liom féin. Má táim greamaithe caithfidh mé mo chorp a bhogadh agus taithí nua a bheith agam, agus dul a chodladh. Tiocfaidh sé ansin.
Sílim go bhfuil mo ghlúin ag aimsiú ár ngutha - i ndiaidh 100 bliain den neamhspleáchas sa deisceart, tá ré nua á tosnú.
Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén gort cruthaitheach ar bhreá leat a bheith gníomhach ann nó ba mhaith leat a fhiosrú?
Táim ag díriú ar an albam agus seó OISÍN sa Dublin Fringe Festival. Athinsint nua-aimseartha atá ann ar scéal Thír na n-Óg. I mo leagansa, imíonn Oisín ar eisimirce chuig Tír na nÓg - ní ar chapall bán an uair seo ach ar eitleán Ryanair. Sa todhchaí ba bhreá liom clár teilifíse a chruthú leis an scéal céanna sin. Tá an oiread sin sa scéal. Má tá aon duine á léamh seo atá ag iarraidh cabhrú – téigh i dteagmháil liom!
Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?
D’iarr an rapálaí Tempermental Miss Elayneous orm teacht isteach sa scoil ina bhfuil sí ag múineadh i gCabrach agus labhairt leis na páistí faoi mo cheol féin agus faoin athinsint ar scéal Oisín i dTír na nÓg. Bhí siad á úsáid chun Gaeilge a fhoghlaim agus bhí an-suim acu ann – bhí mé fíorshásta leis sin, is iad todhchaí na tíre – agus is laoch agus OG í Miss Elayneous, táim ag éisteacht léi le fada.
Cad é an rud is deise a dúirt ealaíontóir eile leat riamh?
Go gcloiseann siad a saol féin i mo scéalsa. Tá mé ag iarraidh mo scéal féin a insint le hOISÍN, chomh maith le taithí mo ghlúine agus na n-eis/aisimirceach timpeall an domhain. Nuair a aithníonn daoine na mothúcháin, cuireann sé gliondar orm.
Cad é an chomhairle is measa a fuair tú riamh?
Gan ceol a chruthú – nuair a bhí mé níos óige, dúradh liom nach raibh mé go maith ag canadh nó ag seinm. Nuair a bhí mé níos sine, shíl daoine go raibh sé ródhéanach. Ach tá ceol ag gach duine agus níl sé riamh ródhéanach é a aimsiú!
Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh, agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad?
Sraith – ‘Atlanta’, tá sé dochreidte ar gach leibhéal.
Scannán – b’fhéidir The Wind That Shakes The Barley, breathnaím air arís is arís (táim ag súil go mbeadh braon fuisce sa mbuncar chomh maith.)
Leabhar – Old Path White Clouds le Thicht Nhat Han, chuaigh sé i bhfeidhm orm go mór.
An raibh aon mhúinteoir inspioráideach agat?
Bhí an-chuid múinteoirí iontacha agam, d’fhreastail mé ar ghaelscoil agus bhí dearcadh soiléir ag roinnt mhaith den fhoireann – faoin nGaeilge, faoin gCríostaíocht agus faoin gcumannachas fiú. B’fhearr liom an phágántacht na laethanta seo ach d’fhoghlaim mé roinnt mhaith uathu. Bhí múinteoir ealaíne den scoth againn chomh maith, Sinéad Ní Mhaonaigh, is péintéir iontach í.
Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?
Níl aon ealaíontóirí i mo chlann ach bhí an-suim ag mo thuistí ann agus thug siad mé féin is mo dheartháir chuig dánlanna srl, go háirithe nuair a chuamar ar cuairt chuig mo chol ceathar sa Fhrainc. Bhí sé sin an-tábhachtach domsa. Bhí mé ag léamh a lán chomh maith - bhí jóc ann go mbeinn ag léamh is mé ag trasnú an bhóthair. Bhí Gaeilge ag mo dhaid chomh maith agus cur amach aige ar an gceol traidisiúnta.
Cén saghas rudaí cruthaitheacha a rinne tú mar pháiste?
Bhí mé ag scríobh agus ag tarraingt ó aois óg. Bhain mé an-sult as. Sílim go bhfuil úrscéal agam áit éigin ar cúpla bloc A4. Ní rabhas ag plé leis an gceol go dtí go raibh mé i m’fhichidí. Bhí an caighdeán ceoil chomh hard i mo scoil gur shíl mé nach raibh mé in ann aige - botún mór. Tá ceol ag gach aon duine ach é a aimsiú.

Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá, agus cén fáth?
Chonaic mé Kanye / Ye le mo dheartháir nuair a bhí mé i mo dhéagóir ar saoire sa Fhrainc, ag féile jazz i Nice. Bhí sé nua ag an am agus bhí slua beag ann – b’fhéidir céad duine! Ní raibh ann ach gnáthdhuine an tráth sin. Speisialta.
An bhfuil saothar cruthaitheach amháin ar mhaith leat tabhairt faoi ach nach bhfuil tosaithe agat fós?
Tá cúpla rud ar intinn agam do OISÍN. Chomh maith leis sin ba bhreá liom níos mó a dhéanamh chun ceol na hÉireann a nascadh le ceol ó thíortha éagsúla, faoi bhrat an díchoilínithe.
Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo, a léigh tú, nó atá feicthe agat le déanaí?
Bhí féile ‘Macalla’ i gCill Dara binn. Briseadh deas ón gcathair a bhí ann. Is breá liom amhránaithe an chlub i dteach Briody, cloisim amhráin nua gach uair. Táim ag léamh leabhar Dean Van Nguyen faoi Tupac faoi láthair Words For My Comrades, tá sé an-mhaith. Bhí mé ag athléamh freisin na leabhar Americanah le Chimanda Ngozie Agodichie agus Brick Lane le Monica Ali – le gach rud atá á phlé faoi láthair bhí sé suimiúil breathnú siar ón mbomaite seo chuig taithí na n-imirceach agus na ndiaspóraí timpeall 2000 agus tionchar 9/11 sa dá leabhar. Thaitin an scannán Sinners liom chomh maith ach shíl mé go bhféadfaidís dul níos deimhne leis an nasc idir na Gaeil agus daoine de dhath i Meiriceá ag an am sin – neart le plé!
Cad iad na hionaid, na gailearaithe nó na pictiúrlanna is fearr leat?
Is aoibhinn liom Músaem Náisiúnta na Seandálaíochta, Sráid Chill Dara. Cloigeann Chorr Leice, na seoda óir agus na coirp phortaigh.
Cad a cheapann tú faoi chaighdeán na n-ealaíon in Éirinn faoi láthair?
Tá an caighdeán an-ard i ndáiríre. Deirim i gcónaí go bhfuil an saol i mBÁC i ndiaidh athrú go hiomlán. Nuair a bhí mé níos óige, ní raibh sé chomh héasca ealaín agus ceol nua-aimseartha agus Gaelach a aimsiú. Ach sa lá atá inniu ann, tá saibhreas ealaíon ann ach níl na spásanna ann chun sult a bhaint as – tá an oiread sin ionaid chultúrtha imithe, agus tá gach rud chomh costasach. Bhíodh níos mó craic againn sna 2010idí le bheith ionraic, cé nach raibh an athbheochan faoi bhláth. Caithfear níos mó a dhéanamh chun go mbeidh daoine óga in ann maireachtáil sa chathair.
Cad é an mhíthuiscint is mó atá ag daoine faoi do shaol mar ealaíontóir?
Ceapann daoine gur leathanach méime mé. ‘An tusa an riarthóir don leathanach méime Blue Niall’ a d’iarr duine orm sa phub – ní raibh a fhios acu cé mé féin.

Cén cineál áite a spreagann thú?
Is aoibhinn liom na ciorcail liag, na dolmainí agus na struchtúir mheigiliteacha. Mothaím gar do na sinsir. Ach tá inspioráid le fáil sa chathair freisin, agus ar líne. Is é an chomhdháil idir an sean agus an nua a spreagann mé i ndáiríre.
Cad é an comhthéacs oibre is aistí ina raibh tú riamh?
Ceann brónach. Le déanaí bhí an deis agam a bheith ag déanamh rap i Músaem Náisiúnta an Ghorta Mhóir.
Bhí ócáid ar siúl chun dlúthpháirtíocht a léiriú don Phalaistín. Bhí sé osréalach a bheith san foirgneamh sin agus an stair athfhillteach a bhraith go croí.
Cad iad do thuairim faoi fhorbairt na Gaeilge sna healaíona in Éirinn?
Tá mé ar bís go bhfuil níos mó Gaeilge le cloisteáil in ealaíona na hÉireann na laethanta seo. Sílim go bhfuil mo ghlúin ag aimsiú ár ngutha - i ndiaidh 100 bliain den neamhspleáchas sa deisceart, tá ré nua á tosnú. Tá muintir an domhain tinn tuirseach den choilíniú agus den mheon a théann leis. Tá dearcadh eile ag teastáil – agus mar is eol dúinn, teanga eile, súil eile.
OISÍN: A Modern Retelling of the Legend of Oisín in Tír na nÓg ó Blue Niall agus St. Diabhal, mar chuid den Dublin Fringe Festival, sa Racket Space, BÁC 9, ar an 19 Meán Fómhair.
- Griangrafanna – éadaí ó Martha Textiles, griangraf - Cian Tisdall, Paradise Studios Oisín fringe artwork – ealaín le St.Diabhal