Ag féile cheoil Womad na bliana seo, i Malmesbury Shasana, bhí mé faoi gheasa, chan amháin ag an cheol, ach ag ceardlanna, bialanna, ollphuball na bpáistí, scannáin, filíocht, díospóireachtaí agus taispeántais ealaíne. Piú!
Is maith is cuimhin liom an chéad bhlaiseadh a fuair mé den phléisiúr a bhaineann le féilte ceoil, ag campáil amuigh faoin spéir i Ráth Cairn Glas na Mí, ag an chéad fhéile rac-cheoil Ghaeilge, RAC a hAon, nuair a bhí mé 14 bliain d’aois.
Ní raibh iomrá ar bith ar Guinness, girseachaí, ná ganjah an t-am sin, a chailleach.
Ach bhí ceol maith ann, cé nach n-aontódh m’athair bocht liom. Thug sé síob chun na féile dúinn – agus rith amach as an halla lena chluasa a shábháil ón mhiotal trom a chas Louis Ar Rocyrs as an Bhreatain Bheag.
Nuair a d’fhág mé Gaeltacht Thír Chonaill i 1987, ghlac mé go fonnmhar leis an saol galánta a bhronn ceolchoirmeacha beo sa Baggot Inn, agus Whelans, agus ionaid eile ceoil sa phríomhchathair orm.
Ansin sa bhliain 1990, thosaigh an Trip to Tipp, Féile Dhurlas Éile.
Cuideachta mhaith, campáil, ceol (maith agus olc), drochbhia agus smailceanna cnáibe.
Mhair sé ar feadh ceithre bliana agus bhí ceol aoibhinn le Elvis Costelloe, na Pogues, Primal Scream agus grúpaí móra na linne ann, measctha le ceol pianmhar ó Bryan Adams agus Chris de Burgh.
Spreag eispéiris na bhféilte sin mé le féile s’againn féin, an Fhéile Chraiceáilte, Craic na Samhna, a eagrú leis na grúpaí nua-aimseartha Gaeilge is fearr ó 1993 ar aghaidh.
Bhí an Fleadh Mór ar an Trá Mhór, i bPort Láirge, i mí Iúil 1993, ar cheann de bhuaicphointí na 1990í, áit a raibh an slua ceoltóirí idirnáisiúnta is tarraingtí dá bhfaca mé ag féile Éireannach riamh, ina measc, Bob Dylan, Van Morrison, Joan Baez, Jerry Lee Lewis, John Prine, Ray Charles agus Moving Hearts.
Agus an peaca is measa nár tharla an dara Fleadh Mór. Bhí sé eagraithe ag Vince Power ach, ar an drochuair, níor díoladh go leor ticéad.
D’athraigh Electric Picnic gach aon rud, nuair a thosaigh John Reynolds an fhéile sin i gContae Laoise sa bhliain 2004, mar gur thug sé éagsúlacht cheoil, cúrsaí ealaíne agus bia isteach sa mheascán fosta, mar a bheadh Glastonbury beag ann.
Ach d’éirigh an picnic mór, agus d’éirigh mise sean, agus d’éirigh mé níos beadaí faoi mo chuid ceoil.
Bainim sásamh as an phicnic i dtólamh, agus as an Phuball Gaeilge go háirithe, ach fágann an champáil pianta i mo dhroim ar feadh fada go leor ina dhiaidh agus an dianshlándáil mhíchairdiúil pian i mo thóin.
Ach bhí slánú i ndán don seanleaid seo.
Bhí mé ag brionglóidigh faoi a bheith ag freastal ar fhéile cheoil Womad, féile cheoil na cruinne sa Bhreatain, le blianta fada, ón uair gur thosaigh mé ag casadh ceoil as tíortha éagsúla ar fud an domhain ar RnaG sa bhliain 1993.
Ag an am sin, bhí mé ag iarraidh a bheith ábalta ceol níos nua-aimseartha a chasadh ar mo chuid cláracha, ach bhí fíorbheagán ceoil nua-aimseartha ar fáil i nGaeilge seachas ó laochra cosúil le Kíla, Bréag, Hyperborea, agus na Fíréin – a chas ag na Féilte Craiceáilte uilig.
Thosaigh mé ag casadh ceirníní le Nusrat Fateh Ali Khan ón Phacastáin, agus Geoffrey Oryema as Uganda, MC Solaar & Les Negresses Vertes ón Fhrainc, agus cuid mhór eile, ceol ar bith d’ardchaighdeán nach raibh i mBéarla.
Seo go díreach an cineál ceoil a bhí ag WOMAD ach ghlac sé chóir a bheith 20 bliain orm fáil a fhad leis.
Chuaigh mé ann den chéad uair, ceithre bliana ó shin, agus thit mé i ngrá leis an éagsúlacht cheoil d’ardchaighdeán agus áilleacht na hócáide, ar an phointe boise.
Ceol na cruinne sa chlábar a bhí againn ag Womud na bliana seo (mí Iúil) mar gheall ar an fhearthainn uilig a d’fhág na páirceanna thart timpeall ar na stáitsí ina sheascann sleamhain.
Ach bhí teas sa cheol agus sa chuideachta, go háirithe an 120 grúpa ceoil as 53 tír éagsúil a bhí ag seinm ar na hardáin éagsúla.
Bhí ceol spreagúil Bhangra ann ó Red Baraat as Brooklyn. Ceol a chuirfeadh drithlíní síos do chnámh droma ó na reibiliúnaithe Tuareg, Tinariwen. Ceol corraitheach ó Laura Mvula, agus rithimí spleodracha ón amhránaí uilechumhachtach Totó la Momposina as an Cholóim.
Chuir Peter Gabriel, a bhí ina bhall den ghrúpa Genesis tráth, tús leis an fhondúireacht cheoil, an Womad Foundation, chun ardán a sholáthar do cheoltóirí as tíortha eile go raibh ceol den scoth á chruthú acu ach nach raibh mórán airde á fháil acu sa chuid seo den domhan.
Ba é Gabriel a bhunaigh an lipéad ceoil Real World fosta a d’eisigh ceirníní le cuid de na ceoltóirí is fearr ar domhan, fríd na blianta.
Léiríonn Womad rud amháin, atá ar eolas go maith ag na Gaeil a théann ar oilithreacht bhliantúil go Flaitheas na nGael, Oireachtas na Gaeilge, is é sin, má chaitheann tú go maith leis na daoine atá ag freastal ar an ócáid, agus má chloínn tú le siamsaíocht d'ardchaighdeán, beidh lucht leanúna agat go deo. Is craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta é Rónán Mac Aodha Bhuí