Ní thagann fios roimh cheist. Go deimhin féin, tá fianaise ann i bhfad siar a thugann le fios gur mó an tábhacht atá leis an gceist ná an freagra.
Bhí obair iontach ó scoileanna na tíre ar taispeáint le déanaí mar chuid den fhéile eolaíochta – ag Taispeántas BT Eolaí Óg agus Teicneolaíocht san RDS i mBaile Átha Cliath agus ag Féile na hEolaíochta Bunscoile RDS i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Léiriú a bhí ann ar an dua a chaitheann na páistí agus na múinteoirí ar an bhfoghlaim go laethúil – agus an chruthaitheacht.
Rud eile a sheas amach i ngach ceann de na tionscnaimh ná an tábhacht a bhaineann le ceistiú agus fiafraí san fhoghlaim.
Ní inniu ná inné a fuaireamar tuiscint air seo, agus is fiú é a thabhairt chun cuimhne go rialta. Go deimhin féin, tá léargas suimiúil le fáil ar an bhfiafraí, má théimid siar go dtí dán a chum Muireadhach Ó Dálaigh sa bhliain 1213, Créd agaibh aoidhigh i gcéin (sa chnuasach Irish Bardic Poetry).
Líne amháin den dán atá mar ábhar spéise dúinn anseo ná, “Dá dtrian feasa fiafraighidh” – aistrithe go “dhá thrian feasa fiafraí” sa Nua-Ghaeilge.
Go bunúsach, tá an file ag tabhairt le tuiscint go mbaineann tábhacht mhór le ceistiú san fhoghlaim, agus gur fiú dhá thrian na feasa an fiafraí.
Dea-chomhairle atá ann mar sin, dóibhsean a bhíonn ag tacú le foghlaim daoine eile, nó ag foghlaim iad féin.
Is gá am a chaitheamh, ní hamháin ar cheist a chur, ach ar an bpróiseas fiafraithe ina iomláine.
Tá scil an mhúinteora rí-thábhachtach chun cabhrú leis an dalta san fhiafraí seo, mar atá léirithe, mar shampla, ag John Dewey ina theoiricí ar an gcur chuige eolaíoch agus modh an fhiosraithe.
Is é an cur chuige céanna a mholtar sa churaclam, cur chuige a bhí ar taispeáint sna tionscnaimh eolaíochta, ina raibh na heilimintí seo riachtanach – plé ar dtús, díriú ar fhadhb nó easpa éigin feasa, fráma a chur ar an bhfadhb, ceist a chur, tuairimíocht a dhéanamh, torthaí a thuar, fianaise a chuardach agus a bhailiú, torthaí a thaifeadadh, iad a phlé, moltaí a thabhairt agus conclúid a tharraingt.
Cúrs
aí eolaíochta
Cé gur cúrsaí eolaíochta atá faoi thrácht againn anseo, is léir go bhfuil an fiafraí riachtanach mar chuid den fhoghlaim scoile trí chéile.
Cothaíonn sé seo fiosracht sa pháiste – fiosracht i dtaobh na feasa atá ar fáil i ngach ábhar sa churaclam.
Agus tá baint ag an bhfiafraí le meon eile foghlama, an díograis, mar is é an fiafraí a choimeádann an páiste díograiseach i mbun cuardaigh.
Tá sé éasca a shamhlú conas a bhainfeadh páiste pléisiúr níos mó as a leithéid de thóraíocht feasa ná mar a tharlódh dá mbeadh an freagra ar fáil gan aon chuardach.
Ach tá éifeacht bhreise ag baint leis an líne filíochta seo sa mhéid is go bhfuil tomhas cinnte curtha in iúl do luach an fhiafraithe – fiú mura bhfuil ann ach meafar.
D’fhéadfaimis é a chur i bhfoirm matamaitice mar seo, 2/3 y = x, ina seasann y don fhreagra agus x don cheistiú.
Cuireann an chothromóid ar ár súile níos fearr ná aon mhíniú teoiriciúil ó théacsleabhair gur cuid riachtanach í an fiafraí.
Is fiú dhá thrian (2/3) na feasa an fiafraí, agus níl sa fhreagra ach an tríú cuid (1/3).
I bhfocail eile, ní féidir réiteach na faidhbe a thuiscint mura bhfuil tuiscint ar an bhfadhb féin.
Is gá féachaint chuige mar sin, oiread agus is féidir, go mbeadh deis ag an bhfoghlaimeoir fiafraí a dhéanamh agus an freagra a chuardach, seachas é a fháil ‘réamhdhéanta’ mar ábhar foghlama ar bheagán tuisceana.
Agus is den riachtanas scil an mhúinteora chun cabhrú leis an bpáiste ceisteanna fónta a chur agus fiafraí rathúil a chur i gcrích.
Meabhrú fileata agus matamaiticiúil in éineacht mar sin atá anseo ón 13ú haois gur cuid mhór den fhoghlaim í an fiafraí. Bhain a leithéid chéanna de theachtaireacht leis na tionscnaimh eolaíochta a bhí ar taispeáint le déanaí.
Agus in aois seo na faisnéise, is meabhrú dúinn ar fad, idir óg agus aosta, agus sa saol go ginearálta, gur maith an rud é a bheith ceisteach. Is stiúrthóir ar an bhForbairt Ghairmiúil Leanúnach i gColáiste Mhuire Gan Smál é an Dr Cathal de Paor