Tá sé ráite…ní hea…is rómhinic curtha os ard é go bhfuil cúpla céad focal ag na hInuit nó na Yupik nó na hAleuit ar ‘sneachta’. Níl amhras faoi sin seachas ag roinnt bheag teangeolaithe nach ionann a gcuid tuairimí agus tuairimí roinnte teangeolaithe eile nach ionann claonsmaointe dóibh.
Ní cás dúinn beag is fiú a dhéanamh dínn féin. Toghaimid daoine chuige sin cheana féin. Íocaimid iriseoirí chun sinn a mhaslú gach maidin bhán. Fostaímid staraithe chun múineadh a chur orainn, ar eagla go mbeadh meas againn orainn féin uair éigin.
B’fhéidir go bhfuilimid gann ar fhocail don tsneachta suas is anuas lenár gcairde ó thuaidh, ach ní orainn atá an locht.
Conas ab fhéidir linn focail a bheith againn ar an sneachta sin a thiteann isteach ar chaol do bhróige, a leánn ar liopa do liopa, a itheann tú nuair a lingeann ar do theanga, a dhéanann cigilt i gcuaisín do chluaisín bhig laistigh, a phógann lus an chrom chinn, a chlúdaíonn bricín gréine ar chaol do láimhe, a bhuaileann smeach ort gan choinne, a thuirlingíonn ar do shúile nuair a fhéachann tú in airde, a shleamhnaíonn anuas ar imeall na liathróide sneachta, a mbaineann tú leas as chun do leiceann a fhuarú, a fhanann ar ghlantóirí an ghaothscátháin in ainneoin gach bualadh, a chuireann tú isteach i bpoll d’imleacáin ar son spóirt, a dtugann tú cic dó ar phábháil na sráide nuair atá a chairde go léir imithe, a ghliúcaíonn ort ó bharra an tsléibhe nuair is glaise gach ní eile ina thimpeall, a dhéanann faiteadh súl ort mar is buachaill dána é, a mhúsclaíonn le háthas i gcorp an gheimhridh istigh, a bheannaíonn duit ar do laethanta saoire ó na Sierra Nevada lasnairde, a stánann amach ort ó scáileán seanteilifíseáin, a fháiltíonn romhat ón mbéile sin a thóg tú amach as an gcuisneoir róluath, a cheapann gur siocán na ngrás é ar chnapán guail, a thugann tochas duit nuair is lú an coinne atá agat ar é a bheith san áit sin, a ghrinneann tú ar sciathán an eitleáin lasmuigh den fhuinneoig sin agus tú ar tí imeachta an rúidbhealach síos, a imíonn ar deireadh ó scáileán na teilifíse óna mbíonn tráchtairí na drochaimsire ag síneadh a gcuid méireanta chugat…?
Tá focail go leor mar sin ag na hEiscimigh cheana féin, ach ní chomh cruinn. Varadvrac ar shneachta atá milis ach nach bhfuil aon chothú ann, fiannaflac ar shneachta atá ann i gcónaí nach bhfeadair an bhfuil sé ag teacht nó ag imeacht, luchobarvlac atá beagnach leáite ar fad, muinnmuideóflac atá geal lasmuigh ach folamh laistigh, gríneoghlasóflac atá go hálainn ar fhéilirí an tsamhraidh, dúpoflac atá chomh cruaidh le Clochán an Aifir, fíonghealóflac a bhfuil cuma na háilleachta orthu mar chalóga ach a fhágann fuacht ar fud na tíre, núspleáchacflac a gheallann titim mar is rogha leo ach atá chomh mílítheach le gach cineál sneachta eile, bancaghoidóflac a mhúchann gach rud eile a thagann ina líon, bhultúrfundflac a scuabann gach aimsir eile amuigh ansin chun siúil…
Suas is anuas leis sin ar fad is bocht a bhfuil againn d’fhocail a bhaineann leis an mbáistigh dhúchais dá mhéid iad – is féidir leis an mbáisteach a bheith ag teacht ina tuile liag anuas de dhroim an tsléibhe ina clagar gan stad ag gleadhradh sa phus orainn agus ag roilleadh anuas ar an leiceann againn mar a bheadh sceana-ghréasaí ag taoscadh na spéartha lasnairde ar nós na díle féin ag doirteadh arís gan mhaois gan mhánas, agus fós féin ní bheimis mórálach as ár gcuid fearthainne áille féin a choinníonn an féar glasuaine, agus na daoine beaga ag fás.