An bhanríon

CROBHINGNE DEIRTEAR GO bhfuil cuireadh fálta ag an mbanríon teacht chugainn ar cuaird oifigiúil

CROBHINGNEDEIRTEAR GO bhfuil cuireadh fálta ag an mbanríon teacht chugainn ar cuaird oifigiúil. Is rud maith é sin, mar is annamh a thugtar caoi dhúinn ar léiriú a dhéanamh ar an difear idir géillseanaigh agus saoránaigh. Géillseanaigh is ea na pobail mhí-ámharacha sin a thugann le fios go bhfuil duine dá muintir níos airde maidir le folaíocht de ná an gnáthdhuine.

Is é is saoránach ann duine atá ar chomhchéim ó thaobh an dlí de le gach duine eile, fág breabaireacht agus caimiléireacht agus ceannach as an áireamh. Rud mór le rá is ea an géillseanach nó an saoránach tú. Duine táir uiríseal beagmhaitheasach is ea an géillseanach; duine uasal lánchumasach comhchéimneach é an saoránach.

Ina choinne sin, níor cheart dúinn cur i gcoinne teacht banríona chun na tíre. Más maith le pobal ar bith cúrsaí folaíochta a chur chun tosaigh ar chúrsaí daonlathacha nó meabhrach, tá an ceart sin acu. Ní raibh sin riamh acu, gan amhras, murar shocraigh siad ceann is colainn a chur ó chéile ar an gcéad dul amach ar an tríú buille den tua ar an muineál ramhar. Nó bog nó bláth nó bán nó righin, nó pé saghas muinéil a bhí idir an cloigeann tiubh agus an croí gan trócaire.

Ach ina choinne sin arís ar ais, níor cheart a bheith ródhian ar bhanríona. Tá ceilte orthu gnáthshaol a chaitheamh, casadh le gnáthdhaoine, labhairt ar chúrsaí caide, caitheamh suas sa teach tábhairne, siopadóireacht a dhéanamh le málaí plaisteacha, pizza a ordú.

READ SOME MORE

Saol dian dualgais is ea saol na banríona, agus is deimhnitheach nach malartódh an té a bhfuil cónaí air i gcathair chairtpháipéir, nó nach bhfuil ruainne a choda le fail aige ar an ngort gortach, nó an cailín óg ar déanadh gach mísc uirthi san dílleachtlainn, is cinnte nach malartódh aon duine díobh sin a saol ar shaol uafásach banríona.

Níor cheart a bheith ródhian ar an mbanríon mar is banríon í, agus gach míbhuntáiste a bhaineann leis an bpost sin ag cur uirthi. Deacair di an pálás a fhágaint agus arán tirim seachas cístí milse a ithe gan aon duine í a aithint.

Dá éamais sin, is gnách nach mbíonn oiread san de chillíní inchinne ag banríon le cuimilt le chéile chun smaoineamh a mhúscailt, ach bíodh a mhilleán sin ar a sinsir sa chéad áit, óir ní cabhair rómhór é an t-insíolrú le gan fiarshúilí ná pluma-sa-bhéal ná cluasa cabáiste na cam reilige a bheith ar dhuine.

Eisceachtaí tá ann, gan amhras. Éilís a hAon Shasana ba bhean ardéirimiúil í le scata teangacha ar a gob aici agus cumas státaireachta dá réir. Caitríona Mhór na Rúise chomh maith céanna, bíodh is gur tháinig an réabhlóid i bhfad ródhéanach le stop a chur lena cuid sodair trí chorpáin na cóipe.

Ní gá críoch mar sin a ghuí ar bhanríon an lae inniu, mar is léir gur chun maitheasa amháin atá sí. Liosta le háireamh is ea a bhfuil de chumainn charthanachta agus d’eagraíochtaí éagsúla chearta daonna a bhfuil sí ina héarlamh orthu. Is éifeachtaí an Clár Sábháilteachta Páistí a bhunaigh sí féin chun eolas faoin mí-úsáid a bhaintear as leanaí a chur os comhair an phobail ná ranna rialtais uile na críche.

Fairis sin, is í atá chun cinn ag áiteamh ar lucht gnó nach gá an timpeallacht a scrios chun brabús a dhéanamh, rud is annamh a thuigtear. Fairis sin, tá sí paiseanta ar son na comhthuisceana idirnáisiúnta agus tugann gach tacaíocht don oideachas domhanda, seachas d’aon oideachas cúng caol seicteach aontíre a mhórfadh na longa thar sáile ag creachadh na bhfearann dorcha lasmuigh.

Thar aon ní eile, áfach, dá dtiocfadh sí anseo, níor ghá dúinn aon bhuairt ná corrabhuais a bheith orainn dá dtarlódh aon timpiste di. I gcás timpiste do phearsa ríogúil ní foláir, de ghnáth, cúpla próca den fhuil ghorm a bheith ina luí timpeall, agus earra gann go maith is ea an fhuil ghorm in Éirinn seachas thall is abhus i muintir Néill agus Chonchúir. Ach is de shliocht na dteifeach í an bhanríon, agus dá réir sin, is fuil chomónta tháir dhearg atá ag gluaiseacht trína cuisleanna.

Níl smacht ar an ngrá, áfach, agus ní hinlochtaithe í má phós sí an Rí Abdullah bin Al-Hussein, nach raibh ach ina phrionsa ag an am nuair a bhuail an taom iad. Ní hamháin go ngabhann an Bhanríon Rania de chuid na hIordáine síos i measc na ndaoine ach tbhitterálaíonn agus féasbucálaíonn sí chomh maith céanna. Tá an chuma uirthi go dtuigeann sí smut maith den saol lasmuigh den phálás, agus go bhfuil a dóthain de mheabhair cinn aici rud éigin a fhoghlaim faoin stáitín againn féin, dá dtiocfadh sí anseo seachas aon bhanríon eile.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar