“Táimid i bhfad níos treise le chéile”

Ghlac Catherine Connolly páirt i bplé painéil de chuid Scéal ag an bPicnic Leictreach

Catherine Connolly ar láthair na Picnice Leictrí, áit ar ghlac sí páirt i bplé painéil de chuid an nuachtáin seo ag an deireadh seachtaine. Grianghraph: Alan Betson / The Irish Times
Catherine Connolly ar láthair na Picnice Leictrí, áit ar ghlac sí páirt i bplé painéil de chuid an nuachtáin seo ag an deireadh seachtaine. Grianghraph: Alan Betson / The Irish Times

Tá “bearna bhaolach” idir tuairimí an Rialtais agus na meán agus dearcadh mhuintir na tíre ar cheisteanna móra na linne.

Sin a dúirt Catherine Connolly agus í ag labhairt le Scéal ar láthair na Picnice Leictrí, áit ar ghlac sí páirt i bplé painéil de chuid an nuachtáin seo.

Dúirt Connolly, atá ar an aon iarrthóir amháin atá dearbhaithe go hoifigiúil i dtoghchán na huachtaránachta go dtí seo, gurb é an “cinedhíothú atá ar siúl sa Phalaistín” an sampla “is soiléire” den bhearna seo.

“Ach tá neart samplaí eile ann,” a dúirt sí.

Ina measc sin tá cúrsaí tithíochta, “áit a bhfuil na figiúirí ag ardú an t-am uilig” agus “an t-athrú aeráide”.

Mhaígh sí gur rud “baolach” é an bhearna sin.

Ag tagairt don chiníochas atá le brath in Éirinn le blianta beaga anuas, dúirt Connolly, atá ina Teachta Dála do Ghaillimh Thiar ó 2016 i leith, go bhfuil “freagracht ar gach polaiteoir, beag beann ar an ról atá acu sa chóras áitiúil, sa Seanad nó sa Dáil, seasamh in aghaidh an chiníochais.”

Mar Uachtarán, dúirt sí go mbainfeadh sí úsáid as a guth “chun daoine a mhealladh agus béim a chur ar an ilchineálachas.”

Dúirt sí go bhfuil an-chuid ama caite aici ag tabhairt cuairt ar phobail fud fad na tíre agus “nach bhfuil an dearcadh sin ag formhór na ndaoine.”

“Ach tá dream beag ann atá an-láidir agus tá siad ag úsáid a ngutha chun teachtaireacht atá mícheart a scaipeadh.”

Luaigh Connolly gur thug sí cuairt ar phobal an Phoirt Thoir, i mBaile Átha Cliath, le déanaí, “áit a bhfuil obair na gcapall á déanamh ag daoine agus ag dreamanna ar an talamh.”

“Tá fadhbanna agus dúshláin sa cheantar, ach tá na réitigh againn. Ach tá gá leis [na fadhbanna] a aithint agus tá gá le hacmhainní.”

“Dúradh linn nach fadhb a bhí sa chiníochas taobh amuigh de líon beag daoine,” a dúirt sí, ach cháineadar ”an bealach atá an Rialtas ag déileáil le cúrsaí tithíochta agus ceist na dteifeach”.

“Níl aon leithscéal don chiníochas, agus ní ghlacaimid le haon leithscéal, ach ní mór domsa mar Theachta Dála breathnú isteach sa scéal - cén fáth a bhfuil na daoine le ceangal, cén fáth a bhfuil fearg orthu.”

“Táimid i bhfad níos treise le chéile,” a dúirt sí.

“Is féidir béim a chur ar cé chomh difriúil agus atá muid ar bhealaí éagsúla, ach ar an lámh eile, ar cé chomh cosúil is atá muid lena chéile.”

Maidir leis an gcáineadh atá déanta uirthi de bharr cuairt a thug sí ar an tSiria, áit ar chas sí le tacaí de chuid iar-Uachtarán na tíre sin, Bashar al-Assad, in 2018, dúirt Connolly nach bhfuil mórán airde á thabhairt ag an bpobal air.

“Tá deighilt idir an t-aisfhreagra atá mé ag fáil ar an talamh agus an rud atá á rá go hoifigiúil i gcuid de na meáin,” ar sise.

Dúirt Connolly, atá théis an-chuid taistil a dhéanamh fud fad na tíre le deireanas, go bhfuil ag éirí “go hiontach” lena feachtas.

“Tá a fhios agam go ndéarfadh gach polaiteoir é sin ach tá neart taithí agam ar chúrsaí toghchánaíochta agus [bíonn] a fhios agam nuair atá rudaí ag dul go maith nó nach bhfuil,” a dúirt sí.

Mar sin féin, dúirt sí go bhfuil sé “thar a bheith deacair” ó thaobh airgid de. Dá mbreathnódh éinne ar an gcostas a bhaineann le feachtas uachtaránachta, “ní bheadh sé de mhisneach acu” tabhairt faoi.

Ós rud é nach bhfuil Sinn Féin tar éis cinneadh a ghlacadh fós maidir le tacaíocht a thabhairt di nó a n-iarrthóir féin a chur ar aghaidh, níl tacaíocht aici ó cheann de na páirtithe móra.

Go dtí seo, tá tacaíocht ag Connolly ó Pháirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta agus Pobal Seachas Brabús. Tá sí ag brath go mór ar fhoireann dheonach agus ar shíntiúisí deonacha chun tacaíocht a thabhairt don fheachtas

“Is gluaiseacht atá i gceist” a dúirt sí.

“Tá glaoch ag dul amach le haghaidh €5 nó €10 a chur sa bhanc dúinn. Cuireann mise an luach céanna ar €5 nó €10 agus a chuirim ar €100," a dúirt sí.

Gaeilge

Dúirt Connolly freisin go nglacann sí leis go mbeadh Gaeilge ag “gach iarrthóir” san fheachtas uachtaránachta.

Dúirt sí nach raibh Gaeilge ó dhúchas aici féin ach gur fhoghlaim sí an teanga agus í ina méara ar Ghaillimh ó 2004-2005.

“Bhí mé in Lorient agus bhí mé in ann óráid a thabhairt i nGaeilge ach ní raibh mé in ann agallamh a dhéanamh. Sin nuair a dúirt mé ‘Níl sé seo sásúil a bheag ná a mhór mar mhéara’.”

Thosaigh sí ar leabhair Ghaeilge a léamh dá gasúir óga ag an am. Ghlac sí ranganna agus ar deireadh rinne sí cúrsa aistriúcháin chun barr feabhais a chur ar a cuid scileanna teanga.

“Ach níl aon mholadh tuilte agam,” a dúirt sí. Mhínigh sí go raibh “náire” uirthi nuair nach raibh sí in ann agallamh a dhéanamh i nGaeilge. “Ach níl náire orm níos mó.”

Dúirt Connolly, atá ina Cathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, gur mhaith léi a bheith “mar eiseamláir” do dhaoine ar mhaith leo an teanga a fhoghlaim.

“Is féidir an Ghaeilge a fhoghlaim,” a dhearbhaigh sí.

“Is foghlaim fad saoil é. Ní rud é a bheidh agat thar oíche” a dúirt sí, ach is teanga í a thugann ”léargas iomlán difriúil ar an domhan”.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor.