Tá tuairiscí sna meáin na laethanta seo á rá go bhfuil an Ghaeilge sna Gaeltachtaí ag dul i léig nó ag fáil bháis, fiú.
Ach tá cumann leabhar againn-ne sa Rinn ina mbailímid chun leabhair Ghaeilge a phlé. Tugann an cumann, atá ag dul ó neart go neart, le fios dúinn-ne atá inár gcónaí anseo nach bhfuil aon chuma ar an scéal go bhfuil an Ghaeilge i gcontúirt.
Nuair a thagann léitheoirí an ghrúpa seo, Leabhair Linn, le chéile, ní bhíonn le cloisteáil ach Gaeilge cheolmhar uasal na nDéise.
Is leabhair Ghaeilge amháin a léimid agus bailímid gach dara mí i dteach éigin sa cheantar. Thosaigh ár gcumann i mí Feabhra 2014. Bhí lámh agam féin ina bhunú agus bhí mé buartha ag an tús nach gcuirfeadh léitheoirí na Gaeltachta suim ann. Ach tá breis agus 15 againn sa ghrúpa anois, muid ag bailiú le chéile go rialta chun na leabhair Ghaeilge is déanaí agus is ársa a phlé.
Tá sé soiléir go bhfuil ardtaitneamh á bhaint againn as. Tá suim léirithe ag go leor daoine eile ann ach seans go mbeidh orainn iad a chur ar liosta feithimh neamhfhoirmiúil!
Tá úrscéalta, bailiúcháin gearrscéalta agus leabhair bhéaloidis pléite againn fén am seo – i measc na n-údar atá curtha faoi scrúdú againn tá Anna Heussaff, Mícheál Ó Ruairc, Ré Ó Laighléis, Seán Mac Mathúna agus go leor eile.
Is é A Thig Ná Tit Orm le Maidhc Dainín Ó Sé an ceann is greannmhaire agus is taitneamhaí a léamar go dtí seo, dar le go leor sa ghrúpa. Ba é An Diabhal ar an Ól le Micheál Ó Conghaile an chéad leabhar a phiocamar agus cé go raibh sé neamhghnáthach a bheith ag léamh scéalta béaloidis ón gCian-Oirthear, chuir sé sinn ag machnamh. Bhí an comhrá an-bhríomhar an chéad oíche sin nuair a bhailigh seachtar againn le chéile.
Fé láthair tá dhá leabhar filíochta idir lámha againn – ceann le Louis de Paor agus ceann eile le scríbhneoir mór na nDéise, Pádraig Ó Miléadha. Beidh sé dúshlánach ach sin mar is maith linn é a bheith.
Bhí leabhar faoin Afraic faoi chaibidil againn an oíche dheireanach, leabhar nár thaitin liom féin, agus den chéad uair thugamar marcanna as deich don leabhar seo, Ó Chósta go Cósta le Frank Reidy. Thug mise ceithre as deich dó ach thug fear eile go raibh 20 bliain caite aige san Afraic 15 as deich dó.
Déanaimid iarracht a chinntiú ag tús na hoíche go mbíonn seans ag gach aoinne a thuairimí a nochtadh. Bíonn sé ina chomhrá mór tar éis tamaill.
Léamar An Sléibhteánach le Séamas Ó Caoimh níos luaithe i mbliana agus thaitin sé go mór linn toisc gur bhain sé linn féin, le hiarthar Phort Láirge, leis na Comaraigh agus na daoine a mhair ann ag tús an chéid seo caite. Chuaigh Ghaibh a Leithéid an tSlí Tráth, leabhar de chuid na háite le Pádraig Ó Fiannúsa, i bhfeidhm go mór orainn chomh maith.
Tá meascán de léitheoirí sa ghrúpa againn fén am seo – fear amháin ó Ghleann na hUidhre nach bhfuil a fhios agam cad é a ghairm ach go bhfuil Gaeilge aige agus suim aige sa litríocht.
In éineacht leis siúd, tá múinteoirí bunscoile agus meánscoile, máithreacha agus aithreacha, sagart amháin, léiritheoir teilifíse agus beirt nó triúr atá ar scor.
Cé go mbíonn cúraimí baile ar dhaoine, déanaimid iarracht freastal ar an gcruinniú dé-mhíosúil seo mar tá suim againn go léir ann. Is aoibhinn linn a bheith ag caint faoi leabhar atá díreach léite againn. Tá an t-ádh linn mar tá cainteoirí den scoth sa ghrúpa.
I rith an tsamhraidh, titeann an tinreamh beagáinín nuair nach dtagann ach seachtar nó níos lú le chéile. Ach nuair atá an scoilbhliain faoi lán seoil d’fhéadfadh dosaen a bheith i láthair.
Súim féin Gaeilge álainn na Rinne agus an tSeanphobail isteach ag gach cruinniú agus cuireann réimse na gcomhráite ionadh orm – logainmneacha, foghraíocht, foclaíocht, stair, oideachas, cultúr, seanchas, ceol, rudaí pearsanta agus cúrsaí reatha a fhad is a bhíonn an leabhar á phlé againn.
Tháinig an grúpa le chéile an chéad uair mar thuig cuid againn go raibh dúil againn sa litríocht agus go dtabharfadh a leithéid deiseanna dúinn Gaeilge a labhairt.
Ach thar aon rud eile anois, tuigimid go dtugann an cumann leabhar seo léargas dúinn ar dhomhan rúnda litríochta.
Nílimid réidh chun an doras sin a dhúnadh anois.